€47,000 BAILITHE AG RTÉ 2FM AR MHAITHE LE CHILDLINE I gCOMHAR LE KEARYS MOTOR GROUP
– An Dacia Duster buaite ag Máthair Óg as Baile Átha Cliath –
Tá carr buaite ag éisteoir ádhúil amháin ar RTÉ 2FM i gcomhar le Kearys Motor Group. Reáchtáladh an comórtas ar mhaithe le Childline. Bhí an comórtas ar siúl ar feadh coicíse ar fud gach clár ar RTÉ 2FM. Fógraíodh ar an gclár Drive It with The 2 Johnnies gurb í Ruth Groarke as Cluain Sceach, Baile Átha Cliath buaiteoir an Dacia Duster nua as an bpíosa. Bhailigh daoine ar fud na tíre a raibh curtha isteach acu ar an gcomórtas €47,000, arb iontach an méid é, do Childline chun cuidiú le leanaí ar fud na hÉireann.
Bhí 2FM ag obair i gcomhar le Kearys Motor Group chun cistí a bhfuil géarghá leo a bhailiú do Childline. Faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair, beidh freagra tugtha ag Childline ar theagmháil a bheidh déanta ag 115,000 leanbh ar fud na hÉireann leo. Ar an meán, tugann Childline freagra ar 2,200 teagmháil sa tseachtain nó breis is 300 teagmháil in aghaidh an lae. Is imní, dúlagar agus lagmhisneach na príomhábhair a labhraíonn leanaí le comhairleoirí Childline fúthu gach lá. Is ábhar imní é seo mar go bhfuil fhadhbanna leis an meabhairshláinte ag méadú i measc leanaí agus gan mórán cúnaimh ar fáil dóibh lasmuigh de sheirbhísí Childline. Is ceann de na príomhúdair é sin a bhfuil Childline chomh tábhachtach dóibh. Tá Childline oscailte 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Childline trí ghlaoch a chur ar 1800 666 666 nó téacs a sheoladh chuig 50101.
Is éard a dúirt Caroline Downey, Uachtarán Childline: “Thar ceann Childline agus na leanaí agus daoine fásta óga ar fad a úsáideann seirbhís Childline, ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le gach duine in Kearys Motor Group, in 2FM agus le gach duine a chuir isteach ar an gcomórtas as bhur gcuid tacaíochta. Is é an mana atá againn ná gan do chás a thabhairt suas ar aon leanbh, go brách. Leis an tacaíocht atá tugtha agaibhse, beidh muid in ann coinneáil orainn dá dhéanamh sin trí bheith ann i gcónaí do dhuine ar bith a mbeidh Childline ag teastáil uathu. Arís, gabhaim buíochas mór ó chroí libh.”
Is éard a dúirt Dan Healy, Ceann RTÉ 2FM agus Straitéise Raidió: “Tá RTÉ 2FM ag tacú go mór le Childline agus leis an obair iontach a dhéanann siad le roinnt blianta, agus tá an-áthas orainn go raibh muid ábalta an méid sin airgid a bhailiú chun tacú le leanaí na hÉireann agus an Nollaig buailte linn anois. Gabhann muid buíochas ollmhór leis an lucht éisteachta a chuir isteach ar an gcomórtas agus a thug airgead dúinn chun tacú le seirbhís a bhfuil sé tuillte go maith aici.”