Spórt, drámaíocht, damhsa, ceol, cultúr agus coiméide na hÉireann – beidh rud éigin ann do gach duine ar RTÉ deireadh seachtaine seo na Féile Pádraig
Cuir ort do chulaith ghlas!
Tugann RTÉ cuireadh duit Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh linn an deireadh seachtaine saoire bainc seo. Ar an deireadh seachtaine seo agus náisiún na hÉireann ag déanamh ceiliúrtha ar an bhféiniúlacht agus ar an oidhreacht uathúil, taispeánfaidh RTÉ scoth an spóirt, na drámaíochta, na siamsaíochta agus go leor eile de chultúr na hÉireann. Mar sin, cibé áit a bhfuil tú, ar an oileán nó ar an taobh eile den domhan, is féidir féachaint ar RTÉ 1, RTÉ 2, RTÉ Player, nó éisteacht le haon stáisiún RTÉ Radio agus RTÉ Online chun braistint tírghrá a mhothú.
Déardaoin craolfaidh RTÉ2 clár teilifíse uair an chloig, Choice Music Prize RTÉ, ina mbeidh léirithe ó na ceoltóirí a bhuaigh; is iad sin CMAT, Moncrieff, Fontaines DC, Sinead O’ Connor agus Cian Ducrot chomh maith le hagallaimh le Bláthnaid Treacy.
Dé hAoine féach ar láithreoirí RTÉ Dáithí Ó Sé agus Sarah McInerney in éineacht le Emer O’ Neill agus Thomas Crosse (Crossy) FM104 ar shráideanna Bhaile Átha Cliath do Pharáid náisiúnta iontach na Féile Pádraig mar chuid d’Fhéile Lá Fhéile Pádraig ar an 17 Márta.
Oíche Dé hAoine déanfaidh Ryan Tubridy ceiliúradh beo ar an oíche is Gaelaí den bhliain ar The Late Late Show agus é ag caint le haíonna lena n-áirítear Liam Neeson, agus é ag ceiliúradh a 100ú scannán, beidh foireann aisteoirí Kin Clare Dunne, Maria Doyle Kennedy, Sam Keeley agus Yasmin Seky ina theanta mar aon le scríbhneoir Derry Girls Lisa McGee.
Lá lán le spóirt a bheidh ann Dé Sathairn agus Albain ag imirt in aghaidh na hIodáile le haghaidh chluiche deiridh Chraobh na Sé Náisiún ag 12 meán lae ar RTÉ2 agus Craobh na Sé Náisiún Éire v Sasana ag 5 i.n. ar RTÉ Radio 1. Déanfaidh Jacqui Hurley, Jamie Heaslip, Jerry Flannery agus Stephen Ferris craoladh beo ar Albain v an Iodáil ó Murrayfield.
Idir an dá linn tabharfaidh an Mhí aghaidh ar Bhaile Átha Cliath sa pheil Ghaelach agus tabharfaidh Ard Mhacha aghaidh ar Ghaillimh ag 2:45pm ar RTÉ2. Cuirfidh Damian Lawlor craoladh beo i láthair in éineacht le Ciaran Whelan agus Enda McGinley ar chluiche na Mí agus Bhaile Átha Cliath ó Pháirc Tailteann san Uaimh agus ar chluiche Ard Mhacha agus na Gaillimhe ina dhiaidh sin ó Pháirc Lúthchleasaíochta Ard Mhacha.
Agus murar leor sin, roghnófar buaiteoirí Dancing with the Stars oíche Dé Domhnaigh. Caith do sheamróg agus bí i mbarr do mhaitheasa agus tú ag féachaint ar na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais; Suzanne Jackson, Damien McGinty, Carl Mullan agus Brooke Scullion agus iad ag simíáil, ag siúl go giodalach agus ag válsáil agus súil acu liathróid ghealra 2023 a bhuachan.
Léireofar dráma áitiúil den chéad uair ar RTÉ1 oíche Dé Domhnaigh leis an gcéad chlár pléascach den dara sraith de Kin ag 9:30 i.n. I ndiaidh bhás Eamon Cunningham, tá ag éirí go maith le muintir Kinsella. Mar sin féin, tagann bagairt nua chun cinn nuair a chuireann baill de chairtéal Turcach in iúl do mhuintir Kinsella go raibh fiacha measartha ag Éamon orthu – agus ó tharla gur mharaigh siadsan é, tá fiacha anois orthusan. Is féidir an chéad tsraith de Kin a shruthú ar RTÉ Player.
Tá neart boscraí agus cláir faisnéise Éireannacha le sruthú ar RTÉ Player chomh maith le ceol agus comhrá chun taitneamh a bhaint astu ar RTÉ Radio. Mar sin, cibé rud a thugann ort an tseamróg a chaitheamh le bród, a bhaineann na deora asat nó a chuireann drithlíní le do dhroim, tá rud éigin speisialta le tairiscint ag RTÉ duit an deireadh seachtaine seo le haghaidh Fhéile Pádraig.