Peataí, Gáire agus Éirí in Airde! Beidh peataí iontacha na hÉireann á gcur ar taispeáint ar The Big Pet Project ag RTÉ KIDS ar RTÉ One agus an RTÉ Player
Peataí, Gáire agus Éirí in Airde! Beidh peataí iontacha na hÉireann á gcur ar taispeáint ar The Big Pet Project ag RTÉ KIDS ar RTÉ One agus an RTÉ Player Dé Sathairn, an 15 Samhain ag 5:15 i.n. 76 ainmhí.
Sé láthair. Beirt láithreoirí iomráiteacha. Gluaisteán na bPeataí.
Madraí ag surfáil agus turtair ag scóráil cúil, capaillíní i mbun péinteála agus muca móra millteacha, beidh na peataí is iontaí in Éirinn le feiceáil ar an scáileán ón 5:15 i.n. Dé Sathairn, an 15 Samhain 2025 ar RTÉ One agus na cláir go léir le sruthchraoladh ar an RTÉ Player an lá céanna sin. Déantar ceiliúradh le The Big Pet Project, sraith nua spóirtiúil RTÉ Kids don teaghlach, ar shaol greannmhar, croíúil agus, dá ndéarfaí é, craiceáilte, na ndaoine atá an-tógtha lena gcuid peataí.
Bí i gcomhluadar Demi Isaac Oviawe (The Young Offenders), aisteoir agus láithreoir, agus Adam Beales (Bro’s in Control), cruthaitheoir ábhair, agus iad ag gluaiseacht ina nGluaisteán Peataí thart faoi Bhaile Átha Cliath, Chill Mhantáin, Thiobraid Árann, Ghaillimh, Dhún na nGall agus Bhéal Feirste go bhfeictear roinnt de na hainmhithe is neamhghnáthaí agus is cumasaí in Éirinn.
“Is iontach an spraoi a bhí agam ar The Big Pet Project,” arsa Demi Oviawe. “Bhí ionadh an domhain orm nuair a chonaic mé roinnt de na peataí neamhghnácha atá ag daoine! Bhí déagóir amháin fiú a bhfuil trí ghlúin de sheilidí aige!”
Bhain Adam Beales freisin an-taitneamh as an turas, “Shíl mise nach gcuirfeadh aon ní iontas orm, ach ní féidir beag is fiú a dhéanamh de thurtar a scóráileann cúil ná as mílechosach mór millteach! Bhí spraoi, spreagadh agus spleodar iontach ag baint leis an turas seo ar fud na hÉireann ag feiceáil na bpeataí iontacha agus a gcuid úinéirí.”
Is ceiliúradh beo bríomhar an tsraith seo ar an gceangal a bhíonn idir daoine agus a gcuid peataí. Tá acsalatail i mBéal Feirste, turtair i dTiobraid Árann, seabhaic i gCill Mhantáin, mionghabhair i dTír Chonaill, mílechosach mór millteach i nGaillimh agus muc mhór go maith freisin i mBaile Átha Cliath!
Tugtar cuairt i ngach clár freisin ar chlinic tréidliachta an Dr Bobby Ortiz, saineolaí maidir le hainmhithe andúchasacha a chuireann ar an eolas muid faoi chréatúirí éagsúla, mar shampla an macá nó mionghráinneoga na hAfraice. Tugtar dúshlán duine iomráiteach freisin ar gach clár, le Miriam Mullins, bean tionchair, agus Lucy, an madra atá aici, ag tabhairt cuireadh don lucht féachana ag baile triail a bhaint as an spraoi freisin.
“Moltar, mar a chuala gach duine go minic, gan oibriú le leanaí ná le hainmhithe, agus céard a rinneamar ach an dá rud sin go díreach!” arsa Kate Finn, Léiritheoir le HopSkip Studios gan aiféala ar bith. “Ní fhéadfá meascán níos fearr a fháil. Tá gach clár i ndiaidh a chéile pacáilte leis na hainmhithe is iontaí, is cumasaí agus is áille, agus tá na daoine gach pioc chomh deas leo!”
Deir Niamh Farren, Léiritheoir Feidhmiúcháin, Ábhar do Dhaoine Óga, RTÉ “Feictear rudaí iontacha in RTÉ KIDS, ach b’fhéidir go sáraíonn madra ag surfáil agus turtar a scóráileann cúil a bhfacthas go dtí seo.Ábhar spraoi don teaghlach uilig The Big Pet Project atá lán le greann agus le hábhar iontais. Déantar ceiliúradh leis ar dhaoine in Éirinn ar breá leo ainmhithe agus ar a gcuid peataí agus meabhraítear dúinn gur féidir spraoi agus spleodar a bheith ag baint le cláracha breátha teilifíse seirbhíse poiblí nuair atá fionnadh agus cleití ar roinnt dá mbíonn le feiceáil.”
Sraith sé chinn de chláracha The Big Pet Project ar RTÉ KIDS, leis an gcéad chlár á chraoladh Dé Sathairn, an 15 Samhain ag 5:15 i.n. ar RTÉ One, agus na cláracha ar fad ar fáil lena sruthchraoladh ar an RTÉ Player.
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Arna léiriú ag HopSkip Studios do RTÉ KIDS, le cúnamh breise airgid ó Scáileán Thuaisceart Éireann.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sharon Sorohan, Ceannaire Sinsearach Cumarsáide RTÉ, sharon.sorohan@rte.ie