Cearta Chorn Rugbaí an Domhain 2023 Faighte ag RTÉ agus Virgin Media Television
Tá sé dearbhaithe ag Rugbaí an Domhain gur ar RTÉ agus ar Virgin Media Television a bheidh an lucht leanúna in Éirinn ag breathnú má tá siad ag iarraidh gach nóiméad de Chorn Rugbaí an Domhain 2023 a fheiceáil.
Tá an-tóir go deo cheana féin ag lucht leanúna rugbaí na hÉireann ar an gcomórtas sa Fhrainc de réir mar atá foireann na hÉireann ag iarraidh Caithréim Mhór sna Sé Náisiún a bhaint amach an deireadh seachtaine seo agus iad sa chéad háit faoi láthair i Rangú Fear Rugbaí an Domhain á chumhachtú ag Capgemini.
Sa chomhaontú seo craolfar na 48 cluiche uile saor go haer ar theilifís na hÉireann idir teilifís RTÉ, an RTÉ Player, Virgin Media Television agus Virgin Media Player. Roinnfear cluichí na hÉireann idir na craoltóirí agus craolfar Cluiche Ceannais Chorn Rugbaí an Domhain beo ar an dá chraoltóir ag an am céanna. Tá cearta craolacháin raidió bheo faighte ag RTÉ freisin do chluichí na hÉireann.
Leis an mbeart seo cuirtear deireadh leis na príomhchraoltóirí nua rugbaí a fhógairt do Chorn Rugbaí an Domhain 2023 atá ar an mbóthar le bheith ar an gCorn Rugbaí Domhanda is mó lucht féachana riamh.
Is éard a dúirt Alan Gilpin, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Rugbaí an Domhain: “Seans nach raibh am níos fearr ann riamh le bheith ar dhuine de lucht leanúna rugbaí na hÉireann. Ó tharla gurb í foireann an hÉireann an fhoireann is fearr ar domhan agus go bhfuil siad ag súil le Caithréim Mhór a bhaint amach an deireadh seachtaine seo, tá gach duine ar bís do Chorn Rugbaí an Domhain 2023 sa Fhrainc a bhfuil an chosúlacht air gur comórtas an-speisialta a bheidh ann. Tá ríméad orainn go mbeidh RTÉ agus Virgin Media ag clúdach gach nóiméad de na cluichí sa Fhrainc sa bhliain 2023 ar na hardáin saorchraolta atá acu. Tá siad tugtha don Rugbaí mar atá muid féin agus tá sé de chumas acu lucht féachana nua a mhealladh agus tá muid ag tnúth le hobair a dhéanamh leo le go mbeidh an comórtas seo ar an gcomórtas nach ndéanfar dearmad air.”
Is éard a dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Le roinnt blianta anuas, dhírigh muid ar chearta spóirt a fháil lena chinntiú go roinntear cluichí náisiúnta agus foirne náisiúnta agus iad i mbun imeartha leis an lucht féachana is leithne agus is féidir. Tá ríméad orainn an comhaontú is déanaí seo a dhéanamh le Rugbaí an Domhain lena gcinntítear go gcuirfear comórtas iomlán Chorn Rugbaí an Domhain ar fáil do lucht féachana na hÉireann saor go haer ar fud RTÉ agus Virgin Media Television. Is é seo an tseoid is luachmhaire sa rugbaí idirnáisiúnta agus ó tharla go bhfuil ag éirí thar cionn le foireann na hÉireann, táthar ar bís faoi mhí Meán Fómhair. Is iontach an toradh é agus cinntítear nach gcaillfidh lucht féachana na hÉireann amach ar aon chuid den aicsean.”
Is éard a dúirt Paul Farrell, Stiúrthóir Bainistíochta Virgin Media Television freisin: “Tá ríméad orainn cearta Chorn Rugbaí an Domhain a fháil agus a bheith in ann deis a thabhairt don lucht leanúna spóirt ar fad tacaíocht a thabhairt d’fhoireann dhochreidte Rugbaí na hÉireann i mí Mheán Fómhair. Arís tá muid ag tabhairt tús áite do lucht leanúna spóirt na hÉireann trí spórt a chur ar fáil agus rochtain saor go haer a thabhairt dóibh ar Chorn Rugbaí an Domhain sa Fhrainc a bhfuil an-súil leis. Is féidir le lucht leanúna spóirt na hÉireann taitneamh a bhaint as comhpháirtíocht stairiúil eile le RTÉ i ndiaidh an chomhchlúdaigh ar Sé Náisiún Guinness ar éirigh go hiontach leis.”