Prime Time RTÉ chun Díospóireacht Deiridh Thoghchán na hUachtaránachta a óstáil
Cuirfear an díospóireacht ar fáil le hateangaireacht bheo i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) ar RTÉ News Channel agus ar an RTÉ Player. – Beidh an díospóireacht á shruthú freisin ar chuntais meán sóisialta RTÉ One ar fud TikTok, Instagram, Facebook agus X.
Tá Prime Time RTÉ chun Díospóireacht Deiridh Thoghchán na hUachtaránachta a óstáil oíche Dé Máirt, an 21 Deireadh Fómhair, chun deis eile a thabhairt do vótálaithe cluas éisteachta a thabhairt d’iarrthóirí uachtaránachta na hÉireann d’fhonn rogha a dhéanamh agus gan ach cúpla lá fágtha roimh an toghchán.
Arna chur i láthair ag Miriam O’Callaghan agus Sarah McInerney, déanfar craoladh beo ar na hiarrthóirí Catherine Connolly agus Heather Humphreys. Mar chuid de thiomantas leanúnach RTÉ don uileghabhálacht, beidh ateangaireacht bheo i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann mar chuid de Prime Time Presidential Debate chun a chinntiú go mbeidh fáil ag ár lucht féachana ó phobal na mBodhar agus na Teanga Comharthaíochta ar an díospóireacht, agus beifear á chraoladh ag an am céanna ar RTÉ News Channel agus ar an RTÉ Player.
Ag labhairt di roimh an díospóireacht, dúirt Miriam O’Callaghan, “Tá mé ar bís ceart faoin díospóireacht seo – is mór an phribhléid é modhnóireacht a dhéanamh ar bhuaicphointí thoghchán na hUachtaránachta, baint a bheith agat leis agus tuiscint a fháil ar an bhfreagracht ollmhór atá á leagan ar dhaonlathas na tíre. D’oibrigh gach ball d’fhoireann Prime Time go crua chun a chinntiú gur díospóireacht chóir, chuimsitheach agus eolasach a bheidh ann.”
Ag labhairt di ar an díospóireacht, dúirt Sarah McInerney, “I ndiaidh seachtainí d’agallaimh agus de dhíospóireachtaí idir an dá iarrthóir, tá a fhios againn go bhfuil roinnt mhaith vótálaithe nach bhfuil cinneadh déanta fós acu agus go bhfuil roinnt eile nach bhfuil fonn orthu vótáil ar chor ar bith. Deis amháin eile atá sa díospóireacht seo do na hiarrthóirí a seasamh a chosaint agus vótaí a fháil. D’fhéadfadh sé difríocht an domhain a dhéanamh. Is fada liom go dtosóidh muid!”
Beidh an podchraoladh Behind the Story beo díreach i ndiaidh dhíospóireacht na hUachtaránachta, agus cuirfidh Katie Hannon, Fran McNulty agus David McCullagh anailís agus tuairimí faoi bhuaicphointí na hoíche ar fáil. Beidh an podchraoladh á chraoladh beo ar RTÉ News Channel agus á shruthú beo ar YouTube den chéad uair riamh.
Beidh an díospóireacht á sruthú beo ar chuntas RTÉ One ar Instagram, Facebook, TikTok agus X. Bí linn agus muid beo ar RTÉ One, RTÉ News Channel agus an RTÉ Player Dé Máirt, an 21 Deireadh Fómhair ag 9:35pm don phríomhimeacht seo sa bhfeachtas toghchánaíochta.