Romy’s World Cup Wish – George Hamilton, Tony O’Donoghue, Mario Rosenstock agus neart eile le bheith páirteach i sraith Podchraolta nua Raidió RTÉjr.
Féach ar an réamhbhlaiseadh anseo.
Céard a tharlódh dá mbeadh cailín beag ag guí go mbainfeadh Éire áit amach i gCorn an Domhain? Céard faoi dá gcuideodh an cailín sin, Romy Kelly, iníon fhear feistis na hÉireann, le ceann de na foirne is fearr ar domhan a chur faoi bhrú?
Is cailín óg 10 mbliana d’aois í Romy atá ag fás aníos i dteaghlach atá craiceáilte i ndiaidh sacair. Go tráthúil, is é a hathair fear feistis fhoireann sacair na hÉireann. Bíonn sé ina chíor thuathail áfach nuair a dhéanann sí ghuíonn sí go mbainfidh Éire áit amach i gCorn an Domhain.. agus faigheann sí mian a croí.
Leanfaimid Romy agus a deartháir óg agus iad ag dul chuig an gcomórtas in éineacht lena n-athair. Bíonn ag éirí go maith le foireann na hÉireann sna babhtaí grúpaí…. ar ndóigh ní fhéadfadh sé go mbuafaidh siad… an mbuafaidh? An bhféadfadh Italia 90 a bheith againn arís? An bhfeicfidh muid pinn ag dul trasna deasca sa stiúideo in RTÉ? Tabhair cluas dó agus is gearr go mbeidh a fhios agat!
Is dráma raidió 5 chuid é Romy’s World Cup Wish agus craolfar an chéad chlár Dé Luain an 21 Samhain. Craolfar clár nua gach Luan ina dhiaidh sin ar feadh 4 seachtainí. Craolfar an clár deiridh Dé Domhain an 18 Nollaig (An lá céanna a mbeidh Cluiche Ceannais Chorn an Domhain ar siúl).
Is í Sadhbh Marshall Coghlan a bhfuil ról Romy aici agus is é Roy Mac Giolla Phádraig a bheidh i bpáirt Elliott, a deartháir a chuireann suas le go leor.
Beidh plúr na laochra spóirt páirteach sa dráma seo freisin. Is é Tony O’Donoghue, Comhfhreagraí Sacair RTÉ, an scéalaí agus is é Mario Rosenstock a bheidh ag cur glór leis na glórtha a bheidh i gcloigeann Romy – Obi-Roy-Keano-Boi agus Graeme (Souness). Is é a dhéanfaidh aithris freisin ar Stephen Kenny, Richie Sadlier, Brian Kerr agus Eamon Dunphy.
Beidh ról caimeo freisin ag Bryan Dobson, Sharon Tobin, Des Cahill, Reem El -Hassany agus Jacqui Hurley!
Is é George Hamilton… sea George Hamilton i ndáiríre… a bheidh i mbun tráchtaireachta ar chluichí na hÉireann de réir mar a bheidh siad ag dul chun cinn i mbabhtaí na ngrúpaí… fainic tá milleadh scéil ag teacht… b’fhéidir go mbainfimis díoltas amach ar an bhFrainc faoin uair sin ar láimhseáil Henry an liathróid!
Bí ag éisteacht le Romy’s World Cup Wish ar Raidió RTÉjr, nó cibé áit a bhfaigheann tú do chuid podchraoltaí, ó Dé Luain an 21 Samhain go bhfaighidh tú amach céard a tharlóidh. Beidh muintir na tíre seo ar bior…
Tá Romy’s World Cup Wish bunaithe ar bhunsmaoineamh Eimear O’Mahony, Léiritheoir Feidhmiúcháin i Rannóg Daoine Óga RTÉ. Dúirt Eimear, “Is cuimhin liom a bheith ag féachaint ar Éirinn in Italia 90 nuair a bhí mé i mo ghasúr agus ar an ngliondar a chuir sé orm. Tá mé ag ceapadh gur bealach atá sa dráma seo chun an t-áthas sin a bhí orm ag tacú le hÉirinn i gcomórtas thar lear a athchruthú. Tá an t-áthas sin curtha in iúl ceart ag Karl agus tá dráma an-bharrúil scríofa aige atá lán de chroí. Bíodh bhur gcuid seamróga inseidte faoi réir agaibh nuair a bheidh sibh ag éisteacht leis seo!”
Bí ag éisteacht le Romy’s World Cup Wish ar Raidió RTÉjr, nó cibé áit a bhfaigheann tú do chuid podchraoltaí, ó Dé Luain an 21 Samhain go bhfaighidh tú amach céard a tharlóidh. Beidh muintir na tíre seo ar bior…