Fógraíonn RTÉ sonraí faoi shamhradh ollmhór spóirt ar fud na teilifíse, an raidió agus ar líne
Craobhchomórtas na hEorpa, na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha agus Craobhchomórtas CLG go léir le bheith beo agus saor go haer ar RTÉ
Rásaíocht capall, haca agus galf le craoladh i rith an tsamhraidh freisin
Tá samhradh breá lán le spórt saor go haer os ár gcomhair tráth a bhfuil RTÉ ag réiteach féasta d’aicsean beo a chraoladh sna míonna atá amach romhainn. Cuirfear tús leis an aicsean le UEFA Euro 2020 Dé hAoine an 11 Meitheamh, nuair a thabharfaidh an Iodáil aghaidh ar an Tuirc sa chéad chluiche agus leanfar leis an aicsean nuair a chuirfear tús le Craobhchomórtas CLG ar an 27 Meitheamh nuair a rachaidh an Clár agus Port Láirge chun páirce i gCraobhchomórtas Iomána na Mumhan. Buaicphointe an tsamhraidh a bheidh sna Cluichí Oilimpeacha (ag tosú ar an 23 Iúil) agus sna Cluichí Parailimpeacha (ag tosú ar an 24 Lúnasa) i dTóiceo, a chinnteoidh go mbeidh RTÉ ina lárionad spóirt an samhradh seo.
Beidh rásaíocht capall bheo le feiceáil an samhradh seo freisin, leis an Dubai Duty Free Irish Derby ón gCurrach ar an 26 Meitheamh agus Rásaí na Gaillimhe ón 26 Iúil, chomh maith le Craobhchomórtas Haca na hEorpa ó Amstardam, ina mbeidh Éire ag imirt i gcoinne na hÍsiltíre, na hAlban agus na Spáinne, ag tosú leis an gcluiche in gcoinne na hÍsiltíre ar an 5 Meitheamh. Is in Mount Juliet a bheidh an Dubai Duty Free Irish Open ar siúl, agus craolfar na ceithre lá ar fad beo ar RTÉ ón 1 Iúil.
Beidh clúdach iomlán eisiach ag Spórt RTÉ ar Euro 2020 a cuireadh ar athló, ag tosú leis an searmanas oscailte agus an chéad chluiche ar an 11 Meitheamh suas go dtí an cluiche ceannais i Wembley ar an 11 Iúil.
Tosóidh Craobhchomórtais CLG an deireadh seachtaine an 26 agus 27 Meitheamh, agus craolfaidh RTÉ 20 cluiche beo ar an teilifís, 14 cluiche acu a chraolfar go heisiach ar RTÉ (féach nótaí d’eagarthóirí chun clár iomlán na gcluichí a fháil). Áireofar ar na buaicphointí craoladh beo ar na sé chluiche ceannais cúige ar fad sa pheil agus san iomáint chomh maith le Cluichí Leathcheannais agus Cluichí Ceannais Chraobh na hÉireann sa dá chód, mar aon le Cluiche Ceannais Chorn Joe McDonagh.
Tosóidh Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo ar an 23 Iúil leis an searmanas oscailte, agus cuirfidh Spórt RTÉ an t-aicsean ar fad faoi bhráid an lucht féachana, tráth a mbeidh lúthchleasaithe na hÉireann, agus 11,000 iomaitheoir eile ó gach cearn den domhan ina dteannta, ag féachaint le héacht stairiúil a bhaint amach.
Leanfar leis na Cluichí Parailimpeacha i dTóiceo ansin, ag tosú ar an 24 Lúnasa. Tá sé cruthaithe ag lúthchleasaithe parailimpeacha na hÉireann arís is arís eile gur féidir leo na boinn a thabhairt abhaile leo, agus beidh Spórt RTÉ i lár an aonaigh fad a bheidh an fhoireann reatha ag iarraidh cur le líon na mbonn sin.
Dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir, RTÉ: “Tráth a bhfuilimid ag druidim go cúramach agus go dóchasach i dtreo samhradh gnóthach lán spóirt, tá lúcháir orainn an-chuid den aicsean saor go haer a chur ar fáil ar RTÉ. Fad a mbeidh iomaitheoirí ag filleadh ar raoin is faiche, ar pháirceanna imeartha agus ar chúrsaí, beidh Spórt RTÉ ann do gach uile chic, phoc, léim agus amas ar an mbealach, sa bhaile agus thar lear.”
Dúirt Declan McBennet, Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ : “Bainfear caighdeáin níos airde amach i gcúrsaí spóirt an samhradh seo ná riamh roimhe seo, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon. Tá meas ag RTÉ ar an stádas gustalach atá aige agus luas, neart, scileanna agus spiorad na lúthchleasaithe i ngach cód á gcur faoi bhráid lucht féachana na hÉireann aige saor go haer ar an teilifís, ar an raidió, sa nuacht agus ar líne. Táimid ag súil le taifead a dhéanamh ar na buaicphointí spóirt agus iad a roinnt, agus níl amhras ar bith faoi ach go mairfidh siad i gcuimhne na nÉireannach go ceann i bhfad.”
Na Meáin Shóisialta
Lean Spórt RTÉ ar líne:
Instagram: @RTE2FM
Twitter: @RTESport