Upfront with Katie Hannon seolta ag RTÉ Sraith Nua Cúrsaí Reatha Teilifíse Oícheanta Dé Luain
An Craoltóir Colm Ó Mongáin fógartha ina láithreoir nua ar RTÉ Radio 1 Saturday with & Late Debate
Tá Upfront with Katie Hannon, snáithe nua cúrsaí reatha don teilifís agus do na hardáin dhigiteacha agus meán sóisialta agus a bheidh le craoladh ó thús mhí Eanáir 2023 fógartha ag RTÉ.
Áireofar sa snáithe nua seo clár nua teilifíse uair an chloig a bheidh le craoladh beo gach oíche Dé Luain agus a bheidh dírithe ar an lucht féachana, podchraoltaí agus ailt ar líne a bheidh scríofa ag Katie Hannon, iriseoir agus craoltóir a bhfuil duaiseanna buaite aici.
Is í Katie a bheidh i mbun modhnóireachta gach oíche Dé Luain ar chlár beo ar a mbeidh deis ag an bpobal na daoine sin a raibh tionchar ag na cinntí a rinne siad go díreach ar a saol a cheistiú. Leis an gclár seo, tabharfar cúlra don lucht féachana ar cheannlínte scéalta móra an lae trí labhairt le daoine arb é sin an cás ina bhfuil siad féin faoi láthair. Anuas ar lucht féachana a bheith beo sa stiúideo, beidh lucht féachana sóisialta níos leithne i gceist freisin, áit a mbeidh an pobal ábalta a bheith páirteach sa chlár beo ar an aer. In éineacht leis sin, beidh Katie páirteach ar feadh na seachtaine i gcomhrá sóisialta ar na hardáin dhigiteacha ar fad agus beidh an pobal in ann béim a chur ar na saincheisteanna a bhaineann leo féin agus na daoine ar mhaith leo na ceisteanna atá acu a fhreagairt a mholadh. Beidh an tsraith ar an mbóthar freisin agus craolfar cláracha speisialta ó ar fud na tíre.
Craolfar Upfront with Katie Hannon oícheanta Dé Luain ag 10.35pm ó mhí Eanáir ar RTÉ One agus beifear ábalta teacht air lena shruthú ar an RTÉ Player.
Tá cláracha RTÉ Radio 1 Late Debate agus Saturday with Katie Hannon curtha i láthair ag Katie agus tá sí ag seasamh sa bhearna go rialta ar Liveline ó 2018 agus leanfaidh sí uirthi ag craoladh ar an stáisiún. Chaith sí breis is 14 bliana roimhe sin ag tuairisciú do RTÉ Prime Time, ag clúdach réimse leathan saincheisteanna lena n-áirítear mórfhiosrúcháin ar an earnáil baincéireachta, teipeanna i ndáil le cosaint leanaí, trialacha vacsaíní in árais leanaí, na teipeanna a raibh tubaiste Rescue 116 mar thoradh orthu agus scannal sceithire na nGardaí. Bhí sí ina Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Evening Herald agus leis The Irish Examiner, agus ina hEagarthóir Polaitíochta le Ireland on Sunday freisin.
Is éard a dúirt Katie Hannon: “Tá sé de phribhléid agam scéalta daoine a insint sna meáin chlóite, ar an teilifís agus ar an raidió le blianta fada anois. Ach tá mé den tuairim le fada an lá gur cumhachtaí an iriseoireacht nuair a thugtar cead do na daoine a scéal féin a insint. Is faoi ardán a thabhairt dóibh le hé sin a dhéanamh é seo agus áit a chur ar fáil ina mbeifear ábalta iarraidh orthu sin a rinne cinntí a raibh tionchar acu ar gach duine againn cluas éisteachta a thabhairt; a bheith freagrach agus a chur ina luí orainn go bhfuil ár muinín agus tacaíocht tuillte acu. Áit a bheidh ann ina mbeidh deis ag gach duine a gcuid féin a rá. Is fada liom go dtosóidh muid.”
Ó mhí na Nollag, cuirfidh an craoltóir Colm Ó Mongáin cláracha polaitíochta raidió RTÉ Radio 1, Late Debate agus Saturday with Colm Ó Mongáin i láthair. Is é Leas-Eagarthóir Eachtrach Nuacht RTÉ é i láthair na huaire, agus is é léiritheoir agus comhláithreoir phodchraoladh Brexit Republic RTÉ. Is é a bhí i mbun léirithe ar an bpodchraoladh laethúil leathuair an chloig Pandemic agus is é a chur i láthair an podchraoladh seo ar ghéarchéim Covid-19. Bhí Colm i ról an láithreora agus an Eagarthóra roimhe seo ar This Week gach Dé Domhnaigh ar RTÉ Radio 1. Is iriseoir é le Nuacht RTÉ ó 2006 agus tá tuairiscí déanta aige as Iosrael, Críocha faoi Fhorghabháil na Palaistíne, Mailí, an Aetóip agus ar fud na hEorpa. Bhí sé ag obair do TV3 agus Newstalk roimhe seo.
Is éard a dúirt Colm Ó Mongáin: “Tá ríméad orm go bhfuil deis faighte agam a bheith ar an raidió arís agus a bheith ag obair le foirne ‘Late Debate’ agus ‘Saturday’. Is iontach an t-am é seo a bheith ag tuairisciú ar chúrsaí polaitíochta in Éirinn agus níos faide i gcéin agus is fada liom go mbeidh anailís agus díospóireacht á ndéanamh againn ar shaincheisteanna a bhíonn ag déanamh tinnis don lucht éisteachta.”