Mí-úsáid Ghnéis i gColáiste na Carraige Duibhe, Baile Átha Cliath, nochta ag RTÉ Documentary on One
– Deimnithe ag an Ord Reiligiúnach Spiritan gur thuairiscigh 57 duine go ndearnadh mí-úsáid ghnéis orthu ar champas Choláiste na Carraige Duibhe
– Os cionn €5 milliún íoctha ag an Ord ó 2004
– A scéal inste ag na chéad daoine a tháinig tríd an mí-úsáid do Documentary on One ar RTÉ Radio 1
Le craoladh den chéad uair ar RTÉ Radio 1, Dé Luain an 7 Samhain, 6pm
Ar fáil ar gach ardán podchraolta agus ar rte.ie/podcasts ón 6pm
Ó bhí siad 12 bhliain d’aois go dtí go raibh siad 17 mbliana d’aois, rinneadh mí-úsáid ghnéis arís is arís eile ar beirt deartháireacha i gColáiste na Carraige Duibhe i gContae Bhaile Átha Cliath Theas, istigh sa Choláiste é féin agus ar thailte an Choláiste araon. Ba as cuallacht Ord an Spioraid Naoimh a mí-úsáideoirí, Ord ar a dtugtar Ord na Spiritan anois, i gColáiste na Carraige Duibhe. Tugadh roinnt cásanna os comhair na gcúirteanna ina dhiaidh sin agus iad ag troid ar son an cheartais. Is fir fhásta anois an bheirt, agus tá a scéal á n-insint acu den chéad uair i gclár speisialta de RTÉ Documentary on One, a chraolfar ar RTÉ Radio 1 ag 6.00pm Dé Luain an 7 Samhain, mar athrú ar an sceideal náisiúnta raidió don uair an chloig dheireanach de Drivetime. Is iad an bheirt fhear seo, atá ainmnithe go poiblí sa chlár faisnéise, na chéad daoine chun labhairt amach os comhair an tsaoil faoin mí-úsáid ag Coláiste na Carraige Duibhe.
Ní fios cé mhéad páiste a ndearnadh mí-úsáid ghnéis orthu ar thailte Choláiste na Carraige Duibhe. Is éard a dúirt an tAthair Martin Kelly, Proibhinsial reatha Ord na Spiritan, mar fhreagra ar cheisteanna RTÉ Documentary on One:
- Tugann taifid Ord na Spiritan le fios anois go bhfuil líomhaintí mí-úsáide déanta ag 233 duine in aghaidh 77 Spiritan Éireannach i ministreachtaí ar fud na hÉireann agus thar lear.
- Maidir le Coláiste na Carraige Duibhe, tá líomhain déanta ag 57 duine go ndearnadh mí-úsáid orthu ar champas na Carraige Duibhe.
- Tá ranníocaíochtaí iomadúla déanta ag Ord na Spiritan do dhaoine a líomhain go ndearna baill de chuallacht na Spiritan mí-úsáid orthu – agus is ionann an tsuim iomlán atá íoctha ag an Ord ón mbliain 2004 i leith, i dtreo líomhaintí mí-úsáide a shocrú agus seirbhísí tacaíochta a chlúdach, agus os cionn €5 milliún.
- Tá socruithe déanta ag an Ord le 12 duine aonair maidir le cásanna mí-úsáide i gColáiste na Carraige Duibhe.
- As acmhainní chuallacht na Spiritan a tógadh na cistí ar fad chun na socruithe a íoc.
- Ba é cleachtas Chuallacht na Spiritan na táillí dlí a thabhaigh baill na cuallachta i ndáil le hionadaíocht dhlíthiúil i gcásanna coiriúla a chlúdach. Tháinig an cleachtas seo chun cinn toisc nach raibh an t-airgead pearsanta ag na baill, i gcuid mhaith de na cásanna, na táillí sin a chlúdach iad féin.
Le linn na 1970idí agus ag tús na 1980idí, rinneadh mí-úsáid ar bheirt deartháireacha arís is arís eile ar láithreacha éagsúla ar thailte Choláiste na Carraige Duibhe, i leabharlann an choláiste, i linnte snámh agus foirgnimh eile ina measc.
I mí Mheán Fómhair 1973, chuir an deartháir níos sine tús lena chuid oideachais i gColáiste na Carraige Duibhe. Le linn a chéad bhliana ann, chuir duine de na múinteoirí spéis ar leith ann, agus de réir a chéile, thosaigh sé ag déanamh mí-úsáid ghnéis air. Ba athair an Spioraid Naoimh / Spiritan an sagart a rinne mí-úsáid air. Tharla an mhí-úsáid le linn seisiúin príobháideacha snámha ag an linn ar champas na scoile. Thosaigh sagart eile i gColáiste na Carraige Duibhe ag déanamh mí-úsáide ar an mbuachaill freisin. Le linn an ama seo a raibh mí-úsáid á déanamh air, níor inis an buachaill dada d’aon duine faoi.
Bhí an deartháir eile 12 bhliain d’aois nuair a thug an sagart céanna cuireadh dó ar dtús seisiúin snámha a dhéanamh leis ar thailte Choláiste na Carraige Duibhe, agus i gcaitheamh na chéad chúpla bliain eile, rinneadh mí-úsáid ghnéis airsean arís is arís eile freisin.
Níor labhair ceachtar den bheirt deartháireacha faoin mí-úsáid a bhain dóibh ar feadh blianta fada, go dtí gur tharraing scéalta faoi mí-úsáid ghnéis na cléire ar leanaí go leor cainte sna nuachtáin ag tús na bliana 2002. Dá bharr sin, lig na deartháireacha rún a mí-úsáide faoi dheireadh, lena dtuismitheoirí i dtosach, agus lena chéile ina dhiaidh sin. Thug siad ráitis don Gharda Síochána, ar cuireadh cúisimh iomadúla i leith an té a rinne mí-úsáid orthu dá thoradh.
Faoin am sin, bhí an sagart Spiritan 82 bliain d’aois, agus bhí cónaí air fós ar thailte Choláiste na Carraige Duibhe. Shéan sé na cúisimh a cuireadh ina leith agus thionscain sé cás dlí, ag féachaint le stop a chur le himeachtaí coiriúla.
Sa bhliain 2007, chinn na cúirteanna gur cheart stop a chur leis an gcás coiriúil in aghaidh mhí-úsáideoir na ndeartháireacha. Fuair an Spiritan bás sa bhliain 2010, gan é a bheith curtha ar a thriail riamh.
Ghabh Ord na Spiritan leithscéal ginearálta sa bhliain 2012, ó cáineadh go géar iad ar chur i gcrích iniúchta ar chleachtais um Chosaint Leanaí. Tugadh mionsonraí san iniúchadh seo freisin ar mar a d’éirigh le mí-úsáideoirí srathacha laistigh d’Ord na Spiritan leanúint orthu gan fhios, gan bac curtha orthu ná monatóireacht ar bith déanta orthu tráth a raibh fáil acu ar leanaí le linn na 1960idí, 1970idí agus 1980idí.
Is iad na fir a tháinig slán as, a bheidh ar RTÉ Documentary on One anocht, na chéad daoine a labhair amach go hoscailte faoin mí-úsáid ghnéis ar leanaí a bhain dóibh i gColáiste na Carraige Duibhe.