Cearta Craolacháin Faighte ag RTÉ do na Cluichí Oilimpeacha ó 2024 go dtí 2023
Dheimhnigh RTÉ inniu (an 16 Eanáir 2023) go bhfuil cearta fairsinge craolacháin faighte acu do na Cluichí Oilimpeacha suas go dtí 2032 agus an bhliain sin san áireamh, ar fud gach ardáin atá acu, lena n-áirítear teilifís, raidió agus ardáin dhigiteacha mar chuid de chomhaontú le hAontas Craolacháin na hEorpa agus le Warner Bros Discovery.
Mar bhall d’Aontas Craolacháin na hEorpa, d’éirigh le RTÉ cearta craolacháin saorchraolta ar an teilifís agus ar ardáin dhigiteacha a fháil do Los Angeles 2028, Brisbane 2032 agus do Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in 2026 agus in 2030. Craolfaidh Spórt RTÉ níos mó ná 200 uair an chloig de chlúdach ar gach ceann de na heagráin samhraidh ar na Cluichí Oilimpeacha agus 100 uair an chloig de chlúdach ar Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh ar theilifís saorchraolta chomh maith le clúdach fairsing ar líne agus ar an raidió. Tá na cearta craolacháin do na Cluichí Oilimpeacha i bPáras in 2024, an samhradh seo chugainn, faighte cheana féin ag RTÉ trí Warner Bros Discovery.
Bhí na cearta craolacháin maidir le clúdach na hÉireann ar na Cluichí Oilimpeacha ag RTÉ ó bhí an chéad chlúdach ar na Cluichí Oilimpeacha ar an teilifís in Éirinn in 1964 le linn Chluichí Oilimpeacha Thóiceo, agus ag an am sin bhí RTÉ ar cheann de na 40 tír ar fud an domhain a thaispeáin an t-imeacht. Beidh Brisbane 2032 ar an ochtú Cluiche Oilimpeach déag le craoladh ar theilifís na hÉireann.
Is éard a dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Tá ríméad orainn na cearta craolacháin a fháil do na chéad cheithre eagrán eile de na Cluichí Oilimpeacha lena chinntiú go mbeidh rochtain saorchraolta ag lucht féachana na hÉireann ar an mórimeacht spóirt idirnáisiúnta seo go dtí 2032. Leis na Cluichí Oilimpeacha, mealltar croí lucht féachana na hÉireann i gcónaí de réir mar a bhailíonn muid le chéile chun tacú le lúthchleasaithe na hÉireann ar an ardán idirnáisiúnta agus bímid bródúil astu as na taispeántais agus éachtaí iontacha ar éirigh leo a dhéanamh. Tá súil againn go leanfaidh an borradh atá faoi na héachtaí sin de réir mar atá muid ag súil le clúdach cuimsitheach a chur ar fáil ar na Cluichí i bPáras in 2024 agus sna blianta eile amach romhainn, lena dtacaítear le Foireann na hÉireann agus lena roinntear na héachtaí a spreagfaidh na glúnta atá le teacht”.
Is éard a dúirt Noel Curran, Príomh-Stiúrthóir Aontas Craolacháin na hEorpa: “Tá ríméad orainn cearta na gCluichí Oilimpeacha a fháil thar ceann RTÉ agus thar ceann na gComhaltaí meán cumarsáide seirbhíse poiblí atá againn. Leis an socrú seo, léirítear an neart leanúnach atá ag craoltóirí seirbhíse poiblí ar an ardán domhanda spóirt. Ba cheart don spórt a bheith oiriúnach do gach duine agus ní mór do na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí gach lucht féachana a thabhairt le chéile chun taitneamh a bhaint as na héachtaí móra náisiúnta, an chéad ghlúin eile de lúthchleasaithe a spreagadh agus lucht leanúna do na spóirt nua atá ag teacht chun cinn a fhorbairt. Trí obair a dhéanamh le chéile, tá sé de chumas ag craoltóirí seirbhíse poiblí na Cluichí Oilimpeacha a chur ar fáil do bhreis is 1 billiún duine ar fud na mór-roinne ar bhonn saorchraolta. Ní féidir le haon bhranda meán eile an oiread sin poiblíochta ilardáin a chinntiú don oiread sin daoine. Is é sin an fáth a bhfuil ríméad orm fáilte a chur roimh an gcomhpháirtíocht seo a chinnteoidh go mbeidh na Cluichí Oilimpeacha ar fáil don lucht féachana is leithne agus is féidir ar fud na hEorpa.”