NA SÉ IOMAITHEOIR ATÁ AG FÉACHAINT LE hIONADAÍOCHT A DHÉANAMH THAR CEANN NA hÉIREANN AG 67ú COMÓRTAS AMHRÁN EORAIFÍSE FÓGRAITHE
Rachaidh na ceoltóirí san iomaíocht ar The Late Late Eurosong 2023 Special i mí Feabhra
ÉIST LEIS NA TRAICEANNA ANSEO
Seoladh feachtas na hÉireann chun an bua a fháil ag Comórtas Eoraifíse 2023 inniu (Dé Luain, an 9 Eanáir) le nochtadh na sé iontráil, idir ghrúpaí agus amhránaithe aonair, a rachaidh san iomaíocht chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann i Learpholl i mí Bealtaine ag 67ú Comórtas Amhrán Eoraifíse.
Beidh na hiomaitheoirí deiridh a roghnaíodh ag casadh ar chlár speisialta den Late Late Show Dé hAoine an 3 Feabhra. Roghnófar an buaiteoir an oíche sin trí mheascán de Ghiúiré Náisiúnta, Giúiré Idirnáisiúnta agus vóta Poiblí. Óstálfar 67ú Comórtas Eoraifíse i Learpholl thar ceann na hÚcráine, agus is in Airéine Learpholl in aice le hAbhainn Mersey a reáchtálfar an Babhta Ceannais de Chomórtas Amhrán Eoraifíse 2023 Dé Sathairn an 13 Bealtaine, tar éis na babhtaí leathcheannais a bheith ar siúl Dé Máirt an 9 Bealtaine agus Déardaoin an 11 Bealtaine. Roghnaíodh na sé amhrán ó na céadta iontrálacha a fuair RTÉ tar éis dó gairm ar iarratais a dhéanamh anuraidh.
Is éard a dúirt Michael Kealy, Ceann Toscaireachta RTÉ don Eoraifís: “Chuaigh caighdeán agus cumas na n-amhránaithe aonair agus na mbannaí ceoil a bheidh ar stáitse i mbabhta ceannais Eurosong go mór i gcion orm i mbliana. Is mórimeacht é Comórtas Eoraifíse atá clúiteach ar fud an domhain, agus tá an iomaíocht ag éirí níos géire bliain i ndiaidh bliana, ach cibé ceoltóir nó grúpa ceoltóirí de na ceoltóirí ar fad atá sa bhabhta ceannais a bheidh an deis acu ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann i Learpholl i mí Bealtaine, ní amhras ar bith orm ach go ndéanfaidh sé, sí nó siad an-jab agus go ngnóthóidh lucht leanúna nua i ngach cearn den chruinne.”
1- Too Good for Your Love
Amhránaí: ADGY
Scríobh ADGY (Andrew Carr) Too Good for Your Love mar bhailéad ar an bpianó le linn na dianghlasála, agus is comhshaothar é leis an léiritheoir Boksay. D’oibrigh an bheirt le chéile air go cianda chun leagan deiridh an amhráin a chruthú, a ndeirtear gur “traic damhsa mear suáilceach é”. Is amhránaí agus ceoltóir as Dún na nGall é ADGY, ar tháinig borradh faoina ghairm sa bhliain 2020 nuair a shínigh sé conradh ceirnín le Universal Music Group dá amhrán Like You Do. Ó shin i leith, tá
ceol eisithe ag ADGY a bhfuil os cionn 10 milliún sruth aige go domhanda ar fud ardáin sruthaithe agus raidió.
Dúirt sé: “Tá mé i mo scríbhneoir amhrán chomh fada agus is cuimhin liom, agus tá amhráin scríofa agam do go leor ceoltóirí éagsúla, agus dom féin freisin. Ach is é mian mo chroí ceol a chasadh beo ar stáitse os comhair lucht féachana mór agus tá súil agam go mbeidh deis agam níos mó de sin a dhéanamh i mbliana.”
2- Midnight Summer Night
Amhránaí: CONNOLLY
Is traic é Midnight Summer Night a scríobhadh in aon oíche amháin le linn na paindéime, nuair nach raibh Jennifer Connolly as Leitir Mealláin ach 17 mbliana d’aois. Deir Jennifer, atá sa chéad bhliain de chúrsa i Léiriúchán Cruthaitheach Ceoil in IADT / Coláiste Oiliúna Fuaime i mBaile Átha Cliath, go bhfuil a croí istigh sa cheol ó bhí sí ina cailín óg, agus go dtugtar aghaidh ar chumha agus ar imeacht ama mar théamaí san amhrán trína ceol gutha.
“Tá mearbhall agus scoiteacht láidir le brath san amhrán, ach ar an iomlán tugtar le fios ann nach bhfuil in aon rud ach seal, agus tá cineál dóchais le brath sa mhéid sin. Tá sé iontach ar fad a bheith san iomaíocht chun m’amhrán a roinnt ar ardán chomh cáiliúil sin leis an Eoraifís. Ba gheall le haisling é bua a fháil sa Chomórtas Eoraifíse agus an teideal a thabhairt abhaile go hÉirinn arís.”
3 – We are One
Amhránaithe: Wild Youth (Príomhíomhá)
Is banna ceathrar ball as Baile Átha Cliath é Wild Youth, a raibh sraith amhrán móréilimh acu in Éirinn agus a bhfuil camchuairt déanta acu le ceoltóirí móra amhail Niall Horan, Lewis Capaldi agus Westlife. Anuas ar chamchuairteanna an bhanna féin ar fud na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann ina raibh ceolchoirmeacha ar díoladh amach na ticéid ar fad chucu, tá neart móramhrán scríofa ag Conor O’Donohoe, duine de bhaill an bhanna, do bhannaí eile, agus tá amhráin comhscríofa aige le Moncrief agus The Script. Is sa tSualainn a scríobhadh We Are One, i gcomhar leis an scríbhneoir amhrán Jörgen Elofsson a ainmníodh le haghaidh Ghradam Grammy.
Is éard a dúirt Wild Youth: “Tá an-áthas go deo orainn a bheith anseo. Thaitin an Comórtas Eoraifíse linn i gcónaí agus ba bhreá linn deis a fháil ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na tíre. Tá súil againn go dtaitneoidh an t-amhrán a scríobhamar leis an uile dhuine, agus go gcreidfidh siad gur féidir linn an beart a dhéanamh thar ceann na hÉireann i mbliana.”
4- Wild
Amhránaí: Leila Jane
Is amhránaí agus scríbhneoir amhrán Popcheol Indie í Leila Jane, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Chuir Cathal Murray, láithreoir Late Date, síos uirthi mar Amhránaí ar Fiú Súil a Choimeád Uirthi. Roghnaigh Imelda May í chun Scoláireacht Imelda May a fháil in Institiúid BIMM i mBaile Átha Cliath, áit ar bhain sí céim céadonóracha amach sa cheol.
“Teastaíonn teachtaireacht láidir in amhráin Eoraifíse i gcónaí, agus is amhrán cumhachtaithe é ‘Wild’ faoi láidreacht spiorad mná,” arsa Leila Jane. “Is léiriú é ‘Wild’ ar an ngrá atá agam don saoirse cruthaitheachta atá agam anseo in Éirinn. Onóir amach is amach a bheadh ann dom a bhfuil ag Éirinn ó thaobh an cheoil de a chur os comhair an tsaoil ag Comórtas Eoraifíse!”
Don traic seo, chuaigh Leila Jane i gcomhar le Liis Hainla, scríbhneoir amhrán as an Eastóin, le Arto Ruotsala, léiritheoir ceoil as an bhFionnlainn agus le Aaron Sibley, scríbhneoir amhrán as an mBreatain.
5- Down in the Rain
Amhránaithe: K Muni & ND (Kofi Appiah agus Nevlonne Dampare)
Dar le K Muni & ND, an dísreach as an Longfort a scríobh Down in the Rain, is ionann an t-amhrán agus léiriú ar a gcuid diongbháilteachta. Déantar taifead san amhrán ar thréimhse dheacair dá ngairm, tráth nach raibh an aird a bhí tuillte ag a gcuid ceoil, dar leo, á fáil aige. Tríd an amhrán Down in the Rain, molann na ceoltóirí d’éisteoirí gan dóchas a chailleadh ina gcuid brionglóidí, is cuma cé chomh crua is atá an bóthar.
“Ba mhór againn ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann”, a dúirt siad. “Is cuimhin linn a bheith ag féachaint ar an gComórtas Eoraifíse lenár dteaghlaigh agus muid inár bpáistí óga, cé a chreidfeadh go mbeadh deis againn féin a bheith ag canadh agus muintir na hÉireann, ár muintir féin, ag breathnú orainn agus ag tabhairt ugaigh dúinn agus dár tír? Is iontach an rud é.”
6 – Hawaii
Amhránaithe: Public Image Limited
Cheiliúir Public Image Limited 40 bliain ar an bhfód sa bhliain 2018. Is é John Lydon, iar-phríomhamhránaí Sex Pistols, príomhamhránaí Public Image Limited. Bhí 5 shingil ag an mbanna i gcairteacha na RA don 20 singil is fearr, agus 5 albam i gcairteacha na RA don 20 albam is fearr. Is ionann an t-amhrán Hawaii agus litir ghrá do Nora, an bhean lena bhfuil John Lydon pósta le nach mór 50 bliain, bean a bhfuil galar Alzheimer uirthi. Cuirtear síos ar an amhrán mar “amhrán machnamhach pearsanta grá ar amhrán coiteann é fós a rachaidh i gcion ar go leor daoine”, ina smaoiníonn John siar ar cheann de na laethanta ab fhearr a bhí acu le chéile agus iad i Haváí. Dar leis an mbanna, nochtann John (arbh as Contae Chorcaí a mháthair agus Contae na Gaillimhe a athair) a chroí san amhrán seo, níos mó ná mar atá déanta aige riamh go dtí seo, nó mar a dhéanfaidh go brách arís.
“Tá an t-amhrán seo tiomnaithe don uile dhuine a bhfuil an saol ag dul ina n-aghaidh leis an duine is mó a bhfuil cion acu dó nó di,” arsa John. “Tá dóchas san amhrán freisin, teachtaireacht gur treise grá ná rud ar bith eile.”
Fógrófar tuilleadh sonraí ar The Late Late Show Eurosong 2023 Special sna seachtainí atá amach romhainn.