NUACHT RTÉ AR AN gCÉAD EAGRAÍOCHT CHUN CLÁRÚ LE TIONSCNAMH NUA IONTAOIBHE IRISEOIREACHTA DOMHANDA
IS ÉARD A DÚIRT JON SNOW CHANNEL 4 LE RTÉ NÁ GO BHFUIL AN FHÍRINNE FAOI LÉIGEAR AR LÍNE
Tá a thiomantas d’iriseoireacht ar féidir muinín a bheith ag daoine aisti treisithe ag RTÉ leis an bhfógra go mbeidh an eagraíocht ar an gcéad eagraíocht meán cumarsáide de chuid na hÉireann a chláróidh don Tionscnamh Iontaoibhe Iriseoireachta (JTI). Cláróidh Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ don ghealltanas JTI agus bainfidh úsáid as a uirlis trédhearcachta ar líne féin, atá deartha chun iriseoireacht iontaofa a chur chun cinn.
Tá sé tugtha le fios i dTuarascáil Nuachta Digití Reuters (Éire) 2021 gurb é RTÉ an fhoinse nuachta is iontaofa dar le tomhaltóirí na hÉireann, agus 78% de fhreagróirí ag tabhairt le fios gur féidir leo muinín a bheith acu as an tseirbhís.
Is éard a dúirt Jon Williams, Bainisteoir Stiúrtha ar Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ, inniu ag imeacht ar líne mar chuid d’fheachtas Nuacht RTÉ – Tá an Fhírinne Tábhachtach: “Tá borradh curtha ag an bpaindéim faoin éileamh ar iriseoireacht bheacht, bunaithe ar fhíricí, ó fhoinsí nuachta iontaofa. Ach ní leor a thuilleadh an fhírinne a dheimhniú. I measc an ghleo de mhífhaisnéis atáthar a dhéanamh, tá sé den ríthábhacht gur féidir le lucht féachana agus éisteachta muinín a bheith acu as a bhfuiltear a rá leo. Ciallaíonn sé sin gur cheart dúinn a bheith níos soiléire faoin méid a dhéanaimid chun a chinntiú go bhfuil an méid a thuairiscímid cruinn. Is ionann sin agus míniú a thabhairt ar an údar a dtuairiscímid an méid a thuairiscímid. Is é RTÉ an eagraíocht nuachta is iontaofa in Éirinn. Ach tá trédhearcacht ríthábhachtach maidir leis an iontaoibh agus an fhírinne. Mar sin, beidh RTÉ ar an gcéad eagraíocht nuachta de chuid na hÉireann inniu a dhéanfaidh iarratas ar bheith páirteach sa ‘Tionscnamh Iontaoibhe Iriseoireachta”.
Tá sé mar aidhm leis go mbeadh sé níos éasca ag lucht féachana agus éisteachta iriseoireacht iontaofa a aithint trí ghnáthchaighdeáin a chur i dtoll a chéile d’eagraíochtaí nuachta maidir le hiontaoibh agus trédhearcacht. Tagarmharc i ndáil le caighdeán agus neamhspleáchas, arna bhronnadh ag iniúchóirí neamhspleácha. Ar an gcaoi chéanna gur féidir brath air gur in Éirinn a tairgeadh táirge ar a bhfuil Comhartha Q Bhratach na hÉireann, ciallaíonn an caighdeán JTI gur féidir muinín a bheith agat as iriseoireacht nuachta eagraíochta.”
Cuireann uirlis ar líne an JTI ar chumas eagraíochtaí meán cumarsáide trédhearcacht chomh maith le hiontaofacht a bpróiseas eagarthóireachta a sheiceáil, a nochtadh agus a chur chun cinn mar aon le hasraonta meán iontaofa a aithint. Tá sé mar aidhm leis iriseoireacht agus foinsí nuachta iontaofa a chur chun cinn agus athrú ó bhonn a dhéanamh ar chéimeanna chun aghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis.
Reporters Without Borders a rinne an JTI a fhorbairt le tacaíocht ó Aontas Craoltóireachta na hEorpa, agus i gcomhar le breis is 130 eagraíocht agus duine aonair a bhí ionadaíoch ar thionscal na meán, an saol acadúil, comhlachtaí rialála agus féin-rialála, comhlachtaí teicneolaíochta agus an earnáil um fhorbairt meán. Tá glactha go foirmeálta ag Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann leis an JTI ón 1 Meitheamh i mbliana.
Le linn imeacht Nuacht RTÉ – Tá an Fhírinne Tábhachtach – leag Jon Snow, láithreoir le Channel 4 News, béim ar an ábhar imní atá air féin maidir le mífhaisnéis le linn na paindéime agus dúirt “Táimid in iomaíocht fhíochmhar… tuigimid nár mhór dúinn dianobair a dhéanamh chun caighdeáin a choinneáil agus iontaoibh a chothabháil, nithe atá ag éirí níos deacra mar go bhfuil iontaoibh faoi léigear ar líne agus tá an fhírinne í féin faoi léigear ar líne … is cath é a bhíonn le troid gach lá againn”.
Is éard a dúirt Jon Snow le Miriam O’Callaghan “is maith an rud é go bhfuil dúshlán tugtha dúinn agus tá údar maith leis go dtabharfadh rialtais dúshláin dúinn, ach táimid fós i mbaol. Níl aon dabht ach go bhfuil fadhb ann maidir leis an gcothromaíocht idir leas tráchtála, an fhírinne agus an gá atá ann daonraí a choinneáil ar an eolas”.
Is éard a dúirt sé faoi na contúirtí is mó a chaithfidh lucht iriseoireachta aghaidh a thabhairt orthu: “is é an deacracht cheart ná an teannas síoraí atá ann idir an gá airgead a shaothrú agus an gá an fhírinne a insint agus ní thagann an dá ghné sin le chéile i gcónaí, ní hionann leasa úinéireachta agus an fhírinne i gcónaí.”
Agus é ag súil le héirí as an gcraoltóireacht nuachta gach oíche, braitheann Jon Snow gur mhór an phribhléid dó é a bheith le Channel 4 News agus níl aon aiféala air, beag ná mór, go ndeachaigh sé le hiriseoireacht, an post céanna atá aige le 32 bliain, agus dúirt: “bíonn orainn labhairt ar son na ndaoine sin nach bhfuil an deis acu sin a dhéanamh dóibh féin, insíonn siad an fhírinne dúinn, ní mór dúinn an fhírinne a bhailiú fad a oibrímid agus tá seans ann gur fírinne í sin nach léir dúinn í a bheith fírinneach nó go mbailímid í.”
Is mórfheachtas de chuid Nuacht RTÉ é Tá an Fhírinne Tábhachtach, feachtas atá dírithe ar bhéim a leagan ar an bhfadhb a bhaineann le mífhaisnéis agus an tábhacht a bhaineann le nuacht a fhoinsítear go beacht . Tá an lucht féachana agus éisteachta ar fad imithe i dtreo fhoinsí nuachta ar féidir leo muinín a bheith acu astu ar thóir na fírinne ó thosaigh an phaindéim dhomhanda. D’óstáil RTÉ imeacht ar líne inniu do pháirtithe leasmhara dar teideal A Matter of Life and Death: Journalism in a Pandemic.
Nótaí:
Tá tairiscint an JTI comhdhéanta de trí chéim; ar an gcéad dul síos, tugtar cuireadh don asraon meán cumarsáide féinmheasúnú a dhéanamh, lena mbaineann seiceáil inmheánach ar chomhréireacht le Caighdeán JTI. Ar an dara dul síos, d’fhéadfaí torthaí an fhéinmheasúnaithe sin a nochtadh go toilteanach don phobal agus d’fhéadfadh an t-asraon meán cumarsáide iad a fhoilsiú mar Tuarascáil Trédhearcachta. Is ionann an chéim dheiridh den phróiseas agus iniúchadh seachtrach lena mbaineann measúnú neamhspleách arna dhéanamh ag Comhlacht Deimhniúcháin ceadúnaithe. Déanfar an t-asraon meán cumarsáide a dheimhniú agus bronnfar Comhartha JTI air nuair a bheidh na trí chéim tugtha chun críche go rathúil. Eolas ar an Tionscnamh Iontaoibhe Iriseoireachtahttps://www.jti-app.com/helpdesk Gealltanas an JTI
Seoladh an chéad chéim d’fheachtas Nuacht RTÉ – Tá an Fhírinne Tábhachtach – i Meán Fómhair 2020 agus vótáil Aontas Craoltóireachta na hEorpa ar a shon agus dúirt gurbh é an blaisín cruthaitheach aonair ab fhearr a craoladh le bliain anuas. Bronnadh an Bonn Óir ar an bhfeachtas sa chatagóir fíorasach ag fáil an ceann is fearr ar bhreis is 200 feachtas eile ó ar fud na hEorpa – lena n-áirítear feachtais ó eagraíochtaí mór le rá mar an BBC agus ARD na Gearmáine.
Féach: https://www.youtube.com/watch?v=AZsPexZqDXw
Seoladh céim 2 den fheachtais i mí Bealtaine 2021, féachfaidh RTÉ lena thiomantas i leith iontaoibhe, ionracais, agus na fírinne a léiriú. Beidh iriseoir ó Nuacht RTÉ páirteach i ngach cuid den chéim sin a thabhairt chun críche, a dhéanfaidh an tionchar a d’imir ceann amháin de na croíluachana sin an tslí a thug siad faoi mhórscéalta nuachta nó ábhar nuachta a thuairisciú.Tá an feachtas á reáchtáil ar an teilifís, an raidió, ar ardáin fuaime, ar líne agus ar ardáin meán sóisialta (lena n-áirítear Instagram, tiktok agus snapchat).
Sheol Nuacht RTÉ sraith podchraolta ceithre chlár, The Truth Matters, ina ndéantar mar a scaiptear mífhaisnéis i ré na meán cumarsáide a fhiosrú agus ina dtabharfar comhairle maidir le bealaí chun tú féin a chosaint ina coinne. Scrúdófar sa tsraith na difríochtaí idir mífhaisnéis agus bréagaisnéis agus fiosrófar mar a scaipeann teoiricí comhcheilge chomh sciobtha ar líne agus an chúis a dtarlaíonn sin. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig: www.rte.ie/truthmatters