LÁ BLOOM AR RTÉ
– DRÁMAÍOCHT Killian Scott sa phríomhpháirt den chéad léiriú de The United States vs Ulysses
– FUAIM RTÉ Léiriú éachtach 29 uair, 45 nóiméad ar Ulysses de chuid RTÉ le craoladh ar Radio 1 Extra an Lá Bloom seo – Gan stad. Gan chinsireacht. Gan sárú.
– AR LÍNE Na 15 scéal ar fad ó Dubliners le bheith ar fáil ar www.rte.ie/ulysses
(Will you?)
Drámaíocht nua agus closábhar nua cartlainne i gcroílár an cheiliúrtha atá ag teacht aníos do Lá Bloom ar RTÉ.
Craolfaidh RTÉ den chéad uair riamh The United States vs Ulysses le Colin Murphy – a mbeidh Killian Scott ina phríomhaisteoir ann – drámú fíorspéisiúil ar an gcás cúirte ó 1933 inar “tarraingíodh siar an cosc” a bhí ar Ulysses i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cuirfear an dráma os comhair an phobail den chéad uair i gcomhpháirt le hIonad James Joyce.
Lena linn sin, beidh réimse ábhair breise ar fáil ar www.rte.ie/ulysses, ina measc sin, léiriú iomlán RTÉ ar Dubliners – 15 scéal ar fad – chomh maith leis an aon dráma amháin a scríobh Joyce, Exiles. Beidh 20 clár ‘míniúcháin’, ‘Reading Ulysses’, a bhfuil Gerry O Flaherty agus Fritz Senn ina láithreoirí orthu, ar fáil ar an láithreán gréasáin, chomh maith le sraith Joycesongs (ceol ón leabhar á sheinm ag Ceolfhoireann RTÉ), agus closábhar agus ábhar físe cartlainne eile.
Déanfaidh RTÉ athchraoladh domhanda ar léiriú Ulysses le Joyce ar RTÉ Radio 1 Extra, léiriú atá chóir a bheith 30 uair an chloig. Tosóidh an léiriú drámaithe iomlán, a craoladh ar dtús in 1982 le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain Joyce agus atá 29 uair agus 45 nóiméad ar fad san iomlán, ag an am céanna a thosaíonn turas Stephen Dedalus agus Leopold Bloom araon trí Bhaile Átha Cliath sa leabhar: 8am ar an 16 Meitheamh. Is féidir leis an lucht éisteachta éisteacht go beo ar RTÉ Radio 1 Extra, nó ar an bpodchraoladh ag www.rte.ie/ulysses.