THIS IS ART CLUB! Clár nua seachtainiúil faoi réimse iomlán na cruthaitheachta do dhaoine óga ildánacha ar RTÉ2 agus an seinnteoir RTÉ Player
This Is Art Club! | Ón 3 Márta 2022 | RTÉ Kids – YouTube
Is breá le RTÉ, ó d’éirigh chomh hiontach sin ar fad leis an gcomórtas digiteach ealaíne This Is Art!, sraith nua spleodrach d’ealaíontóirí óga agus do dhaoine ar breá leo an ealaín, a chur ar fáil Déardaoin ar RTÉ2 agus ar RTÉ Player.
Holly Pereira agus Shane Keeling a chuireann This Is Art Club! i láthair gach seachtain ó champas an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha. Bíonn gach clár lán le healaín, le healaíontóirí, le leidí agus le cleasa, le modhanna oibre agus le toradh saothair á dtaispeáint, le míreanna faoin gcultúr don tsúil agus le tuairiscí speisialta. Leagtar béim i ngach clár ar cheann amháin faoi leith de na príomhchineálacha bunábhair a chleachtann ealaíontóirí a úsáid – cré, ábhar datha, páipéar, gloine, miotal, ábhar plaistigh agus fiú amháin picteilíní. Gheofar amach cé as a dtagann siad, cén úsáid a bhaintear astu agus an chúis gur féidir saothar iontach ealaíne a chruthú astu.
Beidh meitheal Tuairisceoirí óga TIA ag dul amach gach seachtain chun tuairiscí speisialta a thabhairt dúinn faoi imeachtaí spleodracha, taispeántais, tionscadail cruthaitheachta agus eile, atá ar siúl ar fud na tíre, chomh maith le féachaint le cíoradh a dhéanamh ar a bhfuil de fhreagraí ar an tseancheist sin ‘cad is ealaín ann?’.
Beidh seans ag daoine óga, i rith chláracha na sraithe, lá a chaitheamh ina bprintísigh ag ealaíontóirí a shaothraíonn i dtionscail éagsúla – triail á bhaint acu as saol oibre i réimsí éagsúla cruthaitheachta, potadóireacht nó gúnadóireacht, dathadóireacht fógraí, séideadh gloine agus macasamhla maisíochta a dhéanamh.
Tugann cuid mhór daoine éagsúla a shaothraíonn a gcuid cruthaitheachta i saol na healaíne léargas dúinn ar a gcuid saothair agus a gcuid modhanna oibre, ina measc Aideen Barry, John Kindness, James Earley agus eile. Cíortar ar This Is Art Club! roinnt de na hiontais ba mhó riamh i stair na healaíne agus taispeánann Ross Carvill, ealaíontóir cónaithe TIA Club féin, bealaí le saothar iontach ealaíne a chruthú as ábhar de ghnáthchineál. Tá cuireadh tugtha againn freisin do ghrúpa sárealaíontóirí óga teacht isteach chuig stiúideo TIA Club ar champas an Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha chun roinnt de na scileanna agus de na modhanna míne oibre a chleachtann siad a thaispeáint dúinn.
Leanfaidh an tsraith ar feadh ocht seachtaine, ag tosú ag a 5 i.n. Déardaoin an 3 Márta ar RTÉ2 agus ar RTÉ Player. Tugtar cuireadh d’ealaíontóirí agus do dhaoine ar spéis leo an ealaín, gan bheann ar aois, ceangal leis an gclub agus súil a choinneáil ar a bhfuil ag tarlú ar an teilifís, ar RTÉ Player agus ar líne. Tá ábhar digiteach ag gabháil leis an tsraith á chur ar fáil ar rte.ie/thisisart trínar féidir le daoine cíoradh níos doimhne a dhéanamh ar an obair ealaíne a fheictear ar na cláracha. Beidh ábhar breise le feiceáil ansin, ábhar le tarraingt chugat féin, taispeántais agus acmhainní oideachais maidir le cúrsaí ealaíne arna chur le chéile ag Scoil an Oideachais sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha.
Maisitheoir í Holly Pereira atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus a oibríonn ar mhúrphictiúir chomh maith. Cruthaíonn sí saothar tréan, láidir, ildaite, spraíúil. Is minic tagairt i múrphictiúir lámhphéinteáilte Holly d’ealaín na ndaoine agus féachann sí ina cuid saothair le húsáid a bhaint as dathanna agus as dearthóireacht i spásanna poiblí sa chaoi is go gcruthaítear áiteanna bríomhara gléigeala ina mbeadh fonn orainn spraoi a dhéanamh. Tá obair déanta ag Holly ar réimse leathan tograí, mar shampla maisiúchán digiteach agus múrphictiúr lámhphéinteáilte ceithre stór ar airde, agus cuireann sí chuig gach saothar nua ar bhealach sainiúil dána den nuacht.
Deir Holly: ‘Is breá liom na smaointe agus na modhanna machnaimh a fheiceáil atá ag na healaíontóirí óga ar This Is Art Club! go háirithe maidir le cúrsaí polaitíochta agus le géarchéim na haeráide. Is orthu a bheidh aird ag saol na healaíne (agus b’fhéidir ag an saol mór) as seo go ceann leathchéad bliain agus is mór mo thnúth lena bhfuil le cur in iúl acu a fheiceáil.’
Ealaíontóir as Loch Garman é Shane Keeling atá ag teacht chun cinn i mbun criadóireachta, dealbhóireachta agus maisiúcháin. Ghnóthaigh sé céim BA in Ábhair Fheidhmeacha ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha agus tá sé ag saothrú i Londain faoi láthair ina ealaíontóir, teicneoir agus oide cónaitheach in The Kiln Rooms. Déanann Shane cur síos air féin mar ealaíontóir a fhaigheann spreagadh ó phróisis agus go mbaineann sé úsáid as ábhar grinn lena chuid oibre a dhéanamh níos inghlactha. Bíonn sé ag iarraidh seansanna agus rioscaí a thógáil nuair atá sé ag cruthú píosaí ealaíne.
Deir Shane: ‘Is modh maireachtála agamsa an ealaín. Tá i gceist leis go siúilim ar chlár an domhain seo leis na súile oscailte agus go súim isteach a bhfuil os mo chomhair, go bhféachaim le spreagadh a bhaint as gnáthshaol an lae. Tá fáiltiúlacht, agus féiltiúlacht, san ealaín; tá agus spraoi. Bíodh misneach agat asat féin agus tiocfaidh saothar ionraic, macánta, dáiríre dá bharr. Bíodh spéis agus spreagadh i gceist le gach ní dá mbaineann le próiseas an tsaothraithe agat, agus téigh sa seans gach deis dá mbíonn agat. Ná bíodh imní ort faoi rud nua a thriail. Ní namhaid don saothar atá i ndán aon teip i mbun saothar an lae inniu.’
Deir Suzanne Kelly, Ceannasaí Ábhair do Leanaí agus do Dhaoine Óga, RTÉ: ‘Bíonn cuimhne ag daoine fásta i gcónaí ar na cláracha ealaíne agus ceardaíochta a bhí ar an teilifís agus a mbíodh deifir abhaile orthu chucu nuair a bhí siad féin ag teacht in inmhe. Tá an spéis chéanna sin sa chruthaitheacht beo i ndaoine óga an lae inniu agus is ábhar mórtais againn an tsraith faoi leith seo a chur ar fáil daoibh a mbeidh spraoi, lón spreagtha agus ábhar iontais as ag na glúnta ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn. Tar éis an clár teilifíse a fheiceáil, is féidir ábhar breise a fháil ar líne ar rte.ie/thisisart. Is ríthábhachtach, agus is ríthráthúil, cruthaitheacht den uile chineál a cheiliúradh agus a spreagadh agus is ríspéisiúil an rud a léiriú leis an tsraith seo cé chomh hildánach ilghnéitheach atá muintir na hÉireann.’
Deir Bonnie Dempsey, léiritheoir le Dyehouse Films: ‘Is é ba mhian linn spás a chruthú ina bhféadfaí ceiliúradh a dhéanamh ar iléagsúlacht iontach an tsaothair atá ar bun ag daoine óga ar fud na tíre. Bhí rún againn chomh maith a léiriú nach caitheamh aimsire amháin atá san ealaín – is post dáiríre atá ann agus cé gur obair thábhachtach an obair a dhéanann ealaíontóirí, is féidir cuid mhór spraoi a bheith ag baint leis chomh maith. Táthar ríbhuíoch dóibh siúd ar fad a shaothraíonn an chruthaitheacht, más seanbhunaithe faoin tráth seo nó daoine atá ag teacht chun cinn, a chaith a gcuid ama, fuinnimh agus dúthrachta le lucht an chlub, más le hábhar léargais nó lón comhairle, ag déanamh cúraim de phrintíseach óg ar feadh an lae nó ag fáiltiú roimh chriú fiosrach TIA sa stiúideo ealaíne. Tá súil againn go gcruthaíonn an tsraith seo do dhaoine óga, agus dá gcuid tuismitheoirí, gur iomaí bealach inar féidir dul i mbun na healaíne agus go bhfuil leas le baint ag an uile dhuine as an ealaín.”
Deir an tOllamh Sarah Glennie, Stiúrthóir an Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha: ‘Is ábhar ríméid ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha oibriú i gcomhar le Dyehouse Films agus le RTÉ mar chuid den togra spreagúil nua seo trína gcothófar a gcuid cruthaitheachta sna daoine óga ar fud na hÉireann agus trína léireofar dóibh a bhfuil le baint amach leis ar bhealaí éagsúla. Bíonn leas as an gcruthaitheacht i réimsí uile an tsaoil agus is iomaí ré gairme is féidir a thaobhú tar éis dul faoi oideachas san ealaín agus sa dearthóireacht; tá súil againn go léirítear do dhaoine óga leis an gclár seo na bealaí éagsúla inar féidir le saol i mbun cruthaitheachta a chruthú dóibh féin.’