Comhpháirtíocht ábhair sínithe ag RTÉ agus Twitter chun go mbeidh teacht ag lucht leanúna peile na hÉireann ar ábhar ón taobh líne ag Corn Domhanda FIFA 2022 sa Chatar
Tá comhpháirtíocht nua ábhair in Éirinn fógartha ag RTÉ agus Twitter inniu faoina gcuirfear míreanna agus buaicphointí ó Chorn Domhanda FIFA 2022 sa Chatar™ ar fáil ar an ardán, agus a chuirfidh méadú mór ar an teacht a bheidh ag lucht leanúna peile na hÉireann ar chlúdach digiteach an imeachta.
Is ag faire ar Twitter a bhíonn an lucht leanúna peile chun an t-aicsean go léir a fháil agus is deis a bheidh anseo do bhrandaí iad féin a chur i gcroílár chomhrá na hÉireann faoin gCorn Domhanda. Fad is a bheidh an comórtas ar siúl (21 Samhain – 18 Nollaig), cuirfear 250 mír de bhuaicphointí, den atmaisféar roimh an gcluiche, agus den anailís tar éis an chluiche agus míreanna ó stiúideo RTÉ díreach tar éis dóibh tarlú beo suas ar an ardán.
Le Twitter Amplify, beidh lucht fógraíochta ábalta a gcuid fógraí a chur le hábhar físeáin den chéad scoth agus úsáid a bhaint as na míreanna is tarraingtí ó Chorn Domhanda FIFA 2022 sa Chatar™, a bheidh curtha in airde go díreach ó @RTESport, ag cur ar a gcumas físeáin réamhchasaidh bhrandáilte a thaispeáint le linn chomórtas spóirt is mó an domhain.
Bíonn gáir na staide ar Twitter, agus tugadh le fios i dtaighde Twitter le gairid ar chomhrá an Choirn Dhomhanda go gcuirtear léargas nua ar lucht leanúna beomhar na peile ar fáil ar an ardán sin: Is ar Twitter a fhoilsítear na buaicphointí ar dtús, agus baineann daoine úsáid as chun a bheith gar don aicsean. Thug beagnach an tríú cuid d’úsáideoirí Twitter na hÉireann le fios gur le bheith ag féachaint ar spóirt agus le bheith ag leanúint spórt an príomhúdar a bhí acu úsáid a bhaint as na meáin shóisialta, le 32% d’úsáideoirí Twitter na hÉireann tar éis a bheith ag breathnú ar bhuaicphointí agus ar mhíreanna spóirt ar an ardán le seachtain anuas. Go domhanda, measann 62% d’úsáideoirí Twitter go bhfuil míreanna de bhuaicphointí spóirt mealltach, agus deir 64% de lucht leanúna an Choirn Dhomhanda go bhfaigheann siad ábhar ar Twitter nach mbíonn ar fáil ar aon ardán eile. Deir 75% d’úsáideoirí Twitter gur lucht leanúna an Chorn Dhomhanda iad le hais 49% de dhaoine nach mbaineann úsáid as Twitter.
Craolfaidh RTÉ gach ceann de na 64 cluiche a bheidh le himirt ag Corn Domhanda FIFA 2022 sa Chatar™ beo ar RTÉ2 agus ar RTÉ Player, sin beagnach 200 uair an chloig de chlúdach san iomlán. Áirítear sa chlúdach ceithre cinn de chluichí in aghaidh an lae sna chéad 12 lá agus beidh 16 lá as a chéile de chluichí beo ar siúl idir an 21 Samhain agus an 6 Nollaig. Tiocfaidh deireadh le Corn Domhanda FIFA 2022 sa Chatar™ nuair a imreofar an Cluiche Ceannais ar an 18 Nollaig.
Is éard a dúirt Geraldine O’Leary, Stiúrthóir Tráchtála, RTÉ, “Anseo i dTráchtáil RTÉ, féachaimid i gcónaí le deiseanna nua agus ar leith a mbíonn tionchar acu a thabhairt don lucht fógraíochta atá againn agus a bheidh éifeachtach i dtaobh aird an lucht féachana a tharraingt. Tá ríméad orainn dá réir sin an chomhpháirtíocht atá againn le Twitter Amplify a fhógairt an tráth chéanna beagnach a bhfuil na sceitimíní do cheann de chomórtais spóirt is mó an domhain ag tosú. Is cinnte go mbeidh Corn Domhanda FIFA 2022 sa Chatar™ ar cheann de bhuaicphointí teilifíse na bliana agus táimid ag súil go mbeidh lucht fógraíochta ábalta leas a bhaint as an gcomhrá ar líne a bhaineann leis an imeacht ollmhór sin. Cuirfidh an meascán de shainchlúdach agus de shainanailís ó fhoireann Spórt RTÉ agus arduirlisí saindírithe Twitter, ar chumas lucht fógraíochta an lucht leanúna spórt a bhaint amach agus a mhealladh ar scála i bhfad níos mó ná riamh cheana.”
“Tá Twitter agus RTÉ i gcroílár an iliomad comhráite peile ar fud na tíre, agus is iontach an scéala é go mbeifear ábalta an oiread sin den aicsean ón imeacht idirnáisiúnta spóirt is mó ar domhan a chur ar fáil.” a dúirt Theo Luke, Stiúrthóir Sinsearach, Comhpháirtíochtaí Ábhair Domhanda in Twitter. “Is é seo an chéad chomhpháirtíocht oifigiúil a bhí againn riamh le craoltóir náisiúnta na hÉireann i dtaobh clúdach spóirt. Bhí muid an-tógtha riamh le hábhar cruthaitheachta na bhfoirne eagarthóireachta atá acu, an réimse de chlúdach a bhíonn dírithe acu ar chomórtais idirnáisiúnta peile chomh maith le hardchaighdeán an lucht anailíse. Táimid ar bís agus ag súil go mór le dáimh láidir a bheith againn le foirne tráchtála agus díolachán na heagraíochta. Le Twitter Amplify, beidh níos mó deiseanna ag lucht fógraíochta ábhar a fhógairt le linn Chorn Domhanda FIFA 2022 sa Chatar™ ar bealaí níos mó tionchair.”
Is féidir tuilleadh a fháil amach faoin gcomhpháirtíocht seo ar láithreán gréasáin Dhíolachán Meán RTÉ anseo.