FÓGARTHA AG TARA KUMAR GO BHFUIL SÍ AG FÁGÁIL RTÉ 2FM
Tá sé fógartha ag Tara Kumar, láithreoir RTÉ 2FM, inniu go bhfuil sí ag fágáil an stáisiúin i ndiaidh sé bliana a chaitheamh ann chun tabhairt faoina gairm i Londain.
Tá aithne mhaith ar Tara mar gheall ar a seó ceoil nua a chuir sí i láthair san oíche ar 2FM, áit ar chuidigh sí ceoltóirí agus amhránaithe nua iontacha as Éirinn a aimsiú agus a chur chun cinn gach seachtain, Dé Domhnaigh go Déardaoin ón 7pm.
Dúirt Tara Kumar: “Bhí an seó ina ghné sheasta de mo shaol le cúpla bliain anuas, agus tá mé thar a bheith buíoch de na healaíontóirí dochreidte ar fad a raibh sé d’onóir agam a gcuid ceoil a chasadh, agallamh a chur orthu agus eolas a fháil fúthu. Tá an oiread sin daoine cumasacha in Éirinn agus táim thar a bheith bródúil as chomh rathúil agus atá tionscal an cheoil inniu. Is é an ceol is gaire do mo chroí, ba mar sin a bhí i gcónaí, agus is mar sin a bheidh go brách. Gabhaim buíochas le gach duine beo a raibh muinín acu ionam. Anois, tá sé in am aghaidh a thabhairt ar eachtra nua i Londain. Slán go fóill a chairde.”
Is éard a dúirt Dan Healy, Ceann RTÉ 2FM: “Tá an-bhrón orainn go bhfuil Tara ag fágáil 2FM ach fós féin tá ríméad orainn di agus í ag déanamh a bealaigh i Londain. Bhí seó Tara ar 2FM ina sheó nach mór éisteacht leis d’aon duine a bhfuil spéis acu i gceol maith nua. Is í Tara a roghnaíonn an ceol a mbeidh tóir ag daoine air agus éireoidh léi cibé áit ina mbeidh sí.”
Cuirfidh Tara a seó deiridh i láthair Dé Céadaoin an 28 Meán Fómhair. Fógróidh 2FM an duine a bheidh ag teacht in áit Tara sna seachtainí atá amach romhainn.