Seirbhísí Ilphléacsaithe DTT


De bhun Chinneadh D11/13 ComReg a foilsíodh an 26 Iúil 2013, ainmníodh RTÉ mar chomhlacht ag a bhfuil Cumhacht Shuntasach Margaidh (SMP) ar an margadh don Rochtain Mórdhíola ar Sheirbhísí Ilphléacsaithe  don Teilifís Dhigiteach Trastíre (DTT).

Margadh B a thugtar ar an margadh sin de réir mar a shainmhínítear é i gCinneadh D11/13.

De bhun Ionstraim Cinnidh Mhargadh B, atá ina chuid de Chinneadh D11/13, leagtar dualgais éagsúla ar RTÉ.

Ar cheann de na dualgais sin, tá Tairiscint Thagartha a fhoilsiú i ndáil le Seirbhísí Ilphléacsaithe DTT do Chraoltóir eile (ar a dtugtar an Cliant) i gcomhréir leis na coinníollacha faoin Ionstraim Cinnidh.

Leagtar amach sa cháipéis thagartha seo Tairiscint Thagartha RTÉ maidir le Rochtain Mórdhíola ar Saorview.

Féach freisin Tairiscint Thagartha RTÉ maidir le Rochtain Mórdhíola ar Saorview (Aguisín B)

Tá eolas maidir le Saorview ar fáil ach cliceáil anseo. Tá an Polasaí maidir le Réimse Cainéal Saorview ar fáil ina iomláin ach cliceáil anseo. Tá eolas faoi 2rn ar fáil ach cliceáil anseo.

Sa chás go mbeadh aon cheist faoin gcáipéisíocht seo, is féidir scríobh chuig Eamonn Reid ag eamonn.reid@rte.ie nó glaoch ar 01 2082276 nó scríobh chuig Fiona O’Shea ag fiona.oshea@rte.ie nó glaoch ar 01 2084506

Féach an Cháipéisíocht maidir le Cuntais & Cuntasaíocht Rialáilte thíos: