Build Your Own Home – faigh amach faoi chora shaol na tógála i Sraith nua ó RTÉ
Sraith nua ceithre chlár ina dtabharfaidh an mórthógálaí agus teagascóir, Harrison Gardner, léargas ar obair thógála ‘Déan Féin É’
Tabharfar léargas ar chora casta an tsaoil mar a bhíonn siad ag úinéirí tí as áiteanna éagsúla in Éirinn i sraith nua ceithre chlár, Build Your Own Home, a chraolfar ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ó Dé Céadaoin an 26 Deireadh Fómhair ag 9.35pm. Rianófar sa tsraith na dúshláin ollmhóra amach is amach a bheidh ar na rannpháirtithe aghaidh a thabhairt orthu agus iad ar tí tús a chur lena n-áit chónaithe féin a thógáil, fad a choinneoidh an mórthógálaí agus teagascóir tógála, Harrison Gardner, súil orthu.
Caithfidh Harrison, éicea-thógálaí agus dearthóir inbhuanaitheachta as an Astráil, laethanta, seachtainí agus míonna leis na húinéirí tí ag cur oiliúint orthu agus ag déanamh meantóireacht orthu fad a bheidh siad i mbun obair chrua. Creideann Harrison go bhfuil duine ar bith ábalta ceird na tógála a fhoghlaim. Rachaidh sé i ngleic leis na cleachtais tógála agus iasachta sa tír seo leis na deicheanna de bhlianta roimhe seo sa tsraith ceithre chlár seo, é ag roinnt a chuid saineolais agus ag múineadh d’úinéirí tí an chaoi lena n-áit chónaithe ar mian a gcroí é a thógáil nó a athchóiriú. Is é Moe Dunford a bheidh i mbun reacaireachta ar an tsraith.
Is éard a dúirt Harrison: “Táim ag iarraidh a chur in iúl do dhaoine go bhféadfaidh eagla a bheith ort roimh rud éigin a dhéanamh ach tabhairt faoi mar sin féin agus gach rud a bheith togha… D’fhéadfadh borradh iontach mór teacht ar líon na n-úinéirí/na dtógálaithe in Éirinn a thabharfaidh faoi thogra tógála astu féin.”
I measc oiliúnaithe cróga Gardner, tá Grace agus Robbie, lánúin óg as Baile Átha Cliath atá ag streacailt le cíos ard, morgáiste agus costais cúraim leanaí, a chuireann dúshlán rompu féin i bhfoirm athchóiriú a dhéanamh ar theach dhá sheomra ó na 1930idí sna bruachbhailte agus síneadh a chur leis ar €70,000. Casfaimid le hAoife agus Tony freisin, beirt atá féin-fhostaithe mar thairbhithe sorcais nach bhfuil in ann morgáiste a fháil. Shábháil an bheirt ar feadh i bhfad chun teachín ón 19ú haois faoin tuath san Iarmhí a cheannach ar €95,000, teachín a mbeadh obair athchóirithe le déanamh air. An t-uasmhéid atá acu chun é a chur i riocht a bhféadfaí cónaí ann, áfach, ná €50,000 agus mar sin, níl an dara rogha acu ach na scileanna a theastaíonn chun an obair a dhéanamh iad féin a shealbhú.
Is cúntóir teagaisc páirtaimseartha í Esther a bhfuil cónaí uirthi i gCloich na Coillte, Co. Chorcaí. Tá sí colscartha agus tá triúr clann uirthi atá sna déaga. Tá sé mar rún a croí a bheith gan morgáiste faoin am a bheidh sí 50 bliain d’aois, agus chuige sin, chuir sí a maoin saoil, is é sin €230,000, i dtreo teach úrnua 3 sheomra a thógáil dá clann. Faoin tuath i Luimneach, tabharfaidh lánúin óg gairmiúil, Padraig agus Laura, faoi sheanteach feirme a athchóiriú ar €85,000 fad atá siad ag iarraidh freastal ar na dúshláin a bhaineann le clann óg a thógáil, sceidil oibre atá dian orthu a láimhseáil agus tionscadal tógála atá thar a bheith uaillmhianach a dhéanamh ag an am céanna.
Leis an méid sin idir chamáin, tá a dhúshlán pearsanta féin roimh Harrison – a mhíle dícheall a dhéanamh chun a scoláirí nua a chur isteach ina dteach nua – is cuma céard a theastaíonn! De réir mar a athraíonn na séasúir, leanfaimid cora shaol an fhéintógálaí agus an méid a theastaíonn chun foghlaim faoi mar is féidir do theach féin a thógáil. Beidh ar an dream seo atá ina n-ábhar tógálaí dul i ngleic le buiséid dhochta, brú ama agus luaineacht aimsir na hÉireann agus beidh réimse iomlán scileanna nua le sealbhú acu taobh istigh d’achar gearr… an éireoidh leo a mbunsprioc, baile don saol ar fad a bheith acu, a bhaint amach? Arb fhiú an t-airgead a dhéanfar air an trioblóid fhisiciúil a bhaineann leis?
Bí ag féachaint ar an tsraith nua de Build Your Own Home Dé Céadaoin an 26 Deireadh Fómhair ag 9.35pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.