SCÉALTA ATÁ ÁBHARTHA DON LUCHT FÉACHANA – 43 DEN 50 CLÁR TEILIFÍSE IS FEARR CRAOLTA AR RTÉ
– Ba é an Late Late Toy Show an clár ba mhó lucht féachana ar theilifís na hÉireann agus ba é Normal People an clár ba mhó lucht féachana ar an RTÉ Player
– Ardú 36% ar lucht féachana an RTÉ Player
– Féachadh ar 8/10 de na cláracha do dhaoine 15-34 bliana d’aois ar Theilifís RTÉ
– Lucht féachana 15-34 bliana d’aois níos mó ag féachaint ar RTÉ agus ag féachaint air ar feadh tréimhsí níos faide
Ón dianghlasáil go dtí obair ón mbaile agus ag foghlaim ó chian, ba bhliain dhúshlánach a bhí sa bhliain 2020 do gach duine. Thosaigh níos mó agus níos mó daoine ag féachaint ar an teilifís i gcaitheamh na bliana chun fanacht ar an eolas, le hoideachas agus siamsaíocht a fháil agus ba é RTÉ rogha an náisiúin ar feadh gach seánra agus craoladh 43 as 50 de na cláracha is mó a raibh lucht féachana acu ar theilifís na hÉireann in 2020. Tháinig ardú 7% ar sciar lucht féachana don lá ar fad RTÉ go dtí 27.2% do gach cainéal. Tháinig ardú 12% ar sciar na ndaoine 15-34 bliana.
RTÉ: Ag taispeáint na laethanta maithe agus na ndrochlaethanta
I mbliain inar iarradh orainn fanacht sa bhaile a mhéid agus ab fhéidir, thug RTÉ daoine le chéile. Arís, ba é The Late Late Toy Show, ba mhó lucht féachana i rith na bliana. Bhí an clár ag barr rátaí lucht féachana TAM Ireland agus d’fhéach 1.7 milliún duine ar an meán ar an gclár seo a bhfuil an-tóir ag óg agus aosta ar fud na hÉireann air, clár nach ndéanfar dearmad air. Ba é an craoladh a rinne an Taoiseach a bhí ann ag an am, Leo Varadkar, ar Lá Fhéile Pádraig, an dara clár ba mhó lucht féachana in 2020. D’fhéach 1.6 milliún duine air sin.
RTÉ: Ag cur trácht cuimsitheach ar nuacht agus cúrsaí reatha ar fáil
Bhí Nuacht agus Cúrsaí Reatha go mór i measc na gcláracha is mó lucht féachana agus bhí réimse d’fheasacháin Nuacht RTÉ chomh maith le Prime Time, Claire Byrne Live, RTÉ Investigates agus Election 2020 uilig sa 20 clár ba mhó lucht féachana. Leanadh leis an siamsaíocht a bhaineann le spórt cé gur sa bhaile seachas sna seastáin a bhíomar ag féachaint air; tharraing All Ireland Senior Hurling and Football Finals ar RTÉ lucht féachana ollmhór agus bhí na cluichí sin ar liosta na 10 gclár ba mhó lucht féachana i mbliana.
RTÉ: Chun cinn i ndáil le cláracha de chuid na tíre seo
Bhí an-spéis ag teaghlaigh i gcláracha de chuid na tíre seo in 2020. Áirítear ar na cláracha ba mhó lucht féachana Room to Improve; d’fhéach 776,000 duine ar an gclár Dermot’s Home. Bhí na cláracha seo a leanas i measc an 50 clár ba mhó lucht féachana i rith na bliana DIY SOS agus The Great House Revival, agus d’fhéach 568,000 duine ar an gclár faisnéise Gerry Ryan, A Legacy i mí Aibreáin seo caite. Bhí Dancing with the Stars, Operation Transformation agus The Young Offenders, freisin i measc an 50 clár ba mhó lucht féachana sa bhliain 2020.
RTÉ: Ag slógadh mhuintir na tíre
Sraith d’ócáidí náisiúnta chun muintir na tíre a shlógadh arna n-eagrú ag RTÉ ab ea Lonraigh do Sholas. Ghlac na milliúin ar fud na tíre páirt iontu trí sholas a lonrú ina gcuid fuinneog, ar leac an dorais nó ina bpobal féin chun ómós a léiriú do chlochmhílte tábhachtacha do mhuintir na tíre seo. Reáchtáladh an ceann is déanaí díobh i mí na Nollag an oíche roimh ghrianstad an gheimhridh in 2020 agus arís rinne RTÉ muintir na tíre seo a shlógadh d’ócáid bheag dóchais i mbliain ina raibh go leor daoine faoi bhrón agus scoite amach.
RTÉ: Ag díriú ar lucht féachana níos óige
Ba é RTÉ Home School Hub an dara clár ba mhó a raibh leanaí ag féachaint air tar éis The Late Late Toy Show. Maidir le daoine fásta óga (15-34), bhí 8 gcinn den 10 gclár ba mhó lucht féachana ag RTÉ agus bhí Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ chomh maith le Spórt RTÉ go mór le brath ar a rogha
cláracha. Ba é an The Late Late Toy Show an clár ba mhó lucht féachana san aoisghrúpa seo, rud a léiríonn nach bhfuil tú riamh ró-óg ná róshean go deimhin le filleadh ar laethanta d’óige.
Ardú ag teacht ar an líon daoine atá ag féachaint ar an teilifís
Léiríonn figiúirí oifigiúil TAM Ireland / Nielsen don bhliain 2020 gurbh í an Teilifís ba mhó a bhí i gceist lenár n-am saor a chaitheamh. D’fhéach an gnáthdhuine ar an teilifís ar feadh 2 uair agus 40 nóiméad ar an meán gach lá,sin ardú 1% ar 2019.
Normal People: an clár ba mhó lucht féachana ar an RTÉ Player
Bhí an tóir ar an RTÉ Player i mbliana agus ardú 36% ar an lucht féachana in 2020. Bhain Normal People barr an liosta amach – rinneadh 818,000 sruthú ar an gclár ba mhó féachana sa tsraith as 5 mhilliún sruthú a rinneadh ar an iomlán ar an tsraith cláracha. Ní nach ionadh, ba é The Late Late Toy Show an dara clár ba mhó lucht féachana ar an RTÉ Player, clár a ndearnadh sruthú air 575,000 uair. Bhí tóir mhór freisin ar chláracha drámaíochta ar ardchaighdeán ina measc – The Secret She Keeps (122,000 sruthú) agus Love / Hate (109,000 sruthú) chomh maith le The Young Offenders (147,000 sruthú), The Late Late Toy Show Singalong (114,000 sruthú), agus The Tommy Tiernan Show (65,000 sruthú).
Dúirt Adrian Lynch, Stiúrthóir Lucht Féachana, Cainéil agus Margaíocht RTÉ: “Ag féachaint ar an 50 clár ab fhearr, is léir gurb iad scéalta mhuintir na hÉireann agus ábhar Éireannach na cláracha a thugann daoine le chéile agus cruthaíonn sin go bhfuil an-tóir go deo ar chláracha beo, imeachtaí móra agus ar ábhar a léirítear sa tír seo. Ba bhliain í an bhliain 2020 a chur brú ollmhór orainn mar náisiún, bliana ina raibh orainn fanacht amach óna chéile ar mhaithe lena chéile. Ach i mbliain a bhí deacair ach go háirithe, chuir RTÉ éagsúlacht cláracha ar fáil ar fud a gcuid cainéal go léir mar mheáin chumarsáide seirbhíse poiblí na hÉireann, ag cur eolas, siamsaíocht agus oideachas ar fáil do lucht féachana i ngach aoisghrúpa agus an náisiún go léir a thabhairt le chéile sna laethanta tábhachtacha sin – na laethanta maithe agus na drochlaethanta – agus fanfaidh siad sin linn go ceann i bhfad.”