Déanfar Cultúr, Cruthaitheacht agus Daoine Cumasacha na hÉireann a cheiliúradh ar Shéasúr Nua RTÉ
Beidh drámaíocht úrnua Éireannach, scéalta uathúla agus daoine cumasacha Éireannacha i lár an aonaigh chomh maith le Spórt Beo
Déanfar cultúr, cruthaitheacht agus daoine cumasacha na hÉireann a cheiliúradh sa séasúr nua atá le teacht ar RTÉ agus beidh drámaíocht úrnua Éireannach, scéalta uathúla agus daoine cumasacha Éireannacha i lár an aonaigh.
Beidh daoine cumasacha na hÉireann chun tosaigh agus breis is 40 uair an chloig de dhrámaíocht nua Éireannach le craoladh, an dara sraith de Kin a bhain cáil idirnáisiúnta amach chomh maith le sraitheanna úrnua, North Sea Connection, SisterS, The Dry, Clean Sweep, agus sraith eile de Smother ina measc.
Beidh réaltaí nua a bhfuil gealladh fúthu agus daoine nua cumasacha sa chlár grinn nua No Worries if Not!, agus beidh sraith nua Storyland ag díriú ar scríbhneoirí agus stiúrthóirí cumasacha nua a thabhairt chun cinn, daoine a thabharfaidh dearcthaí nua don lucht féachana agus éisteachta i gceithre ghearrchlár drámaíochta.
Roinnfear scéalta uathúla Éireannacha i réimse de chláracha agus sraitheanna faisnéise úrnua, ina gcaithfear súil ar an saol in Éirinn agus ar chultúr na hÉireann, scéalta a bhaineann le stair shaibhir na tíre go scéalta a bhfuil tábhacht leo sa lá atá inniu ann, agus leanfar freisin de chur lenár gcláracha Gaeilge.
Tabharfar ardán d’fhoirne, cluichí agus lúthchleasaithe na tíre ag déanamh beart i réimse cuimsitheach spóirt áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta saorchraolta, fad a mbeidh saoránaigh óga na tíre ábalta súil a bheith acu le réimse ábhar Gaeilge ar thopaicí iléagsúla amhail cúrsaí meabhairshláinte a chur chun cinn agus teanga chomharthaíochta na hÉireann a fhoghlaim, le beochaintí agus cláracha drámaíochta bunaidh Éireannacha de scoth an domhain.
Drámaíocht
Is é RTÉ fós an áit le teacht ar chláracha drámaíochta ardchaighdeáin as Éirinn agus breis is 40 uair an chloig de dhrámaíocht nua Éireannach sa séasúr nua seo. Ó chláracha gruama grinn agus drámaíocht teaghlaigh go scéinséirí Nordacha – Éireannacha, tá RTÉ ag obair le roinnt comhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta chun tuilleadh ábhar drámaíochta a chur ar fáil do lucht féachana na hÉireann chun daoine cumasacha nua as Éirinn a chothú agus ardán a thabhairt dóibh ar scáileáin idirnáisiúnta.
Beidh an fanacht thart dóibhsean a bhí ag faire amach do mhuintir Kinsella agus an dara sraith de Kin a fuair moladh idirnáisiúnta agus a bhfuil Claire Dunne, Aidan Gillen agus Charlie Cox sna príomhpháirteanna agus tús curtha leis an léiriú i mBaile Átha Cliath. Sa tsraith nua seo is iad muintir Kinsella a bheidh i mbarr réime i mBaile Átha Cliath anois agus marú Eamon Cunningham ag cruthú an méid céanna fadhbanna agus a réitigh sé, is léir. Sa tsraith nua ghrinn, The Dry, atá suite i mBaile Átha Cliath, a scríobh Nancy Harris agus a bhfuil Roisin Gallagher, Moe Dunford agus Ciaran Hinds, a bhfuil ainmniúchán Oscar faighte aige, sna príomhpháirteanna, tabharfar léargas ar an eachtra thochtmhar agus go minic bharrúil a bhíonn i gceist le luachanna teaghlaigh agus ar an gcathú a bhíonn i gceist le filleadh abhaile. Scéinséir comhaimseartha é North Sea Connection atá suite i bpobal traidisiúnta iascaireachta Éireannach faoin tuath i gConamara agus is iad Lydia McGuinness, Sinead Cusack, Kerr Logan agus Ailda Morbeg na príomhaisteoirí.
Is ag Charlene McKenna atá an príomhról sa scéinséir nua Clean Sweep. Bean tí í McKenna atá pósta le Bleachtaire Garda a mharaíonn an duine a mbíodh sise i mbun coireachta leis nuair a bhagraíonn an duine sin an méid a bhí ar bun acu a insint. Tá Dervla Kirwan ar ais don tríú sraith de Smother a taifeadadh le radhairc bhreátha chontae an Chláir sa chúlra, agus is dráma grinn gruama é SisterS faoi bheirt bhan a fhaigheann amach gur leathdheirfiúracha iad agus a thugann ansin faoi thuras bóthair trasna na hÉireann. Cuirfidh an clár drámaíochta is fearr le muintir na hÉireann, Fair City, neart siamsaíochta ar fáil ceithre oíche sa tseachtain.
Beidh neart boscraí nua de shraitheanna iontacha drámaíochta á gcur leis an RTÉ Player freisin, an tsraith dhrámaíochta Éireannach Dublin Murders ina measc. Beidh an lucht féachana ábalta sásamh a bhaint chomh maith as neart sraitheanna drámaíochta Éireannacha eile amhail Smother, Love/Hate, The South Westerlies, Pure Mule, Striking Out agus Acceptable Risk.
I mbliana, beidh cláracha drámaíochta aonair nua mar chuid de Storyland ar Theilifís RTÉ den chéad uair. Mistéir comhaimseartha é Storyland: Balor Hall le Rioghnach Ní Ghriogair; scéal samhlaíoch faoi mhí-úsáid substaintí agus féindochar é Storyland:Mustard le Eva O’Connor, agus scéal cumhachtach é Storyland:Every Five Miles le Sinead Collop faoi gháinneáil daoine in Éirinn. Fuarthas líon ollmhór iarratas ar Storyland i mbliana nach bhfacthas riamh cheana ina raibh RTÉ agus Fís Éireann ag obair i gcomhar agus i gcomhpháirtíochtaí chun earnáil drámaíochta na hÉireann a fhás in éineacht.
Leanann RTÉ Radio 1 de thacú le scríbhneoirí cumasacha a fhorbairt agus a aimsiú trí Drama on One a mbeidh Bloody Writers le Charlie McCarthy, agus Primroses le Colm Mac an Iomaire mar chuid de i mbliana.
Cláracha Fíorasacha
Cuirfidh sraitheanna fíorasacha agus cláracha faisnéise RTÉ an séasúr seo scéalta Éireannacha ar leith i mbéal an phobail agus déanfaidh cur síos ar mar a chaitheann náisiún s’againne an saol anois, mar a chaith muid é san am atá caite agus mar a chaithfidh muid é amach anseo, ag déanamh ceiliúradh ar an gcultúr agus ar an oidhreacht atá againn agus ag déanamh taifeadadh ar an tsochaí seo atá ag síorathrú ar fud gach ardán.
Tabharfar léargas in The War at Home ar thaithí agus ar mhothúcháin mhuintir na hÚcráine agus iad ag taisteal go hÉirinn agus ar fhreagairt na hÉireann ar an ngéarchéim; in DIY SOS Speisialta na hÚcráine, oibreoidh Baz Ashmawy agus a fhoireann saorálaithe in aghaidh an chloig chun tithíocht shealadach a chur ar fáil do theaghlaigh atá ar a dteitheadh ón gcogadh sa tír.
Scrúdófar tubaiste Stardust sa chlár Stardust i gcomhthéacs fianaise nua a cuireadh i láthair ag an ionchoisne. Tabharfaidh Arthur Gourounlian agus Brian Dowling spléachadh ar a n-aistear féin le máthairionadaíocht in Brian and Arthur’s Very Modern Family. Fiosrófar sa chlár Saipan-Rebel Without a Ball chomh maith, b’fhéidir, a bheadh déanta ag foireann an hÉireann thall dá mbeadh Roy Keane fanta, agus cuirfidh Davy Fitz grúpa eile déagóirí ag fulaingt len iad a chur ar bhóthar a leasa in Davy’s Toughest Team.
Rachaidh an ceamaradóir faoi uisce Ken O’Sullivan ag taiscéalaíocht agus ag fiosrú stair an dúlra agus tírdhreacha a bhaineann linn in North Atlantic, agus sa tsraith trí-chlár The Island arna cur i láthair ag Liz Bonnin, déanfar ceiliúradh ar stair an dúlra.
Sraith nua é Build Your Own ina leanfaidh muid cora casta úinéirí tí ar fud na hÉireann agus beidh Maggie Smith ar ais le tuilleadh Cheap Irish Homes. Beidh Room To Improve ar ais freisin agus rachaidh Dermot Bannon go dtí an Spáinn agus go hAlbain le haghaidh tuilleadh Dermot Bannon’s Incredible Homes. Beidh Carl Mullen agus James Kavanagh ag iarraidh siopa sceallóg is fearr na hÉireann a aimsiú in Takeaway Titans.
Agus clabhsúr á chur ar Dheich mBliana na gCuimhneachán beidh réimse éagsúil d’ábhar speisialtóra i gceist an séasúr seo ar Chogadh na gCarad agus ar Éire na réabhlóide a mbeidh fáil air ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne. I measc na mbuaicphointí beidh The Irish Civil War, sraith faisnéise trí chuid á hinsint ag Brendan Gleeson agus a scríobh agus a stiúir Ruán Magan. In Two Tribes a chuirfidh Sean O’Rourke i láthair, leanfar na cosáin dhifriúla a ghlac Fianna Fáil agus Fine Gael nuair a bhí Cogadh na gCarad thart. Rachaidh Katie Hannon ag tochailt sa chartlann náisiúnta chun an méid a rinne muintir na tíre seo nuair a bhí státacht bainte amach againn a fháil amach in Communism, Sex, and All That Jazz. Inseoidh Michael Portillo scéal Chogadh na gCarad i gcomhthéacs Rialtas na Breataine sa chlár A Deal with the Devil.
Siamsaíocht, Ceol agus Coiméide
Cuirfear réimse úr nua de chláracha siamsaíochta, ceoil agus coiméide ar fáil an séasúr seo a thabharfaidh le chéile muid agus a dhéanfaidh ceiliúradh ar na daoine cumasacha atá againn.
Sa tsraith nua ghrinn No Worries if Not!, cuirfear grúpa de réaltaí grinn a bhfuil an-tóir orthu, Justine Stafford, Emma Doran agus Michael Fry ina measc, inár láthair ar RTÉ2. Sa chlár The Ultimate Irish Playlist, a chuirfidh Tracy Clifford ó 2FM i láthair, comhairfear anuas na hamhráin is mó a dhéanann cur síos ar cheol agus ar chultúr na hÉireann mar a vótáil breis is 100,000 duine de lucht éisteachta 2FM. Sa seó nua seánraí éagsúla Mise FRESHIN, déanfar réimsí éagsúla de cheol na hÉireann a thabhairt le chéile, agus i Séasúr 2 de The 2 Johnnies Do America, is ar Nashville, baile dúshais an cheoil tíre, a bheidh siad ag tabhairt a n-aghaidh an uair seo. In Réaltaí na Gaeltachta, rachaidh cúigear as Éirinn a bhfuil aithne mhór orthu ar ais chuig an nGaeltacht chun am a chaitheamh arís ag codladh sna leapacha bunc, ag imeacht le cuirfiúnna agus aird acu ar an riail is tábhachtaí ar fad – gan aon Bhéarla a labhairt.
Leanfaidh RTÉ de mhuintir na tíre a thabhairt ar ais le chéile arís gach oíche Dé hAoine do phlúr na siamsaíochta, an cheoil agus an chomhrá beo agus The Late Late Show ar ais ar an aer don 61ú séasúr le Ryan Tubridy arís ar an stiúir. Beidh The Tommy Tiernan Show agus Angela Scanlon’s Ask Me Anything ar ais leis an tsiamsaíocht oícheanta Dé Sathairn agus an geimhreadh ag teannadh linn. I sraith 6 de Dancing with the Stars, tabharfaidh grúpa nua daoine faoin urlár go luath in 2023, agus de bharr go mbeidh Nicky Byrne ag dul ar camchuairt le Westlife, beidh comhláithreoir nua le fógairt ag RTÉ. Beidh cóitseálaí nua le feiceáil ar Ireland’s Fittest Family i mbliana, is í sin Nina Carberry, seaimpín reatha Dancing with the Stars. An leanfaidh tréimhse bhuaiteach Nina ar aghaidh meas tú? Is cinnte go dtiocfaidh féith na hiomaíochta chun cinn in Ultimate Hell Week: The Professionals nuair a thabharfar dúshlán ollmhór do ghrúpa nua daoine mór le rá, agus tá neart daoine amuigh ansin atá fós sa tóir ar an ngrá sa tsraith mhóréilimh First Dates Ireland.
Beidh Callan’s Kicks ar ais ar RTÉ Radio 1 don 20ú sraith agus é ag trácht ar Éire ag dul i dtreo srianta leictreachais agus billí móra i ndiaidh ‘thréimhse mhór-ráchairte Garth Brooks’ cuirfear críoch le 2022 le hathbhreithniú nuachta bliantúil ar an teilifís Callan Kicks the Year.
Spórt
Beidh meascán breá de chluichí beo agus saorchraolta áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta freisin mar chuid den séasúr nua ar RTÉ. Beidh gach aon cheann den 64 cluiche i gCorn Domhanda FIFA 2022 a bheidh ar siúl i gCatar á gcraoladh beo ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player. Ar an iomlán craolfaidh RTÉ beagnach 200 uair an chloig de chlúdach a gcuirfidh Corn Domhanda FIFA bailchríoch air ar an 18 Nollaig agus beidh foireann láithreoirí, painéalaithe agus tráchtairí RTÉ, nach bhfuil a sárú le fáil, ann chun gach nóiméad de a chur os comhair lucht féachana na hÉireann beo.
De réir mar a bheidh muintir na tíre ag teacht chucu féin arís i ndiaidh sceitimíní agus áthas Chraobhchomórtais CLG, beidh RTÉ ag craoladh cluichí ó Chraobhchomórtais CLG na gClubanna AIB ar feadh an fhómhair agus fillfidh Sraitheanna Náisiúnta Allianz sa bhliain nua, rud a chinnteoidh go mbeidh ábhar CLG ag an lucht féachana ó thús go deireadh na bliana.
Cuirfear tús leis an dara séasúr den Chraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe an deireadh seachtaine an 16 Meán Fómhair i gcomhar le TG4 agus beidh craobh na Sé Náisiún ar ais ag tús mhí Feabhra i gcomhar le Virgin Media.
Imreoidh foirne sacair na Poblachta idir Fhir, Mhná agus Faoi 21 cluichí ríthábhachtacha beo ar RTÉ 2 agus ar an RTÉ Player sna míonna amach romhainn. Tabharfaidh na Fir aghaidh ar an Airméin agus ar Albain i Sraith Náisiún UEFA; imreoidh na Mná an Fhionlainn agus an tSlóvaic i Meán Fómhair agus súil acu áit a bhaint amach i gcluichí cáilithe Chorn Domhanda FIFA 2023; i mí Mheán Fómhair freisin tabharfaidh Fir Faoi 21 na tíre seo aghaidh ar Iosrael i gcluiche cáilithe in iarracht áit a bhaint amach i gCraobhchomórtas Faoi 21 Eorpach UEFA 2023.
Craolfar Cluichí Ceannais Coirn FAI na bhFear agus na mBan beo ar RTÉ2 i mí na Samhna. Leanfar leis an rásaíocht chapall chomh maith, rásaí móra an gheimhridh ina measc – Féile Nollag Bhaile na Lobhar. Beidh Cluichí Ceannais Chorn Domhanda Rugbaí Seachtar an Taobh in Cape Town san Afraic Theas á gcraoladh beo ar RTÉ2 ón 9-11 Meán Fómhair.
Beidh tráchtaireacht, tuairiscí, míreanna agus torthaí á gcraoladh beo ar Raidió RTÉ ar feadh an tséasúir ar Saturday Sport ar RTÉ Radio 1 agus ar Game On ar RTÉ 2FM agus coinneoidh Spórt RTÉ an lucht tacaíochta ar an eolas faoin nuacht, tuairimí agus míreanna is déanaí i saol an spóirt.
Na hEalaíona agus an Cultúr
Cuirfear meascán breá d’ábhar ar fáil sa séasúr Ealaíon agus Cultúir amach romhainn ina measc taibhithe, comhshaothair chruthaitheachta agus cláracha faisnéise ina ndéantar ceiliúradh ar ár gcuid ealaíontóirí agus ina bhfiosraítear an cultúr saibhir atá againn.
Is é a bheidh ina phríomhchuid de chlár Oíche Chultúir 2022 RTÉ ná craoladh beo uair an chloig as Loch na Buaraí a mbeidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus aíonna speisialta páirteach ann agus a chraolfar ar RTÉ One. In A Note for Nature, déanfar tírdhreacha is leochailí na tíre a fhiosrú trí cheol agus an focal labhartha, ag tabhairt ardán don fhiadhúlra a bhfuil éirithe leis teacht slán sna limistéir sin – beidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ, Christy Moore, Kíla, Clare Sands & Susan O’Neill, Alannah Thornburgh, Niamh Regan, Maria Doyle Kennedy, Iarla Ó Lionáird, This is How We Fly, Myles O’Reilly & Wilzee agus Tolü Makay páirteach sa chlár.
In Tommy Tiernan’s Epic West, tabharfar léargas machnamhach, pearsanta ar iarthar na hÉireann – ar an gcultúr agus ar an tírdhreach atá ann agus in Untameable, féachfaidh Colm Tóibín, údar a bhfuil gradaim buaite aige, le saothar Heaney agus ealaíontóirí eile, a raibh an portach ina ábhar inspioráide acu, a oscailt arís. Céad bliain ó bunaíodh Stát Éireann, caithfimid súil siar ar na chéad deich mbliana ag Éirinn ina stát nua sa chlár Lady Gregory: Ireland’s First Social Influencer, turas bóthair ar fud na hÉireann i dteannta Miriam Margolyes agus Lynn Ruane agus in Francis Bacon: The Outsider, a chuirfidh Adam Clayton ón mbanna ceoil U2 i láthair, caithfear súil ar ré nach raibh trácht ar bith uirthi i ndialann nua leis an ealaíontóir atá tagtha chun cinn os ár gcomhair. Craolfar clár ar RTÉ One chomh maith ar na sé leabhar agus údar atá ar an ngearrliosta do ghradam Leabhar Éireannach na Bliana de chuid An Post 2022.
An Ghaeilge
Leanann RTÉ de bheith ag cur leis an réimse ábhair Ghaeilge atá aige le séasúr nua iontach eile de chláracha faisnéise agus sraitheanna Gaeilge ag an bpríomham craolta ar RTÉ One. Sa séasúr seo de Scannal, cíorfar topaicí amhail lámhach Brian Stack atá fós gan réiteach, agus tubaiste Hillsborough; clár faisnéise cinniúnach é An Ré Réabhlóide a coimisiúnaíodh mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán ina bhfiosróidh an laoch CLG, Gráinne McElwain mar a chuidigh CLG leis an scoilt nimhneach a chruthaigh Cogadh na gCarad 100 bliain ó shin a dhruid, agus in amanna, a chneasú. In Ceol na nGael, clár faisnéise nua chun 50 bliain ó bunaíodh Raidió na Gaeltachta a chomóradh, fiosróidh Mairéad Ní Mhaonaigh ón mbanna ceoil Altan an ról a bhí ag an stáisiún i scéal cheol traidisiúnta comhaimseartha na hÉireann.
Déanfar an caidreamh iontach atá ag gnáthdhaoine leis an bhfarraige a fhiosrú sa tsraith faisnéise nua Gaeilge Mealladh na Mara. Sa tsraith Madraí, tabharfaidh grúpa tréidlianna agus saineolaithe ar dhrochiompar ainmhithe cúnamh do dhaoine a bhfuil strus uafásach orthu mar gheall ar na madraí dána atá acu.
Cláracha do Dhaoine Óga ar RTÉjr agus RTÉ 2
Neartóidh RTÉjr an bonn atá aige mar an áit do chláracha beochana as Éirinn le sraitheanna nua amhail Ray of Sunshine, Atom Town, Happy the Hoglet, Kiva Can do, Fia’s Fairies & Wee Littles i sceideal iontach de shraitheanna beochana a rinneadh anseo in Éirinn. Ná cáil Lá Domhanda na Meabhairshláinte ar an 10 Deireadh Fómhair nuair a sheolfaidh muid sraith 5 de ghearrmhíreanna beochana bunaithe ar an téama Feasacht ar Mheabhairshláinte do leanaí gach aois. Seolfar ar Lá Náisiúnta Lámh a bhíonn ar siúl ar an 19 Deireadh Fómhair, ár sraith nua bheo Dizzy Deliveries le Joe an fear seachadta agus Ozzy, an róbó a bhíonn ag cuidiú leis i gcéad shraith Lámh RTÉ riamh do leanaí. Teanga chomharthaíochta láimhe é Lámh a úsáideann leanaí agus daoine fásta atá faoi mhíchumas intleachtúil agus a bhfuil riachtanais chumarsáide acu in Éirinn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha
Tugadh le fios dTuarascáil Nuachta Digití is déanaí Reuters (Éire) 2021 gurb é RTÉ an fhoinse nuachta is iontaofa dar le tomhaltóirí na hÉireann, agus 78% de fhreagróirí ag tabhairt le fios gur féidir leo muinín a bheith acu as an tseirbhís. An séasúr seo, leanfaidh RTÉ de nuacht ar féidir muinín a bheith aisti a chur ar fáil, agus de dhúshlán a thabhairt thar ceann an lucht féachana atá againn le hobair leanúnach RTÉ i gcúrsaí reatha agus fiosrúcháin. Tá curtha ag Nuacht RTÉ lena ghealltanas maidir le hiriseoireacht ar féidir muinín a bheith aisti agus é deimhnithe anois le Marc domhanda an Tionscnaimh um Muinín san Iriseoireacht. Reporters Without Borders a d’fhorbair an tionscnaimh sin agus é i gceist leis iriseoireacht agus foinsí nuachta ar féidir brath orthu a chur chun cinn, agus ina bhfuil iniúchadh seachtrach san áireamh sa phróiseas a mbíonn measúnú neamhspleách arna dhéanamh ag comhlacht deimhniúcháin ceadaithe mar chuid de. An séasúr seo, cuirfidh RTÉ Investigates roinnt cláracha faisnéise agus tuairiscí nua inar tugadh faoi fhiosrúchán domhain, os ár gcomhair.
Cuirfear tús le Monday Night Live sraith nua ocht gclár cúrsaí reatha ar a mbeidh painéal ar RTÉ One an fómhar seo, agus déanfar na fadhbanna is mó atá ag déanamh tinnis do dhaoine ar fud na tíre a chíoradh, lena n-áirítear géarchéim an chostais maireachtála, easpa tithíochta, cúram leanaí agus athrú aeráide. Tabharfar níos mó eolais ina leith seo i mí Mheán Fómhair.
Is éard a dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Is ceiliúradh ar chultúr na hÉireann, ar scéalta Éireannacha agus ar fhéith cruthaitheachta mhuintir na hÉireann atá i gceist le seoladh shéasúr nua RTÉ inniu. Is léargas ag an am céanna é ar an ról ríthábhachtach atá againn i dtaobh spás comhroinnte a chruthú do phlé agus díospóireacht thábhachtach, tacú le daoine cumasacha as Éirinn, ceiliúradh a dhéanamh, scéalta náisiúnta a insint agus pointí tábhachtacha náisiúnta a chomóradh. Is é seo an réimse drámaíochta is mó riamh ag RTÉ ina mbeidh 40 uair an chloig de chláracha drámaíochta bunaidh as Éirinn agus cuirfidh sin daoine iontacha cumasacha nua inár láthair ar an scáileán; tá an craoladh beo fós lárnach sna sceidil atá againn agus tá sé sin chun tosaigh ceart sa rogha den scoth de chláracha spóirt beo saorchraolta a bheidh againn ina dtabharfar ardán dár bhfoirne náisiúnta, cluichí náisiúnta agus dár gcuid lúthchleasaithe, ina measc gach ceann den 64 cluiche a imreofar i gCorn Domhanda FIFA 2022; inseofar scéalta ar leith as Éirinn sna cláracha fíorasacha breátha a bheidh againn ina dtabharfar léargas ar iliomad gné de shaol agus de chultúr na hÉireann, agus leis an sceideal de chláracha ealaíon agus cultúir a bheidh againn déanfar nasc idir an lucht féachana agus roinnt de na healaíontóirí agus ceoltóirí is fearr dá bhfuil againn anseo in Éirinn.
Lean Dee Forbes uirthi, “Ina chuid seasmhach daingean sa sceideal laethúil beo ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne tá cláracha nuachta agus cúrsaí reatha, anailíse agus plé ar féidir muinín a bheith astu, chomh maith le saintuairisciú ceannródaíoch iniúchta, arb iad na nithe is mó iad a chuireann RTÉ le feidhm dhaonlathach shochaí na hÉireann, mar a chruthaigh muid le linn na paindéime, agus leis an troid seo i gcoinne mífhaisnéise agus bréagfhaisnéise, troid atá ag éirí níos tábhachtaí agus níos tábhachtaí. Anuas air sin, craolfaidh muid cláracha bunaidh, Éireannacha de scoth an domhain ar stair an dúlra a bheidh dírithe ar an lucht féachana níos óige atá againn, sraitheanna nua a thabharfaidh ardán d’fhéith an ghrinn atá againn, sraitheanna iontacha beochana Éireannach agus tuilleadh ábhair i nGaeilge chomh maith le neart eile. Le hobair chrua, obair i gcomhar, cruthaitheacht, nuálaíocht agus súil ar an todhchaí, creidim go bhfuil séasúr de chláracha agus d’ábhar forbartha ag craoltóir náisiúnta na hÉireann atá oiriúnach agus tá súil agam go dtarraingeoidh sé spéis lucht féachana gach uile aois sna seachtainí agus míonna amach romhainn.”