Téama Ceilteach a bheidh ag an 26ú Dawn Chorus i mbliana
Craolfar Dawn Chorus na bliana 2021 ar RTÉ Radio 1 ón 01:00 go dtí an 07:00, Dé Domhnaigh an 2 Bealtaine.
Tá an-ghean ag daoine ar Dawn Chorus RTÉ Radio 1 a chraoltar uair sa bhliain, bíonn daoine ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain ag éisteacht leis an gclár go moch ar maidin i mí na Bealtaine chun cluas a thabhairt don chomóradh ar leith agus ardchroíúil seo ar cheiliúr na n-éan agus ar an domhan nádúrtha.
Tá an clár ar cheann de bhuaicphointí craolta na bliana, a bhfuil gradaim náisiúnta raidió PPI do Nuálaíocht agus an mórghradam Idirnáisiúnta Rose d’Or araon buaite aige. Craoltar ceiliúr na n-éan beo agus bíonn saineolaithe i mbun tráchtála mar chuid den chlár, rud a chuireann ceiliúradh oidhreacht nádúrtha na tíre ar fáil ar bhealach nach bhfuil le fáil in áit ar bith eile.
Craolfar clár na bliana seo tráth nach raibh an oiread spéise riamh cheana ag daoine i gceiliúr na n-éan. Tá meas níos mó ag daoine ar fhlóra agus ar fhána na tíre de bharr na géarchéime COVID-19, go mór mór ar cheol éin fiáine na hÉireann. Spreag ceiliúir na n-éan gliondar agus dóchas in go leor daoine anuraidh den chéad uair, agus ní raibh sé i bhfad gur foinse riachtanach sóláis agus siamsaíochta a bhí sa cheiliúir sin do go leor againn le linn na laethanta dorcha. Cuireadh tús le srianta an Choróinvíris san earrach agus bhí ar a bhformhór againn fanacht sa bhaile gan mórán fógra chun sin a dhéanamh dá bhrí sin, bhí deis Giolcadh an Ghealbhain a chloisteáil ar bhealach nach raibh cloiste ag go leor againn cheana mar nach raibh an oiread sin torann tráchta ann. Bhí sé ann riamh; níl ann ach nach raibh sé cloiste againn go dtí sin.
Is as Riasc Chois Coinne Chairde Éanlaith Éireann i gCorcaigh, a dhéanfar craoladh beo na bliana seo agus beidh ár bpríomhfhoireann láithreoirí Derek Mooney, Jim Wilson agus Niall Hatch ann chun an Dawn Chorus a chur i láthair agus, fad a bheidh ceiliúir na n-éan ag neartú i bhfíor-am, beidh siad ag míniú don lucht éisteachta go díreach atá ar bun ag na héin agus an ghrian ag éirí. Beidh Richard Collins, Éanna Ní Lamhna, Eric Dempsey agus Terry Flanagan ag tabhairt ceol na n-éan chugainn óna gceantair féin ó ar fud na tíre fad a bheidh an ghrian ag éirí agus na héin réidh le tús a chur lena gceol.
Dúirt léiritheoir feidhmiúcháin / láithreoir Dawn Chorus, Derek Mooney:
“Tá ríméad amach is amach orm go bhfuilimid ábalta Dawn Chorus Idirnáisiúnta na mbliana seo a chraoladh beo. Tá Dawn Chorus á chraoladh againn ar RTÉ Radio 1 i bhfoirm éigin le 26 bliain ach tá tábhacht ar leith le clár na bliana seo, go háirithe mar gheall go raibh orainn é a chur ar ceal anuraidh de bharr Covid-19. Tá áthas orm freisin go bhféadfadh sé go mbeadh na milliúin lucht éisteachta ó ar fud na hEorpa ábalta éin na hÉireann a chloisteáil agus iad i mbun a gcuid ceoil ó tharla an clár a bheith ar fáil trí Aontas Craoltóireachta na hEorpa.”
Ach ní hamháin sin. Beidh spiorad na gCeilteach le brath ar chlár na bliana seo agus fothaí beo ag teacht ó náisiúin Cheilteacha na hEorpa. Beidh saineolaithe éan as Éirinn, Tuaisceart Éireann, an Bhreatain Bheag, Albain, Corn na Breataine, Oileán Mhanann, agus daoine eile ag cur éin cheoil a gceantair féin i láthair, agus déanfaimid stair chultúir agus tábhacht staire na n-éan a scrúdú. Tá an-áthas orainn a bheith i mbun rannpháirtíochta lenár gcomhghleacaithe BBC Wales, BBC Scotland chun an craoladh seo a chur faoi bhur mbráid i dtosach.
Ní hiad na héin amháin a bheidh i mbun an cheoil. Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh Paddy Glackin agus Dónal Lunny, beirt de na ceoltóirí traidisiúnta is cumasaí agus is iomráití in Éirinn, linn i mbliana chun ceol Ceilteach a sheinm dár lucht éisteachta. Dawn Chorus éagsúil ar fad a bheidh ann i mbliana, agus meastar gur deis a bheidh ann nár mhór do dhaoine a thapú.
Craolfar trí chlár faisnéise ó chartlann Mooney Goes Wild díreach roimh an gcraoladh beo, gach aon cheann acu ag déanamh ceiliúrtha ar speicis éagsúla d’éin fhiáine. Tá an Crotach glórach ar cheann de na héin is fearr aithne in Éirinn, cé go bhfuil sé go mór i mbaol, samhlaítear fiántas na hÉireann le scread uaigneach an Chrotaigh. Déanfaimid an chúis go bhfuil an t-éan chomh neamhchoitianta sin a scrúdú chomh maith leis an dícheall mór atá ar bun chun é a thabhairt slán.
Lacha mhara is ea an tÉadar Coitianta nó an Lacha Lochlannach agus cé nach bhfuil an t-éan feicthe ag mórán, is ón éan seo a thagann an t-ábhar is sómasaí agus is luachmhaire sa domhan nádúrtha: clúmh lachan, ábhar lena mbaineann gnéithe inslithe nach féidir a shárú. Caithfimid súil ar shaol na lachan daite agus carasmatach seo agus cuirimid aithne ar an éan as a dtagann an chuilt the theolaí.
Ar deireadh, déanfar cur síos ar an Storc Bán, éan atá fíorimirceach ar fad agus nach dtagann go hÉirinn ach go fíorannamh, ach is éan é a dhéantar a cheiliúradh ar fud mhór-roinn na hEorpa mar gur comhartha é go bhfuil an t-earrach ag teacht. Is minic an t-éan sin luaite sa mhiotaseolaíocht agus i bhfinscéalta i gcultúir éagsúla eile agus mar shiombail ar an ádh, torthúlacht agus rath, tá an speiceas seo tagtha aige féin go mór le blianta beaga anuas, éan a bhí cinnte i mbaol a dhíothaithe.
Mar sin, bígí linn ar RTÉ Radio 1 ón 01:00 Dé Domhnaigh an 2 Bealtaine do cheiliúradh speisialta ar éin fhiáine na tíre, scrúdú ar oidhreacht nádúrtha chomhroinnte na dtíortha Ceilteacha agus an cheolchoirm is fearr a chloisfidh tú i mbliana.
Dúirt Derek Mooney:
“Ní dhéanaim ach codladh éadrom. Tá sé an-éasca mé a dhúiseacht agus is crá croí a bhíonn ann ó am go ham. É sin ráite, is aoibhinn liom ceiliúr na n-éan a chloisteáil go moch ar maidin. Caithfidh gurb í an fhuaim is deise sa nádúr í. Déanann sé maitheas duit a bheith ag éisteacht leis.
“Bhí an file agus fealsamh Rómhánach Lucretius cinnte gur ó na héin a d’fhoghlaim daoine le hamhrán a chanadh. Creidim féin go bhfuil sé ábalta a chur ar ár gcumas éisteacht chomh maith.”