Spry Finance chun an urraíocht a dhéanann siad ar “Marty In The Morning” ar RTÉ lyric fm a athnuachan don cheathrú bliain
Tá sé fógartha ag Díolachán Meán RTÉ go bhfuil an urraíocht a dhéanann Spry Finance ar Marty in The Morning ar RTÉ lyric fm, ó Luan go hAoine ó 7am go 10am, athnuaite acu.
Áireofar san urraíocht 12 mhí ar RTÉ lyric fm a shocraigh an ghníomhaireacht Javelin stoingí 7 x 10 soicind in aghaidh an chláir ar a luafar an t-urraitheoir, blaisíní tras-stáisiún ar a luafar an t-urraitheoir, chomh maith le hurraíocht ar phodchraoltaí agus ar an leathanach baile.
Tá athnuachan na hurraíochta ag tarlú tráth a bhfuil toradh iontach faighte ag Marty in The Morning sa Chomhthaighde Náisiúnta ar Lucht Éisteachta (CNLÉ) is déanaí. D’éirigh leis an gclár an lucht éisteachta is airde a riamh a bhaint amach – is é sin 77,000 éisteoir le dhá mhí dhéag anuas – agus tá an clár anois ar an gclár is mó a bhfuil lucht éisteachta aige ar RTÉ lyric fm.
Is éard a dúirt Ailish McGlew, Ceann Margaíochta i Spry Finance, “Tá ríméad orainn i Spry Finance a fhógairt go bhfuilimid ag leanúint dár n-urraíocht raidió le Marty Whelan ar RTÉ lyric fm anois don cheathrú bliain.
Oireann croíúlacht, mealltacht agus dearfacht sho-aitheanta Marty go foirfe do Spry Finance. Téann a chlár i bhfeidhm go mór ar ár lucht éisteachta, ar éisteoirí dílse agus paiseanta iad go leor acu a chuireann tús lena gcuid maidineacha le ceol, scéalta agus gáire Marty. In Éirinn, ní torann cúlra amháin atá sa raidió – is cuid den saol laethúil atá ann.
Is breá linn an comhluadar a bhaineann leis, an compord a thugtar leis, agus an pobal a chruthaítear leis. Maidir lenár gcustaiméirí go háirithe, is breá an comhluadar i gcónaí é an raidió: tá sé aitheanta, is féidir brath air, agus bíonn sé ann i gcónaí.
Táimid bródúil as bheith ag tacú le Marty agus fás agus forbairt ag teacht ar a lucht éisteachta, agus tá ríméad orainn bliain iontach eile a chaitheamh ina theannta. Seo chugainn an ceathrú bliain… agus gura fada buan é!”
Is éard a dúirt Roisin Shaw, Stiúrthóir na gCuntas in Javelin, “Tá ríméad ar Javelin leanúint d’urraíocht a dhéanamh ar Marty in the Morning ar RTÉ lyric fm thar ceann ár gcliaint, Spry Finance. Baineann an chomhpháirtíocht seo le ceangal a dhéanamh le pobal a bhfuil meas acu ar mhuinín agus a bhfuil cíocras chun na beatha acu, cáilíochtaí atá ag Spry Finance agus Marty
in the Morning araon. Léiríonn an eisiúint JNLR is déanaí gur tháinig ardú suntasach ar an lucht éisteachta. Tugann an fás seo deis níos fearr fós do Spry Finance teagmháil a dhéanamh le héisteoirí atá ag lorg comhairle airgeadais ar féidir brath uirthi, rud a dhéanann ardán níos luachmhaire den chomhpháirtíocht do Spry Finance.”
Is éard a dúirt Tara Farrell, Bainisteoir Urraíochta – Raidió RTÉ, “Tá an fás leanúnach atá ar lucht éisteachta lyric fm an-tarraingteach d’urraitheoirí nua agus do na hurraitheoirí atá ag tabhairt urraíochta cheana. Is é Spry Finance an t-urraitheoir is faide ag lyric fm anois agus táimid ag súil go mór leis an gceathrú téarma urraíochta agus a thiocfaidh i gceist leis.”
Teideal íomhá: Sa phictiúr ó chlé go deas tá Marty Whelan, Roisin Shaw, Ailish McGlew
*Foinse: JNLR
-Críoch-