An Late Late Toy Show ar an gClár is Mó Lucht Féachana i mBliana agus 5 milliún sruth, an líon is mó riamh, bainte amach ag Corn an Domhain ar an RTÉ Player
An-tóir ar an deireadh seachtaine de shiamsaíocht ar RTÉ i measc an teaghlaigh uile
– An Late Late Toy Show an clár is mó lucht féachana fós ar theilifís na hÉireann
– Tá ardú tagtha ar an méid airgid atá bailithe don Toy Show Appeal agus tá €3.8 milliún bailithe go dtí seo do carthanachtaí na hÉireann. €17 milliún san iomlán, suim dhochreidte ar fad, atá bailithe ó bunaíodh an Toy Show Appeal sa bhliain 2020.
– 5.3 milliún sruth ceangailte leis an RTÉ Player, an líon is airde sruthanna seachtainiúla riamh
– Is ar fhóin chliste a bhí 53% de bheoshruthanna Chorn an Domhain ar an RTÉ Player
Bhí éalúchas, misneach, aontacht, grá agus cairdeas lárnach in Late Late Toy Show na bliana seo, clár atá fós ar an gclár is mó lucht féachana ar theilifís na hÉireann. Bhí níos mó ná 1.6 milliún duine ag breathnú ar an Late Late Toy Show i rith an deiridh seachtaine chun breathnú ar léiriú an láithreora Ryan Tubridy den Wizard of Oz’s Scarecrow. Chomh maith leis sin bhí Saoibh Lonergan, Lucy Hoban, Caillín Joe McDonald, Cuckoo’s Nest, Emmie O’Neill agus Billy Brady i measc go leor eile ar an Toy Show den chéad uair.
Rinneadh 303,000 sruth ar an RTÉ Player don Late Late Toy Show ar fud an deiridh seachtaine agus bhí lucht féachana ag breathnú ar an gclár as 139 tír, an Bholaiv, Iamáice, Catar agus an Úcráin ina measc. Bhí míreanna Áron Gibbons, Cealan Green agus an seó grinn ar na boinn a rinne Emmie i measc na ngearrthóg ba mhó a sruthaíodh ar an RTÉ Player. Bhí muintir na hÉireann thar lear i dteannta Ryan chun an Toy Show atá thar a bheith Éireannach a shruthú agus rinneadh 22% de na beoshruthanna as taobh amuigh d’Éirinn.
Tá an meán lucht féachana teilifíse do chlár oíche Dé Aoine anois ag os cionn 1.6 milliún duine, lena n-áirítear daoine a bhí ag breathnú ar an gclár ina gcuid ama féin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. 1.33 milliún lucht féachana ar an meán a bhí ag breathnú ar an gclár beo ar RTÉ One oíche Dé hAoine. Bhreathnaigh 296,000 duine eile ar an gclár ar an teilifís ina gcuid ama féin, lena n-áirítear ar RTÉ One +1 agus ar an athchraoladh Dé Domhnaigh.
Thug an lucht féachana freagra ar an RTÉ Toy Show Appeal arís i mbliana go fial flaithiúil, agus bronnadh €3.8 milliún chun cuidiú le carthanachtaí leanaí ar fud na hÉireann sa bhliain amach romhainn. Tugann sé sin an tsuim iomlán de chistí, a bhfuil géarghá leo, go €17 milliún, suim dhochreidte ar fad, ó bunaíodh an Toy Show Appeal sa bhliain 2020.
Dúirt láithreoir The Late Late Show, Ryan Tubridy: “Chuir sé áthas orm páirt a ghlacadh sa chlár oíche Dé hAoine agus sin go díreach a bhí ann, bhí mé páirteach i dtionól mór teaghlaigh don Toy Show. Is éard a bhí ansin ná na daoine a bhí ag obair sa chúlra agus na leanaí a ghlac páirt. Bhí muid an-sásta agus thug sé ardú misnigh dúinn leis an bhfreagairt a fuair muid ar an gclár. D’airigh mé go raibh daoine ag iarraidh oíche saor ón saol atá acu, bhí oíche ag teastáil uathu le go mbeidís in ann caoineadh le chéile agus meangadh gáire a dhéanamh. Bhí maitheas éigin do dhaoine de gach aois sa chlár aisteach álainn seo agus mar sin ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach uile dhuine as an gclár a chur le chéile, as páirt a ghlacadh ann agus as breathnú air. Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise do gach uile dhuine.”
Le 7 lá anuas, tá breathnaithe ag 39.2 milliún duine, líon dochreidte ar fad, ar #LateLateToyShow ar TikTok de réir mar a bhí an tír ag ullmhú don chlár agus ag baint taitneamh as an gclár oíche Dé hAoine. Bhreathnaigh 8.3 milliún duine ar fhíseáin ar chuntais shóisialta RTÉ ar fud TikTok, Instagram, Facebook agus Twitter agus bhí an haischlib ag treochtáil oíche Dé hAoine agus thar an deireadh seachtaine ar TikTok agus ar Twitter.
Mar thoradh ar an líon ollmhór lucht féachana don Toy Show agus do Chorn an Domhain ar an RTÉ Player, chonacthas an líon is airde sruthanna seachtainiúla riamh ar an ardán an tseachtain seo caite – 5.3 milliún sruth agus breathnaíodh ar 2.5 milliún uair an chloig d’ábhar. 2.34 milliún sruth seachtainiúil an churiarracht a bhí ann roimhe seo agus a taifeadadh sa bhliain 2020.
Is é an cluiche idir an Spáinn agus an Ghearmáin a bhí ar siúl tráthnóna Dé Domhnaigh agus a chríochnaigh ar comhscór, an cluiche ba mhó lucht féachana i gCorn an Domhain an tseachtain seo caite. Bhreathnaigh 521,000 duine ar an meán ar an gcluiche agus bhí 38% díobh sin ag breathnú ar an gcluiche ar an teilifís ag an am. Bhí 131,000 beoshruth ar an RTÉ Player freisin. Bhreathnaigh 495,000 duine ar an meán ar an gcluiche idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Sasana Dé hAoine a chríochnaigh ar comhscór 0-0. Bhí 40% díobh sin ag breathnú ar an gcluiche ar an teilifís ag an am agus bhí 134,000 sruth ar an RTÉ Player. Leis an gcluiche a bhí ar siúl Dé Sathairn inar bhuaigh an Airgintín 2-0 in aghaidh Mheicsiceo, tarraingíodh 424,000 duine chun breathnú air agus bhí 37% díobh sin ag breathnú ar an gcluiche ar an teilifís. Ina theannta sin, bhí 118,000 beoshruth ar an RTÉ Player. Is é an cluiche is mó lucht féachana go dtí seo ar an RTÉ Player ná an cluiche idir an Airgintín agus an Araib Shádach a bhí ar siúl Dé Máirt seo caite an 22 Samhain agus bhí 255,000 beoshruth aige sins.
Leis na 28 cluiche go dtí seo i gCorn an Domhain, cruthaíodh 3.1 milliún beoshruth ar an RTÉ Player – sin 112,000 beoshruth ar an meán in aghaidh an chluiche. Is ar fhóin chliste a bhí 53% de bheoshruthanna Chorn an Domhain.
Dúirt Aoife Byrne, Ceannasaí RTÉ ar an RTÉ Player: “Seachtain neamhghnách a bhí ann don RTÉ Player agus bhí níos mó ná dhá oiread an líon sruthanna ná an churiarracht sheachtainiúil a bhí ann roimhe seo. Tá súil againn sa bhliain 2023 cur leis an rath sin ionas gur áit sruthaithe ann féin a bheidh san RTÉ Player ar gá do lucht féachana na hÉireann cuairt a thabhairt air. Beidh muid ag méadú an dáilte, ag leanúint d’fheabhas a chur le heispéireas úsáideoirí, ag cur gnéithe agus feidhmiúlachtaí nua isteach agus ag forbairt na catalóige de bhoscraí Éireannacha agus idirnáisiúnta atá ar ardchaighdeán.”
Dúirt Jim Jennings, Stiúrthóir Ábhair RTÉ: “Tá RTÉ ann chun ábhar a chur ar fáil don lucht féachana, ábhar a dhéanann eolas don lucht féachana, ábhar a mbíonn an lucht féachana ag breathnú air agus ábhar a chuireann siamsaíocht ar fáil don lucht féachana. Tá sé iontach a fheiceáil go bhfuil líon ard den lucht féachana ag breathnú ar réimse éagsúil d’ábhar, idir na nóiméid chroíúla den Toy Show atá thar a bheith Éireannach agus an t-aicsean corraitheach spóirt i gCorn an Domhain. Is mar gheall ar na scéalta comhroinnte sin atá muid uathúil agus tá mórtas ar RTÉ na scéalta agus nóiméid sin a roinnt le pobal na hÉireann.”