RTÉ ag ceiliúradh Oíche Chultúir 2021 agus ag tacú léi
Taibhithe a coimisiúnaíodh go speisialta, cláracha ar an téama, feachtais tomhaltóirí … agus eile
www.rte.ie/culture | www.culturenight.ie | #culturenight
NASC CHUIG RÉAMHFHÓGRA RTÉ
Tá RTÉ ag déanamh ceiliúradh arís ar a chomhpháirtíocht le hOíche Chultúir, a bheidh ar siúl Dé hAoine an 17 Meán Fómhair, agus ag tacú léi trí thaibhithe teilifíse a coimisiúnaíodh go speisialta, mar aon le cláracha, ábhar agus tuairiscí ar an téama, a chur ar fáil ar fud sheirbhísí RTÉ ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne.
Craolfar feachtas náisiúnta d’Oíche Chultúir ar RTÉ taobh le feachtas Oíche Chultúir féin, a mbeidh tacaíocht aige faoi scéim RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona.
ÁIRÍTEAR AR BHUAICPHOINTÍ OÍCHE CHULTÚIR AR RTÉ
ÉIST: Beidh clúdach ar thionscadail agus ar imeachtaí Oíche Chultúir a bheidh ag tarlú ar fud na tíre ar Arena ar RTÉ Radio 1 (7.00pm – 8.00pm) le linn na laethanta roimh an oíche í féin.
ÉIST: An Cheolchoirm Lyric le Paul Herriott ar RTÉ lyric fm le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ agus Príomh-Stiúrthóir Jaime Martín ina mbeidh fuirseoir agus láithreoir seó cainte Tommy Tiernan páirteach chun reacaireacht a dhéanamh ar leagan údarásach Prokofiev den scéal mealltach Peter and the Wolf. Déanfar é seo a chraoladh beo ar RTÉ.ie/culture chomh maith.
FÉACH: Cuirfidh foireann Nationwide Culture Night Special i láthair ag 7.00pm Dé hAoine an 17 Meán Fómhair ar RTÉ One.
FÉACH: Beidh taibhiú speisialta oscailte ar The Late Late Show ag 9.35pm Dé hAoine an 17 Meán Fómhair ar RTÉ One.
TÉIGH CHUIG: Caith súil ar RTÉ Player chun ábhar Nationwide agus an Late Late Show a luaitear thuas a fháil, chomh maith le roinnt ábhair a coimeádadh go speisialta d’Oíche Chultúir.
TÉIGH CHUIG: RTÉ.ie/Culture a bheidh ina lárionad ar líne don uile ní a bhaineann le hOíche Chultúir.
NA SONRAÍ
Nationwide – Culture Night Special
Beidh an Nationwide Culture Night Special ina chuid lárnach d’Oíche Chultúir ar RTÉ, ag 7.00pm Dé hAoine an 17 Meán Fómhair ar RTÉ One.
Mar a thagann muintir na tíre le chéile arís chun Oíche Chultúir a cheiliúradh, tabharfaidh foireann Nationwide cuairt ar ghrúpaí agus pobail ealaíon timpeall na tíre le blaiseadh a fháil ar an méid atá ar bun acu chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid bhliantúil ealaíon agus cultúir seo. Ar an Nationwide Culture Night Special, tabharfar scéalta uaillmhéine, diongbháilteachta agus áthais chun solais ó phobail na n-ealaíon a bhí ag streachailt le bliain anuas agus a léirigh láidreacht in aghaidh na hanachaine, agus tabharfar léargas ar bhuaicphointí a gclár agus a dtionscadal Oíche Chultúir chomh maith.
Late Late Show – Taibhiú Speisialta Oscailte
Níos déanaí an tráthnóna sin ar RTÉ One, déanfar ceiliúradh ar Oíche Chultúir ar The Late Late Show le taibhiú oscailte a coimisiúnaíodh go speisialta, agus níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh sé dochreidte maith. Beidh an taibhiú á thionlacan ag fuaimrian a cumadh go speisialta dó, arna thaifeadadh ag Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ. Bí ag féachaint air Dé hAoine an 17 Meán Fómhair ar RTÉ One ag 9.35pm.
AGUS ANUAS AIR SIN
Beidh go leor eile maidir le hOíche Chultúir le RTÉ ar RTE.ie/Culture, lárionad ar líne don uile ní a bhaineann le hOíche Chultúir.
Is féidir leat coinneáil suas le RTÉ ar Twitter, Facebook agus Instagram trí leas a bhaint as an haischlib #culturenight.
Dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes: “Cé nach rabhamar ábalta imeachtaí poiblí a eagrú mar chuid d’Oíche Chultúir ar RTÉ i mbliana, tá clár spreagúil ilghnéitheach curtha le chéile againn ar fud sheirbhísí RTÉ ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne, clár a dhéanann ceiliúradh ar ealaíontóirí, taibheoirí, scríbhneoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí agus na foirne léiriúcháin a bhíonn ag obair sa chúlra ag gach leibhéal, ar fud na tíre. Mar a fháiltímid roimh athoscailt ionaid agus spásanna na tíre, cuirtear deis ar leith ar fáil le hOíche Chultúir na bliana seo aitheantas a thabhairt do shaibhreas agus d’ilchineálacht na n-ealaíon, cultúir agus na cruthaitheachta in Éirinn mar aon leis an ról tábhachtach atá acu i saol na ndaoine. Tá bród ar RTÉ a bheith ag tacú le feachtas saincheaptha Oíche Chultúir ar RTÉ agus ag tacú leis trí scéim RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona chomh maith, scéim a thug tacaíocht ríthábhachtach d’earnálacha an chultúir agus na n-ealaíon le linn na paindéime.”
Faigheann Oíche Chultúir ar RTÉ tacaíocht ón gComhairle Ealaíon.
Chun tuilleadh a fháil amach faoi Oíche Chultúir, téigh chuig www.culturenight.ie.