RTÉ agus Virgin Media ag cur gach cluiche ó chraobh ‘Sé Náisiún Guinness’ ar fáil beo duit
Beifear ábalta féachaint ar gach cluiche beo ar an aer ar Virgin Media Television agus ar RTÉ ó Dé hAoine an 3 Feabhra
Áirítear ar an gclúdach feachtais Fhir, Mhná agus F20 na hÉireann.
D’fhógair RTÉ agus Virgin Media Television inniu na sonraí faoin gcomhchlúdach ar chraobh ‘Sé Náisiún Guinness’ atá á chur ar fáil acu, lena chinntiú go mbeidh lucht leanúna spóirt na hÉireann in ann féachaint ar gach cluiche sa chomórtas rugbaí is fearr ar domhan beo agus saor go haer.
Cuirfear tús le craobh Sé Náisiún Guinness i mbliana Dé hAoine an 3 Feabhra agus áireofar mar chuid den chlúdach na cluichí uile ó chomórtais Fhir, Mhná agus F20 na hÉireann. Tríd an gcomhpháirtíocht seo, déanfar gach cluiche a chraoladh go cothrom idir an dá chraoltóir arís i mbliana agus tá an chuma air gur Craobhchomórtas den chéad scoth a bheidh ann.
Cuirfear tús le heagrán 2023 de Chraobhchomórtas Sé Náisiún Guinness leis an gcluiche idir Éire agus an Bhreatain Bheag ar Virgin Media One agus i ndiaidh sin beidh an cluiche idir Sasana agus Albain ar RTÉ 2. Tabharfaidh Éire aghaidh ansin ar an bhFrainc, na seaimpíní reatha, Dé Sathairn an 11 Feabhra. Cuirfear tús le Craobh Sé Náisiún na mBan Tik Tok Dé Domhnaigh an 26 Márta leis an gcluiche idir an Bhreatain Bheag agus Éire.
Bhí na láithreoirí Jacqui Hurley agus Joe Molloy ag labhairt ag an seoladh ar maidin i Staid Aviva agus bhí baill óna gcuid foirne craolacháin i mbliana ina dteannta ar an stáitse, ina measc na hanailísithe Rob Kearney, Fiona Hayes (Virgin Media Television), agus Jamie Heaslip & Hannah Tyrrell ó RTÉ.
D’fhógair RTÉ inniu go mbeidh an t-imreoir rugbaí idirnáisiúnta agus imreoir rugbaí na Mumhan, Simon Zebo, ar an bhfoireann anailísithe.
Is éard a dúirt Declan McBennett, Ceannasaí Spórt RTÉ: “Bliain iontach a bheidh ann i mbliana don rugbaí agus tá cúis fuadair níos mó againn faoi Chraobh Sé Náisiún na bliana seo ina mbeidh RTÉ arís ag cur na gcluichí ar fáil saor go haer do lucht leanúna spóirt ar fud na tíre. Beidh Virgin Media Ireland le RTÉ mar chuid den chomhpháirtíocht stairiúil a sheol muid anuraidh. Bliain ollmhór a bheidh ann d’fhoireann rugbaí na hÉireann agus tá muid ag súil go mór léi.”
Is éard a dúirt Mick McCaffrey, Ceannasaí Nuachta agus Spóirt Virgin Media Television: “Tá ríméad orainn leanúint leis an gcomhpháirtíocht, ar éirigh go maith léi, le RTÉ ar fud chomórtais Sé Náisiún na bhFear, na mBan agus F20. Bhí líon iontach lucht féachana ar fud na dtrí chomórtas ann anuraidh, rud a léiríonn go bhfuil spéis mhór i bhfoireann rugbaí na hÉireann agus beidh na cluichí uile ar fáil don lucht leanúna chun féachaint orthu saor go haer. Ó tharla go bhfuil foireann na bhFear ag iarraidh an móiminteam a choimeád ag imeacht leis na buanna a bhí acu sna Cluichí Idirnáisiúnta san Fhómhar le déanaí, tá an stáitse réitithe do chomórtas a bheidh fíorthaitneamhach.”
I measc chlúdach cuimsitheach Sé Náisiún RTÉ ar na cluichí uile ar fud na dtrí chomórtas, beidh cluichí saorchraolta eisiacha ar RTÉ2, RTÉ Radio agus RTÉ Player, agus ag an am céanna beidh clúdach de réir an nóiméad ar an gcluiche chomh maith le nuacht, anailís agus agallaimh ar RTÉ.ie/Sport. Beidh Against The Head ar ais leis an nuacht agus plé is déanaí oícheanta Dé Luain ar RTÉ2 agus tabharfaidh spórt RTÉ an lucht leanúna níos gaire do gach rud a bhaineann leis na Sé Náisiúin ar The RTÉ Rugby Podcast. Beidh an clúdach is déanaí ag Nuacht RTÉ faoi Chraobh na Sé Náisiún, lena n-áirítear an nuacht is déanaí ar an aip RTÉ News Now.
Craolfaidh Virgin Media Television clúdach beo eisiach ar fud Virgin Media One, Virgin Media Two agus Virgin Media Player. Clúdach beo a bheidh ann gach deireadh seachtaine agus beidh buaicphointí seachtainiúla ón stiúideo ar fáil agus cuirfear tús leis sin Dé Domhnaigh ag 8pm ar Virgin Media Two. Coinneoidh Podchraoladh seachtainiúil Rugbaí Virgin Media Television ar an eolas thú faoi gach ní a bhaineann le Craobh na Sé Náisiún. Beidh an t-eolas is déanaí á roinnt leat freisin ar fheasacháin Virgin Media News agus ar leathanach Twitter @VMSportIE. Má chailleann tú amach ar aon chuid den aicsean, beidh buaicphointí breise ar na cluichí uile ón deireadh seachtaine ar fáil ar Virgin Media More le linn na seachtaine.
Vodafone a dhéanann urraíocht ar an gclúdach rugbaí ar Chraobh Sé Náisiún na bhFear – Guinness ar RTÉ agus ar Virgin Media Television.