States of Mind, Podchraoladh RTÉ atá dírithe ar pholaitíocht na Stát Aontaithe, ar ais don dara sraith
Ráite ag an bhFeisire Richard Neale leis an bpodchraoladh go bhfuil “spion cantalach ar Mheiriceá”
Éist: https://www.rte.ie/radio/podcasts/22164000-ep-43-irritable-america/
Breathnaigh: Dé Sathairn ag 7.30pm ar chainéal Nuachta RTÉ
Tá sraith podchraoltaí Nuacht RTÉ, States of Mind, ar ais leis an dara sraith chun anailís a dhéanamh ar na heachtraí uile a thit amach i dtoghcháin Lár Téarma na Stát Aontaithe.
Sna heipeasóidí seachtainiúla, beidh Seán Whelan, Comhfhreagraí Washington RTÉ, i dteannta Jackie Fox, iriseoir le RTÉ agus bean a bhfuil suim mhór aici i bpolaitíocht na Stát Aontaithe, chun mionscrúdú a dhéanamh ar na gluaiseachtaí polaitíochta sna Stáit Aontaithe. Leabhar beartaíochta do na toghcháin Lár Téarma atá sa chéad eipeasóid, atá ar fáil le héisteacht leis anois. Scrúdóidh an bheirt an méid atá i ndán do chúrsaí polaitíochta na tíre agus tabharfaidh siad léargas do na héisteoirí ar gach a bhfuil i gceist leis na toghcháin Lár Téarma.
Is é an Feisire Richard Neal, Cathaoireach an Choiste chumhachtaigh um Bealaí agus Modhanna, an chéad aoi a bheidh ar an bpodchraoladh. Bhí Richard ina chosantóir ar Chomhaontú Aoine an Chéasta fad a bhí idirbheartaíochta ar siúl maidir le Breatimeacht agus dearbhaíonn sé ar phodchraoladh States of Mind, go mbeadh ‘gnó mar is gnách’ i gceist i gcás go dtiocfadh na Poblachtaigh i gcumhacht i dTeach na nIonadaithe i mí na Samhna.
Dúirt sé: “Gnó mar is gnách a bheadh ann, déarfainn. Bhí sé de phribhléid agam a bheith i mo chathaoirleach ar Cairde na hÉireann le roinnt blianta anuas agus ar cheann de na nithe atá deas faoin ngrúpa sin ná gur grúpa dépháirteach é agus is mar sin a bhí i gcónaí agus ceapaim go mbíonn muid in ann cuid de na difríochtaí atá eadrainn a chur i leataobh le rath Chomhaontú Aoine an Chéasta a chinntiú agus, lena chois sin, chun a chinntiú go mbeidh Comhaontú Aoine an Chéasta ina theimpléad do chomhaontuithe síochána ar fud an domhain, mar atá beartaithe leis. Leis an tsamhail a d’fhorbair muid, a raibh rath orainn léi agus a raibh ról agamsa sa rath sin, creidim go bhfuil muid fós neamh-chlaonpháirteach.”
Dúirt an Feisire Neal freisin: “Ba cheart go mbeadh a fhios agat go raibh mé an-chúramach maidir leis na saincheisteanna sin feadh mo ghairme fada – gairm a théann siar go dtí bás Bobby Sands beagnach – lena chinntiú go mbeadh cúrsaí dépháirteach i gcónaí. Mar sin, le linn mo chuid ama agus mé i mo chathaoirleach agus i mo chomh-chathaoirleach, d’earcaigh mé go cúramach Poblachtaigh chomhdhála a raibh suim acu i gcoiste láidir dépháirteach a bheith ann.”
Is éard a dúirt sé le láithreoirí States of Mind RTÉ maidir le cúrsaí daonlathais sna Stáit Aontaithe: “Ceapaim gur fíor a rá go bhfuil spion cantalach ar mhuintir Mheiriceá. Ceapaim go mbíonn deis leis na toghcháin infheistíocht a dhéanamh inár n-institiúidí seachas i bpearsana aonair. Tá mé fós dearfach faoi institiúidí Mheiriceá.”
“Ceapaim go raibh tréimhsí ann roimhe seo… nuair a bhí cúrsaí i bhfad níos suaite ná mar atá anois agus i ndeireadh na dála throid muid i gcogadh cathartha sna 1860idí, ghlacamar páirt in dhá chogadh dhomhanda, tharla gach cineál ionsaí sa tír agus leis an gcéad leasú ar Bhunreacht na tíre, aithnítear an oibleagáid atá orainn maidir le tuairim eile a fháil… Ceapaim gur chóir clampar a bheith i gceist leis an daonlathas agus ní dóigh liom go bhfuil mé ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh den deighilt atá ann anois i measc mhuintir Mheiriceá.”
San eipeasóid seo, pléifear an rás drámatúil don Seanad in Pennsylvania – áit a bhfuil iarrthóir amháin ag teacht chuige féin tar éis stróc a bheith aige agus a raibh an t-iarrthóir eile ina dhochtúir ar an gclár Oprah roimhe seo.
Sa dara heipeasóid de States of Mind RTÉ, pléifidh Jackie agus Seán na bagairtí atá ar Dhaonlathas i Meiriceá agus an chaoi a mbeidh tionchar ag na toghcháin Lár Téarma ar an treo a bheidh an tír ag dul amach anseo.
Tá States of Mind RTÉ ar fáil gach áit a mbíonn podchraoltaí ar fáil, ag www.rte.ie/podcasts agus craolfar gach Satharn é freisin ag 7.30pm ar chainéal Nuachta RTÉ.