RTÉ agus Virgin Media i mbun cainte faoi Rugbaí na Sé Náisiún
Dheimhnigh Rugbaí na Sé Náisiún Dé Luain an 10 Bealtaine go bhfuil tús curtha le cainteanna faoi chomhchonradh fadfhoirme leis na craoltóirí Virgin Media Television agus RTÉ i ndiaidh comhthogra a chomhaontú i bprionsabal.
Tá sé beartaithe leis an gcomhaontú go ndéanfaí clúdach mar nár rinneadh riamh cheana i bPoblacht na hÉireann ar gach ceann den trí Chraobhchomórtas Sé Náisiún (Craobh Sé Náisiún na bhFear – Guinness, Craobh Sé Náisiún na mBan agus comórtais F20 na bhFear) agus go mbeadh tairbhe ón gcéad chomhpháirtíocht dá chineál idir an dá chraoltóir agus a chinnteodh go bhfanfadh Rugbaí na Sé Náisiún ar theilifís ‘saor go haer’ in Éirinn.
Faoi réir comhaontuithe conartha deiridh, samhlaítear go ndéanfar na trí Chraobhchomórtas a roinnt ar bhealach cothrom – go gcraolfadh RTÉ Craobh Sé Náisiún na bhFear – Guinness arís ach go mbeadh athrú ar ábhar craolta Virgin Media Television chun Craobh Sé Náisiún na mBan agus Craobh F20 na bhFear a chlúdach den chéad uair.
Dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ, “Is cinnte gur buntáiste a bheidh anseo do mhuintir na hÉireann, go dtiocfadh dhá chraoltóir poiblí in Éirinn le chéile chun Comórtais na Sé Náisiún a chraoladh saor go haer chuig an lucht féachana is leithne is féidir in Éirinn. Tráth a bhfuil iomaíocht ag méadú ar fud an domhain sna margaí cearta spóirt, tá ríméad orainn oibriú go logánta le Virgin Media Television agus é mar aidhm againn freastal ar lucht féachana in Éirinn agus an t-aicsean is fearr ó na Sé Náisiún a chur faoina mbráid. Tá stair fhada agus bhródúil ag RTÉ maidir le rugbaí na hÉireann a thaispeáint agus tá ríméad orainn oibriú leis na Sé Náisiún agus an IRFU chun an traidisiún sin a neartú.”
Ag fáiltiú roimh an nuacht dúirt, Ben Morel, Príomhfheidhmeannach Rugbaí na Sé Náisiún, “Táim sásta go bhfuil na prionsabail a bhaineann le comhpháirtíocht ar leith trí pháirtí le Virgin Media agus RTÉ comhaontaithe agus gur roghnaigh siad na Sé Náisiún chun comhoibriú láidir a threisiú timpeall ar ár gcuid comórtas agus a rachaidh chun tairbhe don spórt, do na hAontais agus do lucht leanúna Rugbaí in Éirinn.”
Chuir Philip Browne, Príomhfheidhmeannach an IRFU fáilte freisin roimh an scéala agus dúirt, “Is spórt rannpháirtíochta é Rugbaí agus ceann a d’fhéach riamh le cothromaíocht a bheith ann idir cúrsaí airgeadais agus taispeána agus is mar sin a bheidh. Is é leas gach dream atá páirteach go ndéanfaí todhchaí na gCraobhchomórtas a chur ar aghaidh trí na céimeanna teagmhála le páirtithe a raibh baint acu riamh leis an gcluiche a thaispeáint. Tá an bealach a gcuirimidne agus ár bpáirtithe craoltóireachta an cluiche i láthair tábhachtach ní hamháin don lucht féachana atá anois ann a bheidh ag suí le chéile chun féachaint ar chluiche ar leith ach dóibhsean a dtabharfaí ugach dóibh breith ar an liathróid agus imirt i scoileanna agus i gcumainn. Táimid ag súil le bheith ag obair le Virgin Media agus le RTÉ chun an cluiche seo dár gcuid a chur chun cinn, rugbaí na bhfear agus na mban araon.”
Ní bheidh aon eolas eile ar fáil ó na páirtithe ag an tráth seo nó go mbeidh téarmaí an chonartha tugtha chun críche.