Aisling Bea, Laura Whitmore agus Dermot Whelan i measc na foirne aisteoirí mór le rá in Will Sliney’s Storytellers
Ealaín, eachtraíocht agus beochaintí nua taibhsiúla – seónna nua do lucht féachana agus éisteachta níos óige fógartha ag RTÉ don bhriseadh lár téarma agus do thréimhse na Samhna
Aisling Bea, Laura Whitmore agus Dermot Whelan i measc na foirne aisteoirí mór le rá in Will Sliney’s Storytellers
Beidh an gearrscannán X Marks the Spot a bhfuil Clare Dunne i measc na cléire i sceideal RTÉ2 agus ar an RTÉ Player
Tá seónna agus sraitheanna iontacha úrnua agus seónna a bheidh ar ais ar an aer fógartha ag RTÉ inniu, lán d’ealaín, eachtraíocht faoin spéir, beochaintí nua, gearrscannáin, scannáin agus cláir speisialta thaibhsiúla Samhna chun siamsaíocht a chur ar fáil don lucht féachana agus éisteachta níos óige le linn an bhriseadh lár téarma ag deireadh na míosa seo.
Is é an t-ealaíontóir greannán Éireannach Will Sliney agus cliar de carachtair mhóra le rá a bheidh ar thús cadhnaíochta agus iad ag cur seó iontach nua ealaíne éagsúil faoinár mbráid ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player. Beidh Will Sliney’s Storytellers á chraoladh ag 12.05pm gach lá ón 25 Deireadh Fómhair ar meascán de sheó líníochta agus beochan eachtraíochta é chun múineadh do dhaoine óga a bhfuil bua na healaíne acu leis an uirlis troda is cumhachtaí dá bhfuil ann a úsáid – an peann luaidhe. Inseofar sa tsraith scéal Freya (Laura Whitmore), léarscáilí óg de shliocht na Lochlannach agus Ogham an lia mothaitheach fíorthráthúil a bhíonn ar foluain (Aisling Bea) agus iad ag iarraidh ealaíontóirí óga a earcú chun tabhairt faoi thóraíocht amthaistil le go gcuirfidh siad stop le Chronicle (Dermot Whelan) agus a bhuíon de ghiollaí gualainne gan mhaith greim a fháil ar na saothair ealaíne is mó le rá ar domhan. Beidh leaganacha beochana spreagúla sa tsraith den láithreoir agus scríbhneoir, Dawn O’Porter, an t-iomrascálaí de chuid WWE Superstars, Stephen Farrelly, an t-aisteoir Demi Isaac Oviawe (ó The Young Offenders) agus an t-aisteoir, Suzie Seweify, iad ar fad ag déanamh guthú dá gcarachtair féin.
Is ealaíontóir agus scríbhneoir sárdhíola greannán Marvel é Will Sliney a bhfuil gradaim buaite aige. Is éard a dúirt sé faoin tsraith, arna léiriú do RTÉ ag a chomhlacht féin Pioneertown Productions agus ag an gcomhlacht as Baile Átha Cliath, Fastnet Films: “Tá súil agam gur seó a bheidh in Storytellers a thabharfadh ugach don chéad ghlúin eile d’ealaíontóirí, scríbhneoirí, ealaíontóirí greannán agus beochantóirí óga Éireannacha. Táim ag iarraidh go bhfoghlaimeoidh leanaí uaim le pictiúir a tharraingt agus le scéal a scríobh agus ba mhaith liom béim a chur ar gur scil í an líníocht ní tallann agus go bhfuil fíorghairmeacha ann d’ealaíontóirí. Má tá leaid óg as baile iascaireachta i gCorcaigh ábalta gairm a bhaint amach ina ealaíontóir greannán do Marvel tá duine ar bith in ann an rud céanna a bhaint amach. Faoi dheireadh na sraithe beidh na huirlisí ag duine ar bith a fhéachann uirthi a gcarachtair agus scéalta nua féin a chumadh. Is í an fhís atá agamsa ná go mbeadh daoine as Éirinn iad féin ag obair i dtionscal na cruthaitheachta i gceann cúpla bliain agus súil agam go mbeidh ugach éigin faighte acu ónár seó chun tabhairt faoin gcruthaitheacht.”
Féach ar an mblaisín anseo.
An 23 Deireadh Fómhair ar RTÉjr agus an 25 Deireadh Fómhair ar RTÉ2 a thosóidh A Breath of Fresh Scare, sraith nua thaibhsiúil de ghearrscannáin bheochana ó sheacht gcomhlacht Éireannacha: scéal bhunús Fhéile na Samhna i ‘Samhain’; ‘Nana’s Terrifying Zoom Call’; píosa idircheoil scanrúil a fhanfaidh leat ar feadh i bhfad ar a dtugtar ‘I Wanna Be A Werewolf’; ‘Ghost Dog’, scéal croíúil faoi chailín agus a madra a fhanfaidh lena taobh go brách; ’Dagda’s Harp’, ina bhfuil gnéithe den bhéaloidis agus gné de shaol lár na cathrach sa lá atá inniu ann fite fuaite ina chéile agus fuaimrian funcaí leis, is é Jordan Kelly aka Strange Boy, a bhfuil a chéad albam ardmholta seolta aige le gairid, a bheidh i mbun reacaireachta; ‘Cliodhna, Queen of the Banshees’; scéal chailín sí óg atá ag iarraidh a bheith ar nós gach uile dhuine eile faoi Shamhain; is é an comhlacht And Maps And Plans, a bhain gearrliosta Dhuais an Acadaimh amach, a chuirfidh ‘Empty Little People’ i láthair.
Is féidir féachaint ar bhlaisín do A Breath of Fresh Scare anseo.
An 25 Deireadh Fómhair ar RTÉ2 ag 2.55pm a bheidh X Marks the Spot á chraoladh ina insítear scéal Sam a chuireann caipín an bhleachtaire uirthi féin nuair a bhíonn sí den barúil go bhfuil an Foghlaí Mara clúiteach Gráinne Mhaol ina cónaí béal dorais. Faoi stiúir Hugh O’Connor (Metal Heart) agus ina bhfuil Clare Dunne (Herself, Kin), Sive agus Aisling Doyle, Carl Shaaban (Taken Down, Songs for While I’m Away) agus Jade Jordan (Kin, The Virtues) ina bpríomhaisteoirí, is scéal croíúil é X Marks the Spot faoi chomh tábhachtach is atá sé a bheith mórtasach asat féin fiú nuair a chuirtear brú ort a bheith ar nós gach uile dhuine eile. Is é David Kitt a chum an ceol bunaidh do X Marks the Spot agus is í Eithne Fitzsimons ó Tailored Films a léirigh.
Is féidir féachaint ar bhlaisín de X Marks the Spot anseo.
Beidh Critters TV ar ais do shraith nua gach lá ar RTÉ2 agus RTEjr ón 25 Deireadh Fómhair. Seo seans casadh le hainmhithe fiáine dúchasacha na hÉireann ar bhealach nua ar fad – iad sa bhaile, iad caite siar ag ligean a scíthe agus iad ag breathnú ar chláracha faisnéise faoin bhfiadhúlra ar an scáileán teilifíse! Idir míreanna scannánaíochta beo-aicsin ó chláracha faisnéise agus beochaintí carachtar déthoiseach fíorghreannmhara amach is amach, tá Critters TV leagtha amach chun go mbeidh lucht féachana óg na hÉireann ábalta foghlaim faoin domhan nádúrtha atá díreach taobh amuigh dá dtairseach féin.
I mí na Samhna – beidh an sraith nua, Bush Kids, á craoladh ón 1 Samhain ag 3.50pm, sraith ina mbeidh saineolaí an mharthanais, Tom Bán, ag tarraingt ceithre theaghlach amach as an gclúid, iallach orthu a ngutháin a fhágáil ina ndiaidh, agus tabharfaidh sé ar eachtra iontach sa bhfiántas iad – nach orthu atá an t-ádh! Cuirfear gach teaghlach i mbun spaisteoireachta i ngnáthóg ar leith, múinfidh Tom réimse leathan scileanna marthanais dóibh, tine a lasadh, greim a fháil ar bhia agus é a réiteach, foscadh a thógáil agus conas dúshlán na síne a thabhairt. Idir aibhneacha agus shléibhte, móinéir agus cladaigh cuirfear áilleacht nádúrtha na hÉireann os ár gcomhair in Bush Kids agus tabharfar ardán do na scileanna a theastaíonn chun teacht slán as an timpeallacht dhian ach, mar sin féin, uathúil.
Idir an dá linn, tá gach a bhfuil de sholas in RTÉJr Radio múchta agus fonn diabhlaíochta ceart ar chách le linn Fhéile na Samhna!
Spooky FM – Bhí aerthonnta RTÉjr Radio faoi léigear ag zombaí agus ag vaimpír le linn Fhéile na Samhna seo caite chun scéalta scanrúla scéiniúla a insint don teaghlach ar fad ag teannadh le hOíche Shamhna. Peter Dunne a scríobh agus ba é Liam Geraghty a léirigh, tabhair cluas dó má tá sé de mhuinín agat! Is féidir éisteacht le sraith a haon agus le sraith a dó de Spooky FM tríd an bpodchraoladh nó is féidir an raidió a chasadh air gach oíche Dé hAoine ag 7pm chun creathadh aisteach a bhaint asat.
https://www.rte.ie/radio/podcasts/series/33184-spooky-fm/
A Way Home – An tSlí Abhaile: Mar chuid de scéim Chomhealaíontóra Siamsa Tíre i dTrá Lí, rinneadh Olivia Hope a choimisiúnú chun taighde a dhéanamh ar sheanchas na gCeilteach agus scéal nua faoi anáil na dtraidisiún agus na gcreideamh a bhaineann le Féile na Samhna a fhorbairt – tréimhse ina ngéilleann gile an tsamhraidh do dhorchadas an gheimhridh agus ina mbíonn an tsamhlaíocht faoi bhláth faoi scáth an ghruaim. Agus go deimhin bhí samhlaíocht Olivia faoi bhláth agus is spreagadh mór é a scéal A Way Home/An tSlí Abhaile don taispeántas mór ealaíne seo do leanaí. Bhí sí ag obair i gcomhpháirtíocht le 20 maisitheoir agus ealaíontóir a chur draíocht agus dath lena scéal. Tá leagan fuaime den bhunscéal curtha le chéile ag foireann RTÉjr Radio, leagan a chuirfidh faoi gheasa thú. Tá aisteoirí, idir shean agus óg, ó cheantar Thrá Lí páirteach sa leagan seo den scéal agus tugtar cuireadh don lucht éisteachta sult a bhaint as an tSamhain seo. Beidh sé ar fáil le linn sheachtain na Samhna ar RTÉjr Podcasts nó ar an raidió ag 4pm ar Oíche Samhna, an 31 Deireadh Fómhair.
https://www.rte.ie/radio/podcasts/series/30697-rtejr/
Samhain Stories – Tá máistir mór na scéalaíochta, Steve Lally, ar ais le mionsraith de scéalta scéiniúla ag 6.30pm gach tráthnóna ó Déardaoin an 28ú lá go dtí Oíche Shamhna nó éist leis trí RTÉjr Podcast.
https://www.rte.ie/radio/podcasts/series/30697-rtejr/
Fizzwhizzle – Bí i dteannta Lola Panforté, sealgaire na bpúcaí den scoth agus leanbh bona fide, agus í ag tabhairt cuairt arís ar cheann de na tithe is mó sa tír a bhfuil taibhsí ann chun an ceol is scanrúla agus na hiontais is síofrúla a nochtadh. Oíche Shamhna ag 11am nó éist siar leis tríd an leathanach raidió.
https://www.rte.ie/radio/rtejrradio/fizzwhizzle/
Beidh an tsraith dhrámaíochta fantaise HBO/BBC His Dark Materials le Ruth Wilson, Simone Kirby (a bheidh le feiceáil go gairid i ndráma nua RTÉ Hidden Assets) agus Andrew Scott, ar RTÉ One gach tráthnóna ag 4.35pm ón 31 Deireadh Fómhair.
I measc na scannán a bheidh ar siúl le linn an bhriseadh lár téarma beidh: Pirates of the Caribbean: Dead Men Tell No Tales; Against The Wild -The Great Elephant Adventure; Against The Wild- Survive the Serengeti; Annabelle Hooper and the Ghosts of Nantucket; agus Ghostbusters 2