Spoken Stories 2: Creatures of the Earth – tá ardán scríbhneoireachta RTÉ Radio 1 ar ais le sárscríbhneoirí na linne ó Dé Domhnaigh an 16 Deireadh Fómhair ar aghaidh.
I measc na scríbhneoirí agus na n-aisteoirí a bheidh rannpháirteach sa tsraith nua tá Donal Ryan, Daryl McCormack, Belinda McKeon, Charlene McKenna, Billy O’Callaghan agus Pat Shortt
Beidh Spoken Stories RTÉ Radio 1, sraith a fuair ardmholadh ó na léirmheastóirí, ar ais le sraith 12 cuid nua ina mbeidh cuid de scríbhneoirí is iontaí na linne seo agus scríbhneoirí bunaithe in Éirinn páirteach ann, Dé Domhnaigh an 16 Deireadh Fómhair ag 7.30pm. Tabharfar deis don lucht éisteachta le Spoken Stories 2: Creatures of the Earth, taithí ollmhór fuaime a fháil ina gcíorfar oidhreacht neamhspleáchas na hÉireann ach casadh comhaimseartha curtha sa scéal.
I measc na scríbhneoirí agus na n-aisteoirí a bheidh páirteach sa tsraith tá Donal Ryan, Daryl McCormack, Christine Dwyer Hickey, Emma Dargan-Reid, Lisa McInerney, Stephen O’Leary, Belinda McKeon, Charlene McKenna, Billy O’Callaghan, Pat Shortt, Louise O’Neill, Éilis Ní Dhuibhne, Colm Ó Ceallacháin, Evgeny Shtorn, Caoilinn Hughes agus Louise Kennedy.
Is ionann túsphointe na scéalta agus teideal scéal an údair iomráitigh, John McGahern, arb ionann é agus teideal an chnuasaigh fhoilsithe deiridh de na scéalta a scríobh sé le linn a shaoil. Áirítear ar théamaí na scéalta grá casta, stair a chothaíonn dlúthcheangal eadrainn, dinimic theaghlaigh, saoirse phearsanta, tús nua agus slánú. I measc shuíomhanna na scéalta beidh teach soghluaiste suite i bpáirc réidh le taobh foraois bheag chearnógach; scoil chónaithe cailíní i gceantar scoite amach san Astráil; pluais faoi thalamh in áit éigin nach léir dúinn agus sána cois locha san Fhionlainn.
Craoladh Spoken Stories 1: Independence, sraith a fuair ardmholadh ó na léirmheastóirí, den chéad uair sa bhliain 2021, inar tugadh meas ar a bhfuil i gceist le neamhspleáchas 100 bliain tar éis Chogadh na Saoirse. Dúirt John McGahern féin go raibh sé mar chuid den chéad ghlúin a rugadh in Éirinn neamhspleách. Ar an mbealach sin is ionann Spoken Stories 2: Creatures of the Earth agus fairsingiú nadúrtha ar an tsraith a tháinig roimpi.
Ar an mbealach sin is ionann Spoken Stories 2: Creatures of the Earth agus fairsingiú nadúrtha ar an tsraith a tháinig roimpi. RTÉ Arts and Culture a choimisiúnaigh an tsraith le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann.
Is éard a dúirt Ann-Marie Power, Grúpcheannasaí Ealaíon & Cultúir, RTÉ: “Is dlúthchuid dár straitéis maidir le bheith ag obair le healaíontóirí, le scríbhneoirí agus le hoirfidigh ar saothar nua ábhar ficsin a choimisiúnú. Agus is ionann Spoken Stories ar RTÉ Raidió 1 agus snáithe clár riachtanach agus iontach chun ábhar ficsin nua dá leithéid a chur os comhair lucht féachana i ngach áit. Le Spoken Stories 2: Creatures of the Earth, a bhfuil a théama faoi anáil scéal le John McGahern, cothaítear ceangal díreach idir scríbhneoirí riachtanacha na linne seo agus duine de phearsana móra litríochta na hÉireann, agus beidh flúirse na dtaibheoirí cumasacha agus na scríbhneoirí, scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn agus atá aitheanta araon, bainteach leis. Tá ríméad ar RTÉ Arts and Culture an dara sraith de Spoken Stories a chur ar fáil le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann arís.”
Is éard a dúirt Léiritheoir Spoken Stories, Clíodhna Ní Anluain: “Tá sé an-spéisiúil nuair a thugtar coimisiún do scríbhneoirí scéalta a scríobh a mbaineann smaoineamh comhchoiteann leo, go dtagann siad ar ais le scéalta a bhíonn chomh héagsúil óna chéile i dtaobh leagan amach, tuine, rúin agus an chaoi a bhfanann siad le daoine. Ansin nuair a léitear na scéalta seo os ard cuireann aisteoirí sraith eile den tsamhlaíocht leo, sraith a nochtar dúinne, an lucht éisteachta.”
Is éard a dúirt an scríbhneoir Lisa McInerney, atá rannpháirteach sa tsraith: “Is iad na gnéithe i scéalta McGahern a théann i bhfeidhm orm ná na gnéithe uile a bhaineann le saol na hÉireann, idir maith, olc agus gránna, an chaoi a n-aithníonn McGahern uafás an ghnáthshaoil, an easpa dóchais agus an mhíchinniúint, roth síoraí na cinniúna, gnéithe trína ndéantar miotas de chrácamas an tsaoil. Bí mé ag iarraidh tagairt don chorraíl shearbh sin in ‘Law of the Instrument’ [mo scéal], an saghas coimhlinte a bhíonn ann idir an duine aonair, a áit dúchais agus an teaghlach. Sa scéal seo seasann fear óg an fód i gcoimhlint lena athair, a chiallaíonn nach bhfágann sé an áit mar go bhfuil sé chomh tugtha sin don choimhlint.”
Tabhair cluas don tsraith nua de Spoken Stories ó Dé Domhnaigh an 16 Deireadh Fómhair an 7.30pm ar RTÉ Radio 1.