RTÉ JOE MAG RAOLLAIGH FÓGARTHA AG RTÉ INA CHOMHFHREAGRAÍ NUA TALMHAÍOCHTA AGUS GNÓTHAÍ TOMHALTÓIRÍ
Tá áthas ar RTÉ a fhógairt go bhfuil Joe Mag Raollaigh ceaptha ina Chomhfhreagraí nua Talmhaíochta agus Gnóthaí Tomhaltóirí. I láthair na huaire is é Joe eagarthóir chlár suaiteanta polaitíochta RTÉ The Week in Politics. Tá sé ag obair le Nuacht RTÉ ar an raidió, ar an teilifís agus ar líne ón mbliain 2008 i leith.
Ina chainteoir líofa Gaeilge, beidh Joe ag tuairisciú i mBéarla agus i nGaeilge araon, ag cur le hábhar RTÉ News i bhfoirm dhigiteach, ar an teilifís agus ar an raidió, Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 san áireamh.
Is as Órán Mór, Co. na Gaillimhe do Joe. Rugadh i mBostún é, áit a ndeachaigh a thuismitheoirí ar imirce sna 1960idí, ach d’fhill an teaghlach go luath sna 1970idí agus chuir siad fúthu arís i gCo. na Gaillimhe. D’fhreastail sé ar OÉ Gaillimh, áit ar bhain sé amach BA, MA sa Nua-Ghaeilge agus Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach.
Chuir sé tús lena ghairm chraoltóireachta in Clare FM, áit ar chuir sé cláracha cúrsaí reatha agus feirmeoireachta i láthair sular bhog sé go TG4 tar éis bhunú an stáisiúin sa bhliain 1996. Ceapadh é ina Chomhfhreagraí Polaitíochta do TG4 agus Nuacht RTÉ sa bhliain 2004, tráth a mbíodh sé ag tuairisciú ó Theach Laighean. Fad a bhí sé ag tuairisciú do RTÉ News ón mbliain 2008 ar aghaidh, lean sé air ag déanamh tuairiscí Gaeilge do Nuacht TG4 agus chuir sé clár cúrsaí reatha i láthair ó am go chéile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí ról an Eagarthóra aige do na cláracha Leaders Questions agus European Parliament Report chomh maith.
Ag labhairt dó tar éis fhógra RTÉ faoina cheapachán i bpost an Chomhfhreagraí Talmhaíochta agus Gnóthaí Tomhaltóirí, dúirt Joe Mag Raollaigh go bhfuil sé ag súil go mór leis an ról a ghlacadh. “Tá dúshláin nach bhfacthas riamh cheana roimh fheirmeoirí in Éirinn de réir mar atá siad ag iarraidh dul i dtaithí ar spriocanna nua maidir leis an gcomhshaol, costais atá ag ardú agus dearcadh na dtomhaltóirí a bhíonn ag athrú, fad atá an bia ardchaighdeáin a dteastaíonn uainn ar fad á tháirgeadh acu fós. Is tréimhse athraithe é seo dúinn inár dtomhaltóirí freisin, tráth a bhfuil boilsciú ag dul go mór i bhfeidhm ar go leor buiséad teaghlaigh. Tá tábhacht níos mó ná riamh ag baint le luach ar airgead maidir le hearraí agus seirbhísí. Tá mé ag súil le clúdach cuimsitheach a dhéanamh ar na saincheisteanna sin agus a thuilleadh nach iad do lucht féachana RTÉ ar líne, ar an raidió agus ar an teilifís sna blianta atá amach romhainn.”
Beidh Joe ag dul i mbun a phoist nua i mí Feabhra agus is as Stiúideo RTÉ Réigiún an Iarthair i nGaillimh a bheidh sé ag obair.