Ráiteas RTÉ maidir le TB 2018 an Choimisinéara Teanga
Tugann RTÉ ar aird torthaí Thuarascáil Bhliantúil 2018 an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu, an 4 Aibreán 2019.
Cé go ndeirtear sa Tuarascáil gur sháraigh RTÉ a chuid oibleagáidí faoi Acht Craolacháin 2009 i dtaobh an tsoláthair a rinneadh ar chláir Ghaeilge ar a chuid cainéal teilifíse líní, deirtear freisin go bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí tríd is tríd maidir le cláir nuachta teilifíse agus ábhar raidió. Chomh maith leis sin, níl na forbairtí nuálaíocha a chuir RTÉ chun cinn chun cur go mór le hábhar Gaeilge ar líne, ar na meáin shóisialta agus i réimsí an raidió dhigitigh agus an phodchraolta ag teacht faoi scóip na Tuarascála seo.
Tugann an Coimisinéir na nithe seo a leanas ar aird freisin:
Go bhfuil méadú seasta ar an méid a chaith RTÉ ar ábhar Gaeilge ó €21.262 milliún in 2014 go €24.455 milliún in 2017.
Go bhfuil laghdú de bhreis agus €100 milliún ar chistiú bliantúil RTÉ ón mbliain 2008 i leith (ó €440 milliún in 2008 go dtí €337 milliún in 2017).
Cé gur mian le RTÉ níos mó infheistíochta a dhéanamh in aschuir i réimsí mar an Ghaeilge, drámaíocht, eolaíocht, cláir do leanaí, sna healaíona agus cultúr fágann na srianta daingne caiteachais faoina bhfuiltear ag feidhmiú nach féidir sin a dhéanamh san am i láthair.
Cé go soláthraíonn RTÉ clár cúrsaí reatha (7Lá) mar chuid den dualgas reachtúil atá air díol 365 uair an chloig de chláir Ghaeilge a chur ar fáil do TG4 in aghaidh na bliana, ní bhaineann sé sin le seirbhís teilifíse RTÉ féin agus dá bharr tá sin lasmuigh de scóip na Tuarascála seo.
Cheap RTÉ an chéad Ghrúpcheannasaí Gaeilge in 2014; Cheap RTÉ Niamh Ní Churnáin ina Grúpcheannsaí Gaeilge an tseachtain seo caite, an dara duine sa phost sin.
Tá RTÉ ag breithniú thorthaí na tuarascála seo agus tabharfaidh freagra ar an gCoimisinéir Teanga sna míonna atá ag teacht.
RTÉ Statement regarding An Coimisinéir Teanga, Annual Report 2018
RTÉ notes the findings of An Coimisinéir Teanga in its Annual Report 2018 published today, 4thApril 2019.
While the Report finds RTÉ to be in breach of its obligations under the Broadcasting Act 2009 regarding the provision of Irish language programming on its linear television channels, it also finds that RTÉ is fulfilling its obligations regarding television news programmes and its radio output as a whole. Furthermore, innovative developments made by RTÉ to considerably increase Irish language material available online, on social media, in digital radio and in podcasting are not within the scope of this Report.
An Coimisinéir Teanga also notes the following:
There has been a steady increase in RTÉ’s expenditure on Irish language material from €21.262 million in 2014 to €24.455 million in 2017.
RTÉ’s annual funding has fallen by more than €100 million since 2008 (from €440 million in 2008 to €337 million in 2017).
While RTÉ wishes to increase investment in outputs in such areas as the Irish language, drama, science, children’s programmes and arts and culture, tight budget constraints have precluded such investments at present.
While RTÉ provides a current affairs programme to TG4 (7 Lá) as part of its statutory duty to provide 365 hours of Irish language programmes annually to TG4, this did not relate to RTÉ’s television service, so is also outside the scope of this Report.
RTÉ appointed a Group Head for the Irish language for the first time in 2014; RTÉ last week appointed Niamh Ní Churnáin as its second Group Head of Irish Language.
RTÉ is considering the findings of this report and, as requested, will respond to An Coimisinéir Teanga over the coming months.
CRÍOCH/ENDS