BRIAN O’DONOVAN FÓGARTHA AG RTÉ NEWS INA CHOMHFHREAGRAÍ NUA OIBRE & TEICNEOLAÍOCHTA
Cúis áthais do RTÉ News a fhógairt go bhfuil iriseoir RTÉ Brian O’Donovan ceaptha i bpost an Chomhfhreagraí Oibre & Teicneolaíochta linn.
Mar chuid dá ról nua, déanfaidh Brian tuairisciú agus anailísiú ar an saol oibre atá againn, an chaoi a bhfuil athrú ag teacht air agus na forbairtí fairsinge atá ag teacht chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta.
Beidh réimse leathan ábhair i gceist le cúram an Chomhfhreagraí Oibre & Teicneolaíochta do RTÉ News, lena n-áirítear todhchaí na hoibre agus na fostaíochta maidir le tionscail, cuideachtaí poiblí agus príobháideacha, gnóthais bheaga agus trádálaithe aonair; treochtaí i ndáil le hobair agus tionchar na teicneolaíochta ar an áit a mbímid ag obair ann agus ar an gcaoi a mbímid ag obair; ról an chaidrimh thionsclaíoch lena n-áirítear an earnáil gan cheardchumann mar aon le ceardchumainn, aighnis, caibidlíocht agus bearta pá na hearnála poiblí; agus tionchar reachtaíochta fostaíochta agus sláinte agus sábháilteachta agus treoracha agus beartas an AE ar ár saol oibre.
Beidh an comhfhreagraí ag tuairisciú ar réimse na teicneolaíochta freisin, lena n-áirítear forbairtí a bhaineann le gnólachtaí móra teicneolaíochta agus gnólachtaí teicneolaíochta nuathionscanta Éireannacha, cosaint sonraí agus Coimisiún Cosanta Sonraí na hÉireann, agus teicneolaíocht tomhaltóra agus an bhagairt ar shlándáil agus ar shábháilteacht phearsanta de dheasca úsáid na teicneolaíochta.
Tá Brian O’Donovan ina iriseoir le RTÉ ó bhí an bhliain 2015 ann, agus ceapadh é i ról Chomhfhreagraí Washington i mí Eanáir 2018. Le linn a chuid ama sna Stáit Aontaithe, chlúdaigh Brian cuid de na scéalta is mó le roinnt blianta anuas lena n-áirítear dhá tháinseamh uachtaránachta, an ghluaiseacht agóide Black Lives Matter, géarchéim COVID-19, toghchán uachtarán na Stát Aontaithe agus forghabháil Fhoirgneamh Chaipeatól na Stát Aontaithe.
Chuir Brian tús lena ghairm chraoltóireachta leis an stáisiún áitiúil raidió Red FM i gCorcaigh, an áit arb as dó. Thosaigh sé ag obair le TV3 ansin, agus chaith sé 10 mbliana ag obair i róil éagsúla leo, comhfhreagraí nuachta agus déantóir clár faisnéise ina measc.
Tá sé pósta le Joanna agus tá beirt iníonacha acu. I mí Dheireadh Fómhair foilsíodh céad leabhar Brian, dar teideal Four Years in the Cauldron ina n-insítear scéal a chuid ama ag clúdach tréimhse thar a bheith corraitheach agus drámatúil sna Stáit Aontaithe.
Dúirt Brian, ag labhairt dó ar a chúram nua: “De bharr phaindéim COVID-19, tá athshamhlú ó bhonn déanta againn ar an mbealach a mbímid ar fad ag obair agus is a bhuíochas leis an teicneolaíocht a raibh sé d’acmhainn againn na hathruithe móra seo a dhéanamh. De réir mar a bhíonn daoine ag déanamh a mbealaigh tríd an ‘ngnáthshaol nua’, tá mé ag súil le ról an Chomhfhreagraí Oibre agus Teicneolaíochta a ghlacadh orm féin, ról a bheidh i gcroílár chlúdach RTÉ ar an saol seo atá ag athrú.”
Beidh Brian ag dul i mbun dualgais i mí Feabhra 2022.