{"id":568,"date":"2019-06-20T10:13:34","date_gmt":"2019-06-20T09:13:34","guid":{"rendered":"https:\/\/about.rte.ie\/contact\/?page_id=568"},"modified":"2021-05-27T17:50:04","modified_gmt":"2021-05-27T16:50:04","slug":"votail-i-gcomortais","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/about.rte.ie\/contact\/ie\/votail-i-gcomortais\/","title":{"rendered":"V\u00f3t\u00e1il i gCom\u00f3rtais"},"content":{"rendered":"<p><strong>COM\u00d3RTAIS DE CHUID RT\u00c9: T\u00c9ARMA\u00cd &amp; COINN\u00cdOLLACHA CAIGHDE\u00c1NACHA<\/strong><\/p>\n<p>N\u00ed bheidh aon dul thar bhreith RT\u00c9 i nd\u00e1il le buaiteoir(\u00ed) duaise(anna) a roghn\u00fa agus n\u00ed thiocfar i mbun aon chomhfhreagras ina leith.<\/p>\n<p>Sa ch\u00e1s go dtarla\u00edonn aon aighneas maidir le rialacha com\u00f3rtais, riar com\u00f3rtais n\u00f3 tortha\u00ed com\u00f3rtais, n\u00ed bheidh dul thar bhreith RT\u00c9 ina leith.<\/p>\n<p>N\u00edl cead ag baill foirne RT\u00c9 (cib\u00e9 fostaithe n\u00f3 ar conradh) n\u00e1 ag neasghaoil d\u00e1 gcuid n\u00e1 cuideachta\u00ed comhlachtaithe lena n-\u00e1ir\u00edtear (c\u00e9 nach iad seo amh\u00e1in at\u00e1 i gceist) p\u00e1irtn\u00e9ir(\u00ed) maidir leis an gcom\u00f3rtas a sheoladh agus sol\u00e1thra\u00ed n\u00f3 sol\u00e1thraithe seirbh\u00eds\u00ed SMS\/IVR cur<\/p>\n<p>isteach ar chom\u00f3rtais de chuid RT\u00c9. Chun na cr\u00edche seo, tugtar san \u00e1ireamh le &#8220;neasghaol&#8221;, c\u00e9ile, p\u00e1irtn\u00e9ir, leanbh, leasmhac n\u00f3 leasin\u00edon, garmhac n\u00f3 garin\u00edon, dearth\u00e1ir, leasdearth\u00e1ir, deirfi\u00far, leasdeirfi\u00far, tuismitheoir, leastuismitheoir n\u00f3 caomhn\u00f3ir dl\u00edthi\u00fail.<\/p>\n<p>Mura luaitear a mhalairt, n\u00ed m\u00f3r do dhaoine a chuireann isteach ar chom\u00f3rtas a bheith n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 ocht mbliana d\u00e9ag d&#8217;aois agus ina gc\u00f3na\u00ed in oile\u00e1n na h\u00c9ireann chun a bheith inch\u00e1ilithe maidir le duais a bhuachan. Coime\u00e1dann RT\u00c9 de cheart fianaise i scr\u00edbhinn ar aois an bhuaiteora a lorg i gc\u00e1s aon cheann de na com\u00f3rtais.<\/p>\n<p>N\u00ed f\u00e9idir duaiseanna a aistri\u00fa chuig duine eile agus is ar an mbuaiteoir amh\u00e1in a bhronnfar duais.<\/p>\n<p>Mura luaitear a mhalairt, sa ch\u00e1s go mb\u00edonn n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 aon duais amh\u00e1in ar f\u00e1il in aon chom\u00f3rtas ar bith, n\u00ed chead\u00f3far n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 duais amh\u00e1in a bhronnadh ar aon teaghlach amh\u00e1in.<\/p>\n<p>N\u00ed bhronnfar airgead tirim in ionad na duaise n\u00f3 na nduaiseanna f\u00f3gartha.<\/p>\n<p>Sa ch\u00e1s, mar gheall ar ch\u00fains\u00ed nach bhfuil smacht ag RT\u00c9 orthu, go dtarla\u00edonn nach mb\u00edonn duais ar f\u00e1il, coime\u00e1dann RT\u00c9 agus\/n\u00f3 lucht seolta an chom\u00f3rtais de cheart chucu f\u00e9in duais eile ar aon luach leis an duais sin a chur ar f\u00e1il ina hionad.<\/p>\n<p>F\u00e1gfaidh ainm br\u00e9ige n\u00f3 seoladh br\u00e9ige a \u00fas\u00e1id ag cur isteach ar chom\u00f3rtas nach f\u00e9idir duais a bhronnadh ar an t\u00e9 a rinne amhlaidh.<\/p>\n<p>F\u00e9achfaidh RT\u00c9 agus\/n\u00f3 lucht seolta an chom\u00f3rtais leis na duaiseanna ar fad a shol\u00e1thar laistigh de thr\u00e9imhse 28 l\u00e1 d\u00e1 mbuachan. Sa ch\u00e1s nach f\u00e9idir sin, cuirfear an buaiteoir n\u00f3 na buaiteoir\u00ed ar an eolas faoin mhoill.<\/p>\n<p>Mura luaitear a mhalairt, is ar an mbuaiteoir amh\u00e1in at\u00e1 an fhreagracht ioml\u00e1n i nd\u00e1il le c\u00e1in, \u00e1rachas, t\u00e1ill\u00ed agus formhuirir maidir le duais.<\/p>\n<p>Sa ch\u00e1s gur tr\u00ed\u00fa p\u00e1irt\u00ed at\u00e1 leis an duais a chur ar f\u00e1il, n\u00ed ghlacann RT\u00c9 le freagracht ar bith as sol\u00e1thar n\u00f3 neamhshol\u00e1thar n\u00f3 sol\u00e1thar airbheartaithe n\u00f3 moill ar shol\u00e1thar na duaise, lena n-\u00e1ir\u00edtear, gan teorainn, cliseadh ar an mbuaiteoir seilbh a fh\u00e1il ar an duais n\u00f3 \u00fas\u00e1id a bhaint aisti. De r\u00e9ir mar is cu\u00ed, t\u00e1 ceangailte ar bhuaiteoir\u00ed duaiseanna gach beart \u00e1irithinte agus\/n\u00f3 beart foirme\u00e1lta eile a bhaineann leis an duais a dh\u00e9anamh leis an sol\u00e1thra\u00ed (n\u00f3 leis na sol\u00e1thraithe) tr\u00ed\u00fa p\u00e1irt\u00ed go d\u00edreach.<\/p>\n<p>Coime\u00e1dtar de cheart ag RT\u00c9 athr\u00fa a chur ar mhionsonra\u00ed maidir leis an duais gan aon fh\u00f3gra ina leith sin agus b\u00edonn gach duais, d\u00e1ta\u00ed maidir le taisteal ar laethanta saoire san \u00e1ireamh, faoi r\u00e9ir ag sp\u00e1s a bheith ar f\u00e1il.<\/p>\n<p>D&#8217;fh\u00e9adfadh maidir le com\u00f3rtais \u00e1irithe go mbeadh de choinn\u00edoll go mbeadh ar an iomaitheoir p\u00e1irt a ghlacadh i gcl\u00e1r chun duais a bhuachan. Sa ch\u00e1s gur g\u00e1 sin agus nach nglacann an t-iomaitheoir p\u00e1irt sa chl\u00e1r mar a \u00e9il\u00edtear n\u00f3 go nglacann an t-iomaitheoir p\u00e1irt sa<\/p>\n<p>chl\u00e1r ach go dteipeann ar an iomaitheoir i dt\u00e1st\u00e1il scile ina dhiaidh sin nuair is g\u00e1 go n-\u00e9ireodh leis an iomaitheoir sa t\u00e1st\u00e1il sin chun an duais a bhuachan, measfar an deis an duais a bhuachan a bheith forgh\u00e9illte ag an iomaitheoir sin agus cuirfear as an ioma\u00edocht \u00e9 n\u00f3 \u00ed.<\/p>\n<p>Sa ch\u00e1s go dtarla\u00edonn nach f\u00e9idir glao ar iomaitheoir(\u00ed) i mbabhta ceannais a dh\u00e9anamh ar an aer mar gheall ar dheacrachta\u00ed teicni\u00fala de chuid RT\u00c9 n\u00f3 mar gheall ar ch\u00farsa\u00ed ama, coime\u00e1dtar de cheart ag RT\u00c9 an buaiteoir (n\u00f3 na buaiteoir\u00ed) a fh\u00f3gairt ar an aer ar chl\u00e1r na seachtaine d\u00e1r gcionn agus n\u00ed g\u00e1, ina leith\u00e9id de ch\u00e1s, go n-\u00e9ileofa\u00ed ar iomaitheoir(\u00ed) sa bhabhta ceannais glao an l\u00e1ithreora a fhreagairt chun go measfa\u00ed an duais a bheith buaite aige n\u00f3 aici (n\u00f3 acu).<\/p>\n<p>Is ionann glacadh le duais agus cead a thabhairt ainm, \u00e1it c\u00f3naithe agus \u00edomh\u00e1 an bhuaiteora a \u00fas\u00e1id chun cr\u00edche f\u00f3gra\u00edochta, bolscaireachta n\u00f3 poibl\u00edochta ar aon mhe\u00e1n ar bith gan aon ch\u00faiteamh breise agus aonta\u00edonn buaiteoir\u00ed duaise p\u00e1irt a ghlacadh in imeachta\u00ed bolscaireachta gaolmhara den s\u00f3rt sin de r\u00e9ir mar a \u00e9il\u00edonn RT\u00c9 agus\/n\u00f3 seolt\u00f3ir(\u00ed)\/tionscn\u00f3ir(\u00ed).<\/p>\n<p>N\u00ed m\u00f3r gach iarratas a chuirtear isteach ar chom\u00f3rtas a theacht chuig RT\u00c9 san fhorm\u00e1id a \u00e9il\u00edtear roimh an d\u00e1ta deiridh iontr\u00e1la a fh\u00f3gra\u00edtear. N\u00edl freagracht ar RT\u00c9 n\u00e1 ar eintitis cleamhnaithe de chuid RT\u00c9 as aon earr\u00e1id\u00ed priont\u00e1la n\u00e1 cl\u00f3ch\u00f3iri\u00fach\u00e1in in \u00e1bhar ar bith a bhaineann le bearta arna gcur chun cinn ag RT\u00c9; iarratais at\u00e1 calaoiseach, a th\u00e9ann am\u00fa, a bh\u00edonn mall ag teacht, a chuirtear ar atreo, at\u00e1 neamhioml\u00e1n n\u00f3 a dh\u00e9antar a athr\u00fa; n\u00e1 as iarratais a dh\u00e9antar a phr\u00f3ise\u00e1il go mall n\u00f3 go m\u00edcheart n\u00f3 a th\u00e9ann am\u00fa mar gheall ar mh\u00ed-fheidhmi\u00fa r\u00edomhaireachta n\u00f3 m\u00edfheidhmi\u00fa teicni\u00fail eile.<\/p>\n<p>Coime\u00e1dtar de cheart ag RT\u00c9 com\u00f3rtas a chur ar ceal, a fhoirceannadh, a athr\u00fa n\u00f3 a chur ar atr\u00e1th agus\/n\u00f3 rialacha com\u00f3rtais a leas\u00fa tr\u00e1th ar bith gan aon fh\u00f3gra roimh r\u00e9.<\/p>\n<p>N\u00ed ghlacann RT\u00c9 n\u00e1 gn\u00edomhair\u00ed RT\u00c9 le haon fhreagracht ar bith as b\u00e1s, gort\u00fa n\u00e1 aon dam\u00e1iste, caillteanas, caiteachas n\u00e1 dliteanas a eascra\u00edonn de thoradh glacadh le duais. Beidh RT\u00c9 freisin saor \u00f3 dhliteanas n\u00f3 freagracht ar bith maidir le haon \u00e9ileamh a eascra\u00edonn i nd\u00e1il le p\u00e1irt a ghlacadh in aon chom\u00f3rtas de chuid RT\u00c9 n\u00f3 i nd\u00e1il le haon cheann de na duaiseanna a bhronntar.<\/p>\n<p>Measfar duaiseanna nach nd\u00e9antar a n-\u00e9ileamh laistigh de thr\u00e9imhse ama \u00e1irithe a bheith forgh\u00e9illte agus is f\u00e9idir le RT\u00c9 duaiseanna den s\u00f3rt sin a dhi\u00fascairt saor \u00f3 dhliteanas ar bith i leith an bhuaiteora.<\/p>\n<p>D\u00e9anfar aon duine a mheastar a bheith gan aird ar na rialacha seo a dh\u00edch\u00e1ili\u00fa go huathoibr\u00edoch.<\/p>\n<p>Coime\u00e1dtar de cheart ag RT\u00c9 aon iomaitheoir a dh\u00edch\u00e1ili\u00fa ar aon ch\u00fais ar bith de l\u00e1nrogha RT\u00c9 amh\u00e1in.<\/p>\n<p>Is ionann p\u00e1irt a ghlacadh i gcom\u00f3rtas de chuid RT\u00c9 agus glacadh leis na t\u00e9arma\u00ed agus leis na coinn\u00edollacha seo agus le haon t\u00e9arma n\u00f3 coinn\u00edoll breise a fh\u00f3gra\u00edtear i nd\u00e1il leis an gcom\u00f3rtas go sonrach.<\/p>\n<p>N\u00d3TA: Com\u00f3rtais tr\u00ed ghlaonna\/t\u00e9acsanna \u2013 maidir le sonra\u00ed ioml\u00e1na faoin gcom\u00f3rtas, sol\u00e1thra\u00ed (n\u00f3 sol\u00e1thraithe) seirbh\u00edse, costas iontr\u00e1la agus tr\u00e1thanna tosaigh agus deiridh an chom\u00f3rtais, tabhair aird le do thoil ar an gcl\u00e1r lena mbaineann an com\u00f3rtas agus\/n\u00f3 f\u00e9ach na leathanaigh eolais ar Aertel n\u00f3 ar an idirl\u00edon a luaitear ina leith. Iarrtar ort gan cur isteach ar an gcom\u00f3rtas ach amh\u00e1in i rith na tr\u00e9imhse com\u00f3rtais a luaitear \u00f3 tharla go ngearrfa\u00ed t\u00e1ille ar an nglao\/t\u00e9acs c\u00e9 nach mbeadh iarratas den s\u00f3rt sin inghlactha.<\/p>\n<p>Daoine faoi 18 bliana d&#8217;aois: Iarrtar ort, le do thoil, cead a fh\u00e1il \u00f3n t\u00e9 a \u00edocann an bille sula gcuirtear isteach ar chom\u00f3rtas.<\/p>\n<p>N\u00ed ghlacann RT\u00c9 le freagracht ar bith as aon chliseadh n\u00e1 m\u00edfheidhmi\u00fa teicni\u00fail n\u00e1 aon fhadhb ar bith maidir le l\u00edonra, c\u00f3ras, freastala\u00ed, sol\u00e1thra\u00ed n\u00e1 eile a dtarl\u00f3dh d\u00e1 thoradh go dt\u00e9ann iarratas am\u00fa n\u00f3 nach nd\u00e9antar a chl\u00e1r\u00fa n\u00f3 a thaifeadadh go cu\u00ed agus d\u00e9anann iomaitheoir\u00ed leis seo aon \u00e9ileamh i nd\u00e1il le caillteanas, costas, dam\u00e1iste n\u00f3 caiteachas a d&#8217;eascr\u00f3dh \u00f3 fhadhb ar bith den s\u00f3rt sin a tharscaoileadh.<\/p>\n<p><strong>TEILEAV\u00d3T\u00c1IL RT\u00c9: T\u00c9ARMA\u00cd &amp; COINN\u00cdOLLACHA CAIGHDE\u00c1NACHA<\/strong><\/p>\n<p>N\u00ed bheidh dul thar bhreith RT\u00c9 maidir le socruithe v\u00f3t\u00e1la agus bail\u00edocht teileav\u00f3t\u00e1la.<\/p>\n<p>N\u00ed ghlacann RT\u00c9, thar ceann RT\u00c9 f\u00e9in n\u00e1 thar ceann chonraitheoir, fhochonraitheoir, ghn\u00edomhaire n\u00e1 p\u00e1irtn\u00e9ir l\u00e9iri\u00fach\u00e1in ar bith de chuid RT\u00c9, le freagracht ar bith as aon chliseadh n\u00e1 m\u00edfheidhmi\u00fa teicni\u00fail n\u00e1 aon fhadhb ar bith eile maidir le haon l\u00edonra n\u00e1 l\u00edne teileaf\u00f3in, c\u00f3ras, freastala\u00ed, sol\u00e1thra\u00ed n\u00e1 eile a dtarl\u00f3dh d\u00e1 thoradh go dt\u00e9ann v\u00f3ta am\u00fa n\u00f3 nach nd\u00e9antar a chl\u00e1r\u00fa n\u00f3 a thaifeadadh go cu\u00ed.<\/p>\n<p>Beidh de cheart ag RT\u00c9 cinneadh ar bith a mheasann RT\u00c9 a bheith cu\u00ed a dh\u00e9anamh i nd\u00e1il le hiomaitheoir a chur as an ioma\u00edocht agus\/n\u00f3 buaiteoir a roghn\u00fa sa ch\u00e1s go dtarla\u00edonn cliseadh teicni\u00fail maidir le haon ch\u00f3ras teileav\u00f3t\u00e1la n\u00f3 m\u00edfheidhmi\u00fa n\u00f3 aon fhadhb ar bith eile maidir le haon l\u00edonra n\u00f3 l\u00edne teileaf\u00f3in, c\u00f3ras, freastala\u00ed, sol\u00e1thra\u00ed n\u00e1 eile a dtarl\u00f3dh d\u00e1 thoradh go dt\u00e9ann v\u00f3ta am\u00fa n\u00f3 nach nd\u00e9antar a chl\u00e1r\u00fa n\u00f3 a thaifeadadh go cu\u00ed.<\/p>\n<p>M\u00e1 tharla\u00edonn, rud nach d\u00f3cha, an v\u00f3t\u00e1il cothrom i nd\u00e1il le hiomaitheoir ar bith a chur as an ioma\u00edocht agus\/n\u00f3 buaiteoir a roghn\u00fa, beidh de cheart ag foireann RT\u00c9 agus ag an bhfoireann l\u00e9iri\u00fach\u00e1in lena mbaineann iomaitheoir a chur as an ioma\u00edocht agus\/n\u00f3 buaiteoir a roghn\u00fa ar cib\u00e9 bealach a shocra\u00edonn RT\u00c9 agus an fhoireann l\u00e9iri\u00fach\u00e1in lena mbaineann. N\u00ed bheidh dul thar an gcinneadh sin at\u00e1 dochlo\u00edte agus n\u00ed thiocfar i mbun aon chomhfhreagras ina leith.<\/p>\n<p>Is f\u00e9idir aon duine den lucht f\u00e9achana arb \u00e9 tuairim RT\u00c9 go bhf\u00e9achann an duine sin le cur isteach a dh\u00e9anamh n\u00f3 tionchar a imirt go m\u00edchu\u00ed ar aon chuid den v\u00f3t\u00e1il n\u00f3 le cur isteach n\u00f3 c\u00fabl\u00e1il a dh\u00e9anamh ar gh\u00e1s teileav\u00f3t\u00e1la a dh\u00edch\u00e1ili\u00fa \u00f3 aon ph\u00e1irt eile a ghlacadh sa v\u00f3t\u00e1il. N\u00ed bheidh dul thar chinneadh RT\u00c9 ina leith sin at\u00e1 dochlo\u00edte.<\/p>\n<p>Coime\u00e1dtar de cheart ag RT\u00c9 v\u00f3ta\u00ed a chur as an \u00e1ireamh m\u00e1 mheasann RT\u00c9 go bhfuil n\u00f3 go raibh ollv\u00f3t\u00e1il ar si\u00fal d&#8217;fhonn tionchar m\u00edchu\u00ed a imirt n\u00f3 c\u00fabl\u00e1il a dh\u00e9anamh ar an ngn\u00e1s teileav\u00f3t\u00e1la. N\u00ed bheidh dul thar chinneadh RT\u00c9 ina leith sin at\u00e1 dochlo\u00edte.<\/p>\n<p>Is ionann p\u00e1irt a ghlacadh sa teileav\u00f3t\u00e1il agus glacadh leis na t\u00e9arma\u00ed agus leis na coinn\u00edollacha seo agus le haon t\u00e9arma n\u00f3 coinn\u00edoll breise a fh\u00f3gra\u00edtear i nd\u00e1il leis an bhfeachtas go sonrach.<\/p>\n<p>Tugtar aird le do thoil ar an gcl\u00e1r faoi leith lena mbaineann, n\u00f3 ceada\u00edtear su\u00edomh idirl\u00edn an chl\u00e1ir lena mbaineann, chun sonra\u00ed ioml\u00e1na a fh\u00e1il faoin v\u00f3t\u00e1il\/com\u00f3rtas, sol\u00e1thra\u00ed (n\u00f3 sol\u00e1thraithe) seirbh\u00edse, costas v\u00f3t\u00e1la agus tr\u00e1thanna tosaigh agus deiridh na v\u00f3t\u00e1la san \u00e1ireamh.<\/p>\n<p>D&#8217;fh\u00e9adfadh, i rith chl\u00e1r a chraoltar beo, go dtiocfadh athr\u00fa, seachas mar a bh\u00ed foilsithe roimh r\u00e9, ar thr\u00e1thanna tosaigh agus deiridh na v\u00f3t\u00e1la. Iarrtar ort gan v\u00f3t\u00e1il ach amh\u00e1in i rith na tr\u00e9imhse v\u00f3t\u00e1la a luaitear \u00f3 tharla go ngearrfa\u00ed t\u00e1ille ar an v\u00f3ta c\u00e9 nach mbeadh v\u00f3ta den s\u00f3rt sin san \u00e1ireamh.<\/p>\n<p>Daoine faoi 18 bliana d&#8217;aois: Iarrtar ort, le do thoil, cead a fh\u00e1il \u00f3n t\u00e9 a \u00edocann an bille sula gcuirtear isteach ar chom\u00f3rtas.<\/p>\n<p>L\u00cdNTE TUAIRIM\u00cdOCHTA T\u00c9ACS DE CHUID RT\u00c9: POLASA\u00cd \u00daS\u00c1IDE<\/p>\n<p>Coime\u00e1dtar de cheart ag RT\u00c9 bac a fheidhmi\u00fa ar theachtaireachta\u00ed \u00e1irithe n\u00f3 ar na teachtaireachta\u00ed uile a sheoltar chuig seirbh\u00eds\u00ed RT\u00c9 \u00f3 uimhreacha f\u00f3n p\u00f3ca \u00f3na seoltar teachtaireachta\u00ed at\u00e1, de r\u00e9ir thuairim RT\u00c9, bagrach, maslach n\u00f3 gr\u00e1ini\u00fail. I gc\u00e1sanna ina mb\u00edonn bac \u00e1 fheidhmi\u00fa, leanfaidh na hoibritheoir\u00ed l\u00edonra\u00ed ag gearradh t\u00e1ill\u00ed maidir leis na teachtaireachta\u00ed t\u00e9acs ach n\u00ed thiocfaidh na teachtaireachta\u00ed sin chomh fada le cl\u00e1ir RT\u00c9 lena mbreithni\u00fa\/lua.<\/p>\n<p>Mar chuid den phr\u00f3iseas seo, seolfaidh RT\u00c9 teachtaireacht t\u00e9acs chuig an uimhir f\u00f3n p\u00f3ca \u00f3na dtagann an teachtaireacht n\u00f3 na teachtaireachta\u00ed at\u00e1 bagrach, maslach n\u00f3 gr\u00e1ini\u00fail ag iarraidh ar an t\u00e9 at\u00e1 \u00e1 seoladh \u00e9ir\u00ed as agus scor de theachtaireachta\u00ed den chine\u00e1l sin a chur as sin amach agus \u00e1 chur in i\u00fal, mura nd\u00e9antar sin, go gcuirfear bac i bhfeidhm ar theachtaireachta\u00ed arb \u00e9 toradh a bheidh air nach dtiocfaidh teachtaireachta\u00ed \u00e1irithe n\u00f3 aon teachtaireacht ar bith uaidh\/uaithi chomh fada le cl\u00e1ir de chuid RT\u00c9 lena mbreithni\u00fa\/lua agus, gan bheann air sin, go leanfaidh na hoibritheoir\u00ed l\u00edonra\u00ed de th\u00e1ille a ghearradh i nd\u00e1il leis na teachtaireachta\u00ed.<\/p>\n<p>Sa ch\u00e1s go leanann teachtaireachta\u00ed at\u00e1 bagrach, maslach n\u00f3 gr\u00e1ini\u00fail ag teacht \u00f3n uimhir f\u00f3n p\u00f3ca at\u00e1 i gceist, seolfaidh RT\u00c9 aon teachtaireacht t\u00e9acs amh\u00e1in eile chuig an uimhir \u00f3na dtagann \u00e1 dheimhni\u00fa go bhfuil bac teachtaireachta\u00ed \u00e1 fheidhmi\u00fa \u00f3n tr\u00e1th sin.<\/p>\n<p>N\u00edl dul thar chinneadh RT\u00c9 maidir le bac ar theachtaireachta\u00ed agus an tr\u00e9imhse a leanann bac den s\u00f3rt sin i bhfeidhm, t\u00e1 cinneadh den s\u00f3rt sin dochlo\u00edte agus n\u00ed thiocfar<\/p>\n<p>Coime\u00e1dtar de cheart ag RT\u00c9 freisin, sa ch\u00e1s go meastar gur cu\u00ed sin, sonra\u00ed faoin seolt\u00f3ir agus faoin teachtaireacht a chur ar aghaidh chuig \u00fadar\u00e1s cu\u00ed maidir le himscr\u00fad\u00fa agus aon bheart eile d\u00e1 r\u00e9ir.<\/p>\n<p><strong>COSAINT SONRA\u00cd<\/strong><\/p>\n<p>Is i gcomhr\u00e9ir leis an reachta\u00edocht reatha agus leis an s\u00e1rchleachtas reatha maidir le cosaint sonra\u00ed in \u00c9irinn a dh\u00e9anfar sonra\u00ed pearsanta ar bith maidir le hiomaitheoir com\u00f3rtais a \u00fas\u00e1id. F\u00e9ach sonra\u00ed breise in Polasa\u00ed Pr\u00edobh\u00e1ideachta RT\u00c9. D\u00e9anfaidh RT\u00c9 sonra\u00ed maidir le hiomaitheoir\u00ed a choime\u00e1d go ceann tr\u00e9imhse r\u00e9as\u00fanta tar \u00e9is dheireadh an Chom\u00f3rtais chun cuidi\u00fa le RT\u00c9 com\u00f3rtais a re\u00e1cht\u00e1il ar bhealach comhlean\u00fanach agus chun d\u00e9ile\u00e1il le haon fhiosr\u00fach\u00e1n a thagann i gceist.<\/p>\n<p>Chun cr\u00edche duais an Chom\u00f3rtais a bhronnadh, is g\u00e1 de r\u00e9ir conartha do RT\u00c9 sonra\u00ed pearsanta an iomaitheora n\u00f3 na n-iomaitheoir\u00ed a chur ar f\u00e1il do na p\u00e1irtn\u00e9ir\u00ed a bhaineann le seoladh an chom\u00f3rtais.<\/p>\n<p>Sa ch\u00e1s go bhfuil sonra\u00ed pearsanta de do chuid curtha ar f\u00e1il agat do RT\u00c9, t\u00e1 de cheart agat c\u00f3ip a fh\u00e1il de do chuid sonra\u00ed pearsanta faoi r\u00e9ir ag c\u00e1sanna eisceachta faoi leith. Maidir le cearta i nd\u00e1il le sonra\u00ed pearsanta a fheidhmi\u00fa, f\u00e9ach le do thoil Treoir RT\u00c9 maidir le Cearta Dhuine i leith Cosaint Sonra<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>COM\u00d3RTAIS DE CHUID RT\u00c9: T\u00c9ARMA\u00cd &amp; COINN\u00cdOLLACHA CAIGHDE\u00c1NACHA N\u00ed bheidh aon dul thar bhreith RT\u00c9 i nd\u00e1il le buaiteoir(\u00ed) duaise(anna) a roghn\u00fa agus n\u00ed thiocfar i mbun aon chomhfhreagras ina leith. Sa ch\u00e1s go dtarla\u00edonn aon aighneas maidir le rialacha com\u00f3rtais, riar com\u00f3rtais n\u00f3 tortha\u00ed com\u00f3rtais, n\u00ed bheidh dul thar bhreith RT\u00c9 ina leith. N\u00edl [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":100005,"featured_media":0,"parent":0,"menu_order":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"","meta":{"footnotes":"","_links_to":"","_links_to_target":""},"class_list":["post-568","page","type-page","status-publish"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/about.rte.ie\/contact\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/568","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/about.rte.ie\/contact\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/about.rte.ie\/contact\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/about.rte.ie\/contact\/wp-json\/wp\/v2\/users\/100005"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/about.rte.ie\/contact\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=568"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/about.rte.ie\/contact\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/568\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/about.rte.ie\/contact\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=568"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}