Clár nua Tráth na gCeist don Teaghlach – Home Advantage – Fógartha ag RTÉ
Arna chur i láthair ag Jennifer Zamparelli
– Tá teaghlaigh á lorg againn le bheith páirteach sa tsraith nua spraíúil seo
-FÉACH AR: https://youtu.be/KdC5RSdEsQc
Tá clár úrnua Tráth na gCeist do Theaghlaigh – Home Advantage – fógartha ag RTÉ agus tá siad ag iarraidh oraibhse a bheith páirteach ann! Is í Jennifer Zamparelli a chuirfidh an tsraith spraíúil agus shiamsúil tráth na gceist seo ar eolas ginearalta i láthair agus táthar sa tóir ar theaghlaigh Éireannacha le dul san iomaíocht don duais airgid. Níl aon ghá daoibh a bheith in bhur saineolaithe uilig ar chluichí tráth na gceist, ach má tá beagán ar eolas ag gach duine den teaghlach, cá bhfios nach mbeadh an dóthain ar eolas agaibh chun an duais mhór a thabhairt libh – €5,000 ar a mhéid an duais chiste atá le buachan!
Ach beidh cor beag i gceist – ní bheidh ach imreoir amháin i láthair sa stiúideo teilifíse, agus fanfaidh an chuid eile den teaghlach sa bhaile – beidh siad le feiceáil ar scáileán ollmhór agus glaofar orthu ag pointí tábhachtacha chun an saineolas atá acu a roinnt. Nuair a bheidh sraith de thrí bhabhta ghasta cruacheisteanna thart, cuirfear foireann amháin ar aghaidh go dtí an babhta deireanach go mbeidh deis acu ar an bpota óir. An mbeidh teaghlaigh i gcónaí ar aon intinn faoin bhfreagra ceart nó an mbeidh scar agus treascair sa champa? An mbeidh teaghlach amháin ábalta leas a bhaint as a Home Advantage?
Is éard a dúirt Jennifer Zamparelli: “Tá an-áthas orm an tráth na gceist nua teaghlaigh seo Home Advantage a chur i láthair. Táim i mbun oibre leis an bhfoireann agus tá mé ag ceapadh go mbeidh an-spraoi againn. Dá mba mhaith leat féin agus do theaghlach beagán spraoi a bheith agaibh agus a bheith sa seans le cúpla euro a bhuachan, ba bhreá linn cloisteáil uaibh”
Fógrófar go luath an dáta a mbeidh Home Advantage le craoladh ar RTÉ One.
Is féidir tuilleadh sonraí maidir le mar is féidir a bheith páirteach a fháil ar loosehorse.submit.com
Is é Loosehorse atá i mbun léirithe ar Home Advantage do RTÉ.