Podchraoladh Nua faoi Mhífhaisnéis Seolta ag RTÉ
PODCHRAOLADH NUA FAOI MHÍFHAISNÉIS SEOLTA AG RTÉ
THE TRUTH MATTERS: A GUIDE TO MISINFORMATION
FÉACH: https://youtu.be/12CByMGBs5w
Tá sraith nua podchraolta seolta inniu ag Nuacht RTÉ – The Truth Matters: A Guide to Misinformation. Fiosrófar sa tsraith podchraolta ceithre chlár, arna chur i láthair agus arna léiriú ag na hiriseoirí as Éirinn Della Kilroy agus Shane Creevy, mar a scaiptear mífhaisnéis i ré na meán cumarsáide agus tabharfaidh comhairle maidir le bealaí le tú féin a chosaint ina coinne.
I mbliain ar tháinig méadú fíorscioptha ar fhaisnéis bhréagach a bheith á scaipeadh, scrúdófar sa tsraith seo na difríochtaí idir mífhaisnéis agus bréagaisnéis agus fiosrófar mar a scaipeann teoiricí comhcheilge chomh sciobtha ar líne agus an chúis a dtarlaíonn sin.
An aidhm atá leis an bpodchraoladh na scileanna chun mífhaisnéis a aithint a thabhairt don éisteoir agus go mbeidh siad ábalta a gcuid a dhéanamh chun scaipeadh mífhaisnéise ar líne a chomhrac. Trí labhairt le hiriseoirí, údair, gníomhaithe cearta sibhialta agus le saineolaithe ar chúrsaí digiteacha, cuirfidh Della agus Shane eolas ar an mbealach is fearr le labhairt le cairde a chreideann i dteoiricí comhcheilge agus trí a bheith tuisceanach, beidh éisteoirí ábalta plé le daoine atá a fhios acu atá ag dul síos bhóthar na comhcheilge.
Tá breis is 20 bliain taithí iriseoireachta ag Della Kilroy agus ag Shane Creevy eatarthu, is iriseoir ilmheán í Della le RTÉ Radio 1 agus is é Shane Ceann Eagarthóireachta i Kinzen.
The Truth Matters: Foilseofar A Guide to Misinformation gach Luan ón lá inniu, an 17 Bealtaine, go ceann ceithre seachtaine.
Tá an podchraoladh ag teacht le tréimhse nua d’fheachtas Truth Matters RTÉ atá dírithe ar bhéim a leagan ar an bhfadhb a bhaineann le mífhaisnéis agus ar an tábhacht atá le nuacht a thagann ó fhoinse bheacht. Beidh comhfhreagraithe dílse Nuacht RTÉ Ailbhe Conneely, Mícheál Lehane agus Sinéad Hussey páirteach sa chlár agus díreofar sa bhfeachtas ar an tábhacht atá leis na croíluachanna iriseoireachta mar iontaoibh, macántacht agus fírinne sa tslí a dtuairiscíonn siad mórscéalta nuachta.