LÁITHREOIR NUA DANCING WITH THE STARS FÓGARTHA!
Tá an láithreoir nua do Dancing with the Stars, seó a bhfuil an-tóir air, ainmnithe ag RTÉ inniu. Beidh Doireann Garrihy ag dul i bpáirt le Jennifer Zamparelli chun sraith 6 den tsraith siamsaíochta a bhfuil ráchairt mhór uirthi a chur i láthair nuair a bheidh sí ar siúl ar RTÉ One arís i mí Eanáir.
Chuir Doireann na seónna Big Night In, The Podge and Rodge Show agus Reeling in the Fears i láthair roimhe seo. Craoladh a seó grinn, The Doireann Project, ar an RTÉ Player agus ar RTÉ2. I láthair na huaire, cuireann sí 2FM Breakfast i láthair maidineacha na seachtaine i dteannta Donncha O’Callaghan agus Carl Mullan.
Dúirt Doireann, “Tá ríméad an tsaoil orm go mbeidh mé ar dhuine de mhuintir Dancing with the Stars anois – is iad an dream is galánta dá bhfuil ann! Pléisiúr Dé é seo dom, i ndáiríre. Is fada liom go dtosóidh mé i mbun oibre leis an bhfoireann. Níor cheap mé go ndéarfainn é seo go brách, ach faraor nach bhfuil sé ina Eanáir go fóill!”
Beidh Jennifer Zamparelli ar ais arís chun Dancing with the Stars a chur i láthair don chúigiú huair. Is éard a dúirt sí ná “Táim ar bís ar fad chun fáilte a chur roimh mo chara ó 2FM, Doireann, ina comhláithreoir ar an seó. Tá mé cinnte go mbeidh neart spraoi agus gáire againn! Tá an chuma ar an scéal go mbeidh sí ina sraith den scoth.”
Dúirt Alan Tyler, Grúpcheannasaí Siamsaíochta, Ceoil agus Coiméide, “Táimid iontach sásta fáilte a chur roimh Dhoireann isteach i dteaghlach Dancing with the Stars. Is craoltóir an-chumasach í atá lán fuinnimh, grinn agus paisin cheart don seó – meascán de thréithe a fhágann go mbeidh sí ar an duine ceart a bheith linn. Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil láithreoir iontach againn cheana i Jennifer Zamparelli, agus anois le Doireann ag tosú freisin is fíor a rá go mbeidh scothfhoireann láithreoirí againn gach oíche Dé Domhnaigh. Táimid ag súil go mór leis an tsraith nua de Dancing with the Stars a chur ar an teilifís ag tús na bliana seo chugainn.”
Cuirfear an ruaig ar ghruaim mhí Eanáir le tráthnónta Dé Domhnaigh lán gáifeachta agus galántachta, tráth a bheidh 11 pearsa iomráiteach ag dul i bpáirt le damhsóir gairmiúil chun dreas rince a dhéanamh beo gach seachtain. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra éagsúil damhsa gach seachtain, idir Charleston agus hip-hop agus gach stíl idir eatarthu, agus ní bheidh ach seacht lá acu chun barr feabhais a chur ar an dreas sula mbeidh siad á chur i láthair beo os comhair an náisiúin.
Beidh painéal moltóirí a bhfuil saineolas acu ann chun gach beirt cáiliúil a scóráil, agus gheobhaidh siad scór freisin ón lucht féachana sa bhaile. Ag deireadh na sraithe, gheobhaidh an bheirt a mbeidh an bua acu an liathróid ghealra, a bhfuil an oiread sin tóra uirthi.
Is é ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ.