Tá RTÉ ag tacú le 39 Imeacht Ealaíon agus Cultúir ar fud na hÉireann i mí Dheireadh Fómhair seo.
Tá lúcháir ar RTÉ a bheith ag tacú an Deireadh Fómhair seo le Féile Ceoldráma Loch Garman, Féile Ealaíon Idirnáisiúnta do Pháistí Baboró, Open House i mBaile Átha Cliath agus 36 imeacht ealaíon agus cultúir eile ar fud na tíre.
Beidh Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman ar siúl ón 17 Deireadh Fómhair – 1 Samhain agus déanfaidh sé iniúchadh ar théama na miotaseolaíochta agus na bhfinscéalta. 16 lá a bheidh ann lán le taibhithe tarraingteacha, ceoldrámaí ar leith agus fionnachtana nua. I nGaillimh, beidh Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Baboró, atá dírithe ar pháistí agus ar a dteaghlaigh, ar siúl thar thréimhse deich lá, agus beidh turais agus imeachtaí treoraithe ar fud Chathair Bhaile Átha Cliath agus an chontae ar fad ar siúl mar chuid de Open House, féile na hailtireachta saor in aisce i mBaile Átha Cliath an mhí seo.
Beidh go leor féilte eile ann freisin ar nós Imagine Arts Festival i bPort Láirge, Féile Léitheoirí Chill Dara, agus Féile Leabhar na Líne Deirge agus Féile Bram Stoker, an dá cheann sin ag tarlú i mBaile Átha Cliath. Beidh Féile Chartúin na Gaillimhe ar siúl freisin, chomh maith le Féile IndieCork agus Féile Liteartha ISLA. Ina theannta sin, beidh imeachtaí ag titim amach ar fud na tíre mar chuid d’Fhéile Ealaíon agus Cearta Daonna na hÉireann.
Ní bheidh díomá ar lucht na hamharclannaíochta an mhí seo ach an oiread, mar go dtabharfar scoth na hamharclannaíochta Éireannaí agus idirnáisiúnta os comhair lucht féachana ag Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath. Cuirfear CONNIE ar stáitse sa Theatre Royal stairiúil i Luimneach, imeacht tumthach amharclainne a athshamhlaíonn saol dochreidte an aisteora Hollywood Constance Smith, a rugadh i Luimneach. Beidh na drámaí Boyfriends agus The Land of a Hundred Little Hills ar siúl i roinnt ionad freisin.
In Amharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath, déanfaidh ‘Poor’ cur síos ar aistear iontach Katriona O’Sullivan agus í ag teacht amach óna hóige a bhí lán le bochtaineacht, andúil agus easpa dídine chun glúin a spreagadh trína cuid scríbhneoireachta, teagaisc agus cainte. In Amharclann na Mainistreach, déanfaidh Tionscadal Éireann/Nua-Eabhrac comóradh 100 bliain ar The New Yorker le tráthnóna ag plé agus ag ceiliúradh scéal an chaidrimh atá ag an iris leis na glúnta d’údair Éireannacha mór le rá.
Tá roinnt féilte scannán ar siúl an mhí seo, lena n-áirítear Féile Scannán Idirnáisiúnta Chiarraí, Féile Scannán Chluain Eois, Féile Scannán ‘Disappear Here’ i nDún na nGall agus ‘Short Shorts’ le léirithe i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach agus Corcaigh.
Tapaigh an deis chun Lá na Cruite a cheiliúradh le Harp Ireland ar an Satharn 18 Deireadh Fómhair, beidh Cór Aireagail na hÉireann ag seinm ‘Echoes of the Divine’ i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste, agus cuirfidh Comhaltas Ceoltóirí Éireann ‘Cairde’ i láthair in ionaid éagsúla le cuid de na ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí traidisiúnta is fearr in Éirinn. Beidh sraith ceolchoirmeacha an Fhómhair de chuid an National String Quartet Foundation ar siúl agus cuirfidh Fingal Chamber Music a Shraith Idirnáisiúnta Ceoil Aireagail os comhair lucht féachana. Leanfaidh Music for Wexford le sraith an fhómhair, le ceadail ó cheoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta araon.
Ar deireadh, tá roinnt taispeántas le taitneamh a bhaint astu freisin mar shampla Picasso: From the Studio sa Ghailearaí Náisiúnta, Scribendi: Irish Writers 1985-2025 i Músaem Grianghrafadóireachta Éireann, athoscailt Eispéireas Shackleton i mBaile Átha Í, agus beidh Headway, seirbhísí agus tacaíocht gortaithe inchinne mar óstach ar Connections, taispeántas ealaíne ar leith in Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce ina mbeidh breis agus 100 ealaíontóir agus gortú inchinne faighte ag gach duine acu.
For more information about the events we are supporting this month, see below:
LOCH GARMAN Wexford Festival Opera www.wexfordopera.com
LOCH GARMAN Music for Wexford Summer/Autumn Series www.musicforwexford.ie
PORT LAIRGE Imagine Arts Festival www.imagineartsfestival.com
BAILE ÁTHA CLIATH Picasso: From the Studio www.nationalgallery.ie/art-and-artists/exhibitions/upcoming-exhibitions/picasso-studio
BAILE ÁTHA CLIATH Dublin Theatre Festival www.dublintheatrefestival.ie
AR FUD NA TÍRE Boyfriends (national tour) www.lemonsoap.ie
GAILLIMH Baboró International Arts Festival for Children www.baboro.ie
LUIMNEACH CONNIE www.limetreetheatre.ie
BAILE ÁTHA CLIATH Bram Stoker Festival www.bramstokerfestival.com
AR FUD NA TÍRE The Land of a Hundred Little Hills www.ceolconnected.ie/productions/the-land-of-a-hundred-little-hills
AR FUD NA TÍRE Short Shorts www.facebook.com/EUNICireland
CILL DARA Kildare Readers Festival www.kildarereadersfestival.ie
CORCAIGH IndieCork Festival www.indiecork.com
CIARRAÍ Kerry International Film Festival www.kerryfilmfestival.com
BAILE ÁTHA CLIATH Poor www.gatetheatre.ie/production/poor-2025
BAILE ÁTHA CLIATH Open House Dublin www.openhousedublin.com
BAILE ÁTHA CLIATH Scribendi: Irish Writers 1985-2025 www.photomuseumireland.ie/exhibition/steve-pyke-scribendi-irish-writers-1982-2025
AR FUD NA TÍRE Cairdeas www.comhaltas.ie/event/concert-cairdeas-celebrating-connections
MUINEACHÁN Clones Film Festival www.clonesfilmfestival.com
BAILE ÁTHA CLIATH A Century of The New Yorker’s Irish Writers www.abbeytheatre.ie/whats-on/the-new-yorker-irish-writers/
BAILE ÁTHA CLIATH Fingal Chamber Music: International Perpectives Chamber Music Series www.fingalchambermusic.ie
AR FUD NA TÍRE Autumn Concert Season www.nsqf.ie
BAILE ÁTHA CLIATH ISLA Festival www.dublin.cervantes.es/en/culture_spanish/isla_festival/isla_festival.htm
GAILLIMH Galway Cartoon Festival www.galwaycartoonfestival.ie
BAILE ÁTHA CLIATH Red Line Book Festival www.redlinefestival.ie
CILL DARA Shackleton Experience Athy Reopening www.shackletonmuseum.com
DÚN NA NGALL Disappear Here Film Festival www.disappearherefilmfest.com
AR FUD NA TÍRE Irish Arts and Human Rights Festival www.smashingtimes.ie/irish-arts-and-human-rights-festival
BAILE ÁTHA CLIATH Connections www.headway.ie
BAILE ÁTHA CLIATH / BEÁL FEIRSTE Echoes of the Divine www.chamberchoirireland.com/events/echoes-of-the-divine
IDIRNÁISIÚNTA Lá na Cruite | Harp Day www.harpireland.ie
BAILE ÁTHA CLIATH IMMA Collection: Art as Agency www.imma.ie
LUIMNEACH 41st EVA International www.eva.ie
LUIMNEACH From ‘Dickie to Richard’ – Richard Harris: Role of a Lifetime www.huntmuseum.com
BAILE ÁTHA CLIATH Words on the Wave: Ireland and St. Gallen in Early Medieval Europe (Kildare Street) www.museum.ie
BAILE ÁTHA CLIATH Changing Ireland (Collins Barracks) www.museum.ie
BAILE ÁTHA CLIATH Dead Zoo at Large (Collins Barracks) www.museum.ie