Leanann RTÉ de bheith ag tacú le Spórt na mBan agus Craobhchomórtas UEFA le craoladh den chéad uair riamh
– Gach ceann de na 31 cluichí le craoladh beo
– I measc na n-anailísithe beidh Vera Pauw, Stephanie Roche, Louise Quinn, Niamh Fahey, Lisa Fallon, Meghan Campbell, Richie Sadlier & Kevin Doyle
Is ar RTÉ a bheidh cúrsaí sacair na mban mí Iúil na bliana seo agus gach ceann de na 31 cluichí ó Chraobhchomórtas UEFA na mBan 2022 á gcraoladh beo – an chéad uair riamh a dhéanfar sin le linn phríomh-am teilifíse in Éirinn – ag leanúint de thiomantas RTÉ do spórt na mBan.
I measc na bpainéalaithe saineolaíocha a bheidh ag déanamh anailís ar na cluichí i gcaitheamh an chomórtais beidh bainisteoir fhoireann Phoblacht na hÉireann Vera Pauw, imreoirí idirnáisiúnta reatha Stephanie Roche, Louise Quinn, agus Niamh Fahey, an cóitseálaí mór le rá agus iar-imreoir Lisa Fallon, chomh maith le hiar-imreoirí Richie Sadlier agus Kevin Doyle. Beidh Áine O’Gorman – a bhfuil 122 caipín aici le foireann Phoblacht na hÉireann, Megan Campbell a imríonn ar Fhoireann Learphoill agus ar fhoireann Phoblacht na hÉireann chomh maith le Chloe Mistaki a imríonn ar Fhoireann Shelbourne agus ar fhoireann Phoblacht na hÉireann ar phainéal na n-anailísithe freisin le linn na gcluichí i mí Iúil.
Craolfar na cluichí go léir ar RTÉ – beidh 27 de na cluichí sin beo agus eisiach ar RTÉ2, agus 4 chluiche grúpa ar siúl ag an am céanna ar Chainéal RTÉ News agus ar an RTÉ Player – ag leanúint de thiomantas RTÉ do thacú le spórt na mban. Chomh maith le clúdach an tsamhraidh seo ar Chraobhchomórtas na hEorpa, d’fhógair RTÉ Sport an tseachtain seo go gcraolfar gach cluiche cáilithe a imreoidh foireann Phoblacht na hÉireann do Chorn an Domhain FIFA 2023 beo ar RTÉ. Beidh clúdach RTÉ Player de na cluichí ar fad ar fáil ar fud an domhain freisin.
Díríonn feachtas Skin in the Game RTÉ Spórt maidir le Craobhchomórtas UEFA na mBan 2022 ar bhaill d’fhoirne Phoblacht na hÉireann Faoi 17 agus Faoi 19 atá ag teacht chun cinn agus díríonn ar uaillmhianta na n-imreoirí sin Craobhchomórtas na hEorpa a bhaint amach amach anseo. Cruthaíodh an feachtas i gcomhpháirtíocht le RTÉ, an FAI agus Ponder Films. Faoi stiúir Darragh Carey, rinneadh scannánaíocht ar an bhfeachtas i gceanncheathrú an FAI agus ar Champas Spórt Éireann.
Bhain RTÉ Sport a sprioc 30% de láithreoirí mná amach i gclúdach spórt ar fud na teilifíse sa bhliain 2021. Is iad Jacqui Hurley, Peter Collins, Clare MacNamara, agus Marie Crowe a bheidh i gceannas i stiúideonna RTÉ le linn Chraobhchomórtas na hEorpa.
Is í an t-anailísí Lisa Fallon í féin, duine de na cóitseálaithe is fearr sa tír a bhfuil gairm mór le rá bainte amach aici ar an bpáirc agus ar an taobhlíne, an chéad anailísí mná riamh a ghlac páirt i gclúdach RTÉ d’fhoireann na bhfear agus ar chluiche i Sraith na gCuradh agus a bhí ina comhthráchtaire ar chluiche i Sraith na hÉireann.
Is éard a dúirt Declan McBennet, Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ: “Is é Craobhchomórtas UEFA na mBan 2022 an comórtas samhraidh ar a mbeifear ag díriú sa bhliain 2022 agus a chuireann spórt na mban i gcroílár aird an domhain i dtaobh spóirt. Mar chuid dár dtiomantas feiceálacht níos fearr a thabhairt do spórt na mban, tá an-áthas orainn gach cluiche a chraoladh agus ardán a thabhairt do phlúr na n-imreoirí mná.”
Is éard a dúirt Jacqui Hurley, láithreoir le RTÉ Sport: “Tá an-ríméad orm go mbeidh mé páirteach i mórchomórtas eile ar RTÉ an samhradh seo. Is dóigh liom go bhféadfadh an craobhchomóratas seo tionchar mór a imirt, go háirithe ar chailíní óga, ar a dtuairimí faoi dhomhan an spóirt agus tá sé tábhachtach go bhfuil ról ag an gcraoltóir náisiúnta ansin. Tá súil agam go dtuigfidh réalta óga an tsacair go bhfuil teacht acu ar a bhfeiceann said de bharr an chomórtais seo.”
Is é Sasana óstach Chraobhchomórtas UEFA na mBan 2022 a bheidh ar siúl ón 6 go dtí an 31 Iúil. Cuirfear tús leis an gcomórtas leis an gcluiche idir Sasana agus an Ostair ar an 6 Iúil in Old Trafford Mhanchain. Is í an Ísiltír an curadh reatha, agus beidh Tuaisceart Éireann ag glacadh páirt sa chomórtas den chéad uair riamh an mhí Iúil seo. Ar an 7 Iúil a beidh an chéad chluiche ag Tuaisceart Éireann in aghaidh na hIorua in Southampton.
Féach ar gach cluiche #WEURO2022 ar @RTÉSport Aireland @weuro2022 #RTEskininthegame
Nótaí
Tá béim leagtha ag RTÉ ar mhná sa spóirt le cúpla bliain anuas, ag cur leis an méid clúdach a fhaigheann spórt na mban. Tá an ionadaíocht a dhéanann RTÉ ar láithreoirí agus ar phainéalaithe mná méadaithe ag an stáisiún, i gcomhar le heagraíochtaí comhpháirtíochta chun daoine cumasacha a thabhairt chun cinn don teilifís, don raidió agus d’ábhar ar líne.
Is céim mhór eile chun cinn é go mbeifear ag craoladh Chraobhchomórtas UEFA na mBan le linn príomh-ama den chéad uair in aistear tiomantais RTÉ do chlúdach spórt na mban. Leanann sé Corn Domhanda FIFA na mBan sa bhliain 2019 ar éirigh thar cionn leis agus béim níos mó ar fhoireann náisiúnta sacair na mBan, agus chluichí cáilithe do Chorn na hEorpa agus do Chorn an Domhain, sa bhaile agus as baile á gcraoladh beo sna blianta ó shin.
Sa bhliain 1998 chraol RTÉ an chéad chlúdach beo de Chluiche Ceannais Camógaíochta Sinsear na hÉireann agus tá gealltanais tugtha sna blianta ó shin clúdach a mhéadú chun Cluichí Ceannais Sóisear agus Idirmheánach, Cluichí Ceathrú Ceannais agus Leathcheannais Sinsear na hÉireann a chraoladh beo chomh maith le cluichí ceannais na gClubanna agus na Sraithe.
Thosaigh RTÉ ag craoladh Sé Náisiún i Rugbaí na mBan sa bhliain 2013 agus leanann de chlúdach beo a chur ar fáil ón gcomórtas gach bliain ó shin i leith.
Thug RTÉ an t-aicsean ar fad a bhain le cluiche ceannais Chorn an Domhain sa Haca inar imir Éire sa bhliain 2018 agus lean scéal na foirne sin go dtí gur cháiligh sí do na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo an samhradh seo caite.
Tá RTÉ tiomanta do spriocanna a bhaint amach i dtaobh spórt na mban a chur ar fáil do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann ar fud spóirt aonair agus foirne.
RTÉ Sport – Feachtas Skin in the Game
RTÉ Sport | Skin In The Game | #WEURO2022 – YouTube