RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona
Tá mórtas ar RTÉ a bheith ag tacú le clár imeachtaí ealaíon agus cultúir atá saibhir agus éagsúil a bheidh ar bun ar fud na hÉireann i mí an Mhárta 2026. An mhí seo, beidh réimse iontach féilte, taibhléirithe, ceoil, litríochta, scannánaíochta agus eispéireas a oireann do theaghlaigh, ina léirítear flúirseacht na cruthaitheachta atá faoi bhláth ar fud na tíre.
Tá tús curtha le mí an Mhárta le ceiliúradh náisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear Féile bhríomhar Lá Fhéile Pádraig i mBaile Átha Cliath, a thabharfaidh beocht don phríomhchathair le paráidí, mórthaibhsithe ar mhórscála, taibhléirithe beo agus gníomhaíochtaí a bheidh feiliúnach do theaghlaigh. Chomh maith leis an bpléaráca ar fud na cathrach, beidh Ceolchoirmeacha Naomh Pádraig á n-óstáil sa Cheoláras Náisiúnta, sraith taibhléirithe mar ómós do thraidisiúin cheoil na hÉireann in éineacht le saothair chomhaimseartha agus chlasaiceacha.
Beidh go leor ar siúl do lucht litearthachta freisin an mhí seo agus trí fhéile éagsúla ar bun. Sa Chlár, tabharfaidh Féile Chlub Leabhar na hInse léitheoirí agus scríbhneoirí le chéile le haghaidh comhráite, ceardlann agus imeachtaí chun a ngrá do leabhair a roinnt agus a cheiliúradh. Leanfaidh Féile Litríochta Luimnigh lena traidisiún seanbhunaithe, is é sin ómós a thabhairt do dhea-scríbhneoireacht trí imeachtaí léitheoireachta agus plé. I mBaile Átha Cliath, idir an dá linn, cothóidh an Fhéile Litríochta Franco-Éireannach malartú cultúir agus comhoibriú idir údair de chuid na Fraince agus na hÉireann, ag tabhairt glórtha nua agus dearcthaí roinnte chun tosaigh.
Tabharfar tús áite don scannánaíocht le linn mhí an Mhárta le féilte a bheidh dírithe ar scannánóirí cumasacha atá ag teacht chun cinn agus ar scéalaíocht idirnáisiúnta. Tiocfaidh Féile Idirnáisiúnta Scannán Fresh ar ais go cathracha ar fud na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann, ina dtabharfar ardán do scannánóirí óga agus ina mbeidh taispeáintais, ceardlanna agus comórtais ar siúl chun cruthaitheacht na hóige a cheiliúradh. Beidh an Fhéile Scannán don Óige First Cut á hóstáil i gCorcaigh, ar ardán atá inti do scannánóirí atá ag tosú amach chun a gcuid oibre a chur i láthair agus bualadh le gairmithe sa tionscal. Léireoidh Féile Scannán na hÁise Theas in Éirinn, a bheidh ar bun don deichiú bliain as a chéile, scannánaíocht chomhaimseartha ón Áise Theas i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i gCorcaigh chun léargas nua a thabhairt don lucht féachana ó scannánóirí idirnáisiúnta mór le rá.
Beidh séasúr láidir amharclannaíochta agus ceoldrámaíochta ag tarlú i mBaile Átha Cliath an mhí seo. Cuirfidh The Complex léiriúchán fíorspéisiúil de Fool For Love le Sam Shepard i
láthair, ina léireofar díocas an téacs le beocht i dtimpeallacht atmaisféarach. In Amharclann an Gheata, déanfaidh Eureka Day iniúchadh géar greannmhar ar phobal agus ar choimhlint sa ré dhigiteach, agus is cóiriú é Poor, ar bheathaisnéis mór le rá Katriona O’Sullivan, ina léirítear teacht aniar agus claochlú pearsanta go tochtmhar. Cuirfidh Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann mórléiriúchán nua de Rusalka Dvořák i láthair, ina mbeidh meascán de liriciúlacht thaibhseach agus scéalaíocht fhíorspéisiúil.
Féadfaidh daoine a bhfuil dúil acu sa cheol a bheith ag tnúth le réimse féilte agus sraitheanna ceolchoirmeacha a dhéanann ceiliúradh ar sheánraí éagsúla. I mBaile Átha Cliath, leanfaidh Sraith Wigmore i mBaile Átha Cliath de cheadail den chéad scoth a chur i láthair le ceoltóirí clasaiceacha Éireannacha agus idirnáisiúnta mór le rá i gCeol-Acadamh Ríoga na hÉireann. Cuirfidh Féile Snagcheol Chill Dara béim ar bheocht shaol an tsnagcheoil in Éirinn le taibhléirithe ó cheoltóirí atá ag teacht chun cinn agus atá ar an mbóthar le tamall. Is i Luimneach a bheidh Limerick Early Music Festival 2026: Masks and Masques ar siúl, ina bhfiosrófar an luathcheol trí thaibhléiriú bunaithe ar an stair agus cláir shamhlaíocha. Díreoidh EMPOWER 2026 at RIAM – Let the Music Lead! ar mhná i saol an cheoil trí thaibhléirithe, plé, agus tionscnaimh oideachais. Beidh Féile Finding a Voice 2026 ar ais i dTiobraid Árann agus béim faoi leith á leagan ar cheol atá cumtha ag mná, á léiriú in ionaid chluthair agus atmaisféaracha.
Beidh neart imeachtaí ealaíon ionchuimsitheacha ar siúl freisin a bheidh dírithe ar theaghlaigh i mí an Mhárta. Cuirfidh Féile Leanaí Bhéal Feirste rogha spraíúil den amharclannaíochta, damhsa, ceardlanna agus eispéiris chruthaitheacha ar fáil don lucht spéise níos óige. I mBaile Átha Cliath, tacaíonn Féile Ealaíon Disrupt Disability le healaíontóirí faoi mhíchumas agus le cleachtas cruthaitheach ionchuimsitheach ar fud ardáin éagsúla, ag cur le hinfheictheacht agus rochtain laistigh d’earnáil an chultúir. Cuirfidh an Ceoláras Náisiúnta Drawing from the Well: The Breandán Breathnach Collection i láthair, ceiliúradh cumhachtach ar an mbailitheoir mór le rá a raibh tionchar ag a chuid oibre ar thírdhreach cheol traidisiúnta na hÉireann, a ndearna ceoltóirí comhaimseartha mór le rá leagan úr de.
Tá RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona tiomanta do thacú le healaíontóirí, lucht féachana agus éisteachta agus eagraíochtaí cultúir ar fud na tíre, chun cuidiú le cúrsaí ealaíon a scaipeadh chuig pobail níos leithne. Léiríonn clár leathan mhí an Mhárta neart, samhlaíocht agus éagsúlacht earnáil chruthaitheach na hÉireann, agus is ábhar mórtais do RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona cuidiú leis na heispéiris chultúir seo a chur chun cinn ar fud na tíre.
I mí Márta na bliana seo, tá RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona ag iarraidh ortsa tú féin a thumadh sa timpeallacht bhríomhar chultúir atá againn in Éirinn. Tá tuilleadh eolais le fáil ar rte.ie/culture
Imeachtaí a bhfuil RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona ag tacú leo i mí an Mhárta:
Ainm an Imeachta Ionad Láithreán Gréasáin
Sraith Wigmore i mBaile Átha
Cliath Baile Átha Cliath www.riam.ie/whats-on
Féile Chlub Leabhar na hInse An Clár https://ennisbookclubfestival.com/
Féile Litríochta Luimnigh Luimneach https://limerickliteraryfestival.com
Fool For Love le Sam Shepard Baile Átha Cliath www.thecomplex.ie
Féile Leanaí Bhéal Feirste Béal Feirste https://youngatart.co.uk/belfast-childrens-festival/
Féile Snagcheoil Chill Dara Cill Dara www.riverbank.ie
Féile Idirnáisiúnta Scannán
Fresh Baile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh, Gaillimh, Béal Feirste www.freshfilm.ie
Eureka Day Baile Átha Cliath https://gatetheatre.ie/production/eureka-day-2026/
Poor le Katriona O’Sullivan Baile Átha Cliath https://gatetheatre.ie/production/poor-2026/
Limerick Early Music Festival
2026: Masks and Masques Luimneach www.limerickearlymusic.com
EMPOWER 2026 at RIAM – Let
the Music Lead! Baile Átha Cliath https://www.empowerwomenchangingmusic.com/
Féile Finding a Voice 2026 Tiobraid Árann www.findingavoice.ie
Féile Ealaíon Disrupt Disability Baile Átha Cliath https://www.disruptfestival.ie/
Drawing from the Well: The
Breandán Breathnach
Collection Baile Átha Cliath https://www.nch.ie/all-events-listing/drawing-from-the-well-mar26/
Féile Scannán don Óige First
Cut Corcaigh https://firstcutfilmfestival.com/
Ceolchoirmeacha Naomh
Pádraig Baile Átha Cliath www.nch.ie
Féile Lá Fhéile Pádraig Baile Átha Cliath www.stpatricksfestival.ie
Féile Litríochta Franco-
Éireannach Baile Átha Cliath http://francoirishliteraryfestival.com/
10ú Féile Scannán na hÁise
Theas in Éirinn Baile Átha Cliath, Gaillimh, Corcaigh www.eaffi.ie
Rusalka Dvořák Baile Átha Cliath https://www.irishnationalopera.ie/whats-on/current-upco