Teachtaireacht ó Gearoid Mac Donncha, Cheannaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tá cúis mhór cheiliúrtha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo agus muid ag comóradh leathchéad bliain ar an bhfód Dé Sathairn.
Tháinig muid ar an aer den chéad uair a Dhomhnach Cásca 1972 mar thoradh ar fheachtas a reáchtáil Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a d’éiligh stáisiún raidió ina dteanga féin do phobal na Gaeltachta. Is údar mór bróid dom an tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil do phobal na Gaeltachta, agus do phobal na Gaeilge tré chéile, ó shin lá i ndiaidh lae.
Dé Sathairn, craolfaidh muid coirm cheoil fíor-speisialta beo ó chroílár na Gaeltachta ag 7 pm chun an ócáid stairiúil seo a chomóradh. Beidh Ceolfhoireann RTÉ agus plúr na gceoltóirí traidisiúnta páirteach sa choirm, ina measc Altan, Iarla Ó Lionáird, Steve Cooney, Muireann Nic Amhlaoibh, Cór Chúil Aodha, agus neart eile.
Is iad misneach, féiniúlacht agus mórtas cine na príomh-théamaí a bheas ag an gcoirm cheiliúrtha dar teideal RTÉ Raidió na Gaeltachta 50, a léireoidh beocht, saibhreas, dúchas, muinín, misneach agus mórtas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ceiliúradh ar an bpobal sin a bheas san ócáid seo, an dream a chuaigh i mbun stocaireachta le Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus a throid ar son a gcearta, iad siúd a bhunaigh an raidió i dtús na seachtóidí agus iad siúd a bhí agus atá ag obair ann, na daoine a éisteann go dílis leis an tseirbhís, gach aon duine a bhfuil baint nó páirt acu le saol na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus na daoine óga atá ag fás aníos inniu agus a choinneoidh an lóchrann lasta.
Is fada ó bhí ócáid cheoil chomh mór le seo in aon cheantar Gaeltachta, má bhí sé riamh ann, agus tá RTÉ Raidió na Gaeltachta an-bhródúil go bhfuil an teacht le chéile seo ann chun caoga bliain an raidió a chomóradh. Tá mé an-bhuíoch dóibh siúd ar fad in RTÉ Raidió na Gaeltachta, in RTÉ agus sa chomhlucht léiriúcháin Aniar TV, a bhfuil obair iontach déanta acu chun an ócáid seo a reáchtáil agus a chur chun cinn.
Craolfar an choirm beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 7 pm Dé Sathairn 2 Aibreán, agus beidh sé le feiceáil beo ar líne freisin ag rte.ie/gaeilge. Tá súil againn go mbeidh sibh in ann cluas a thabhairt dúinn nó féachaint ar an gcoirm ar líne. Craolfar buaicphointí na coirme i gclár teilifíse a bheidh le feiceáil ar RTÉ One ar 23 Aibreán.
Tá Gearóid Mac Donncha ina Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta