Fógraíonn RTÉ go bhfuil Conor Macauley ceaptha i bpost Chomhfhreagraí Thuaisceart Éireann
Cúis áthais do Nuacht RTÉ a fhógairt go bhfuil Conor Macauley ceaptha i bpost Chomhfhreagraí Thuaisceart Éireann. Tá taithí mhór ar an iriseoireacht ag Conor atá ag fónamh faoi láthair ina Chomhfhreagraí Talmhaíochta agus Timpeallachta ag BBC Thuaisceart Éireann. Ó thosaigh sé i mbun na hiriseoireachta, tá tuairisciú déanta aige ar na Trioblóidí, ar shosanna cogaíochta idir dreamanna paraimíleatacha, ar athchóiriú an chórais póilíneachta agus ar chora éagsúla i gcúrsaí polaitíochta anuas go dtí athbhunú na déabhlóide i Stormont. Sa bhliain 2015, tar éis 25 bliain ina thuairisceoir ginearálta nuachta, ceapadh ina Chomhfhreagraí Talmhaíochta agus Timpeallachta é tráth a raibh cúrsaí aeráide agus ceisteanna bithéagsúlachta ag teacht go mór chun tosaigh sa díospóireacht phoiblí. Tá obair chuimsitheach déanta aige maidir leis an mBreatimeacht agus lena dtagann dá bharr, go háirithe maidir le cúrsaí feirmeoireachta agus gnóthaí talmhaíochta agus bia.
Tá Conor ina iriseoir le BBC Thuaisceart Éireann ón mbliain 2001 i leith, i mbun fónaimh le BBC Newsline maidir le nuacht teilifíse, le cúrsaí reatha ar an raidió agus ar líne. Sula ndeachaigh sé ag obair leis an BBC, chaith sé seacht mbliana ina thuairisceoir teilifíse le UTV agus d’oibríodh sé freisin le The Irish News. Is céimí é de chuid Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. As Coilleach Eanach i gContae Ard Mhacha do Conor ó dhúchas agus is maith leis
laethanta fada a chaitheamh i mbun siúl sléibhe sna Beanna Bóirche i gContae an Dúin, i Sléibhte Chuailgne i gContae Lú agus i gceantar Shliabh gCuilinn i ngar dá áit dúchais. Deir Conor, ag labhairt dó ar an gcúram nua: “Ábhar ríméid dom glacadh le post Chomhfhreagraí Thuaisceart Éireann le RTÉ. Bhí tábhacht riamh le scéal Thuaisceart Éireann ach ó tháinig an Breatimeacht, is é an chaoi a bhfuil teannadh nua agus leibhéil bhreise chastachta á bhfí trí chaidreamh na ndaoine ar na hoileáin seo agus níos faide ó láthair. Tá fonn orm a léiriú chomh maith nach cúrsaí polaitíochta amháin atá sa saol ó thuaidh agus go bhfuil réimse leathan ábhair eile scéil le ríomh chomh maith agus le cur i láthair.” Tiocfaidh Conor Macauley i mbun an chúraim nua le RTÉ i mí Lúnasa.
Beidh Conor ag obair le Vincent Kearney, atá nua-cheaptha ina Eagarthóir Thuaisceart Éireann le RTÉ, agus le Áine Ní Ghallchóir, Tuairisceoir Nuacht RTÉ le TG4 in oifig RTÉ i mBéal Feirste.