Fógraíodh CMAT ina buaiteoir ar Albam Éireannach na Bliana 2025 Dhuais Rogha Ceoil RTÉ dá halbam EURO-COUNTRY
Ceiliúradh á Dhéanamh ar 21 Bhliain de Dhuais Rogha Ceoil RTÉ
Duais Rogha Ceoil RTÉ
I gcomhar le IMRO agus IRMA
Albam Éireannach na Bliana 2025 Dhuais Rogha Ceoil RTÉ
CMAT – EURO-COUNTRY
Amhrán Éireannach na Bliana 2025 Dhuais Rogha Ceoil RTÉ
Amble – “Schoolyard Days”
Amhránaí Éireannach na Bliana 2025
CMAT
Amhránaí Éireannach Ceannródaíoch na Bliana 2025
AMBLE
Albam Clasaiceach na hÉireann
The Táin le Horslips
Fógraíodh CMAT ina buaiteoir ar Albam Éireannach na Bliana 2025 Dhuais Rogha Ceoil RTÉ dá halbam EURO-COUNTRY. Ba é Barry Devlin ó Horslips a rinne an fógra i Sráid an Bhiocáire i ndiaidh don phainéal moltóireachta, ar a raibh daoine gairmiúla ó mheáin chumarsáide an cheoil, agus a bhí faoi chathaoirleacht Jim Carroll, teacht le chéile anocht chun an t-albam buacach a chinneadh.
Fuair CMAT seic €10,000, duais arna chur ar fáil ag Eagraíocht Chearta Ceoil na hÉireann (IMRO) agus Cumann Ceoil Taifeadta na hÉireann (IRMA), chomh maith le gradam a coimisiúnaíodh go speisialta.
Bhí an t-imeacht, arna óstáil ag Tracy Clifford ó RTÉ 2FM, ar siúl i Sráid an Bhiocáire agus á chraoladh beo ar 2FM le Beta Da Silva, agus bhí taibhléirithe eisiacha ann ó sheisear de na ceoltóirí a bhí ainmnithe.
Vótáladh Amble ina mbuaiteoirí ar Amhrán Éireannach na Bliana 2025 Dhuais Rogha Ceoil RTÉ dá n-amhrán “Schoolyard Days”. Roghnaíodh an t-amhrán as gearrliosta 10 n-amhrán trí vóta an phobail (Éire amháin), trí shuíomhanna gréasáin RTÉ 2FM agus Dhuais Rogha Ceoil RTÉ, agus d’fhógair Tracy Clifford an buaiteoir ar a clár tráthnóna inniu.
Ba iad Amble buaiteoirí Amhránaí Éireannach Ceannródaíoch na Bliana freisin, agus ba é DJ Próvaí as KNEECAP a bhronn an duais orthu.
Bhronn Beta Da Silva, 2FM Amhránaí Éireannach na Bliana ar CMAT.
Chuir Louise Duffy, RTÉ Radio 1, fáilte roimh Barry Devlin, Eamon Carr agus Jim Lockhart ar an stáitse chun gradam Horslips’ a fháil d’Albam Clasaiceach na hÉireann dá gceirnín fadseinnte 1973 The Táin.
Gearrliosta Albam na Bliana 2025
Amble – Reverie
Bricknasty – Black’s Law
Joshua Burnside – Teeth of Time
CMAT – EURO-COUNTRY
Dove Ellis – Blizzard
Junior Brother – The End
Just Mustard – WE WERE JUST HERE
pôt-pot – Warsaw 480km
Maria Somerville – Luster
SPRINTS – All That Is Over
————————————————————————————————————————–
Déanfar ceiliúradh arís ar an scoth de cheol taifeadta na hÉireann ag an 21ú bliain de Dhuais Rogha Ceoil RTÉ. Tá an duais, a cuireadh ar bun sa bhliain 2005, ar cheann de bhuaicphointí na bliana i dtionscal an cheoil in Éirinn faoin tráth seo. Déanfaidh painéal ar a bhfuil aon duine dhéag de dhaoine gairmiúla maidir le meáin chumarsáide an cheoil agus de shaineolaithe ar an tionscal Albam Éireannach na Bliana a roghnú ó ghearrliosta ar a bhfuil deich gcinn d’albaim. Tá liosta de na moltóirí le fáil ar http://www.choicemusicprize.ie
Gheobhaidh buaiteoir Albam na Bliana €10,000, duaischiste atá curtha ar fáil ag Eagraíocht um Chearta Ceoil na hÉireann (IMRO) agus Cumann um Cheol Taifeadta na hÉireann (IRMA). Gheobhaidh gach ceoltóir agus grúpa a bhainfidh áit amach ar an ngearrliosta gradam a coimisiúnaíodh go speisialta.
Is páirtnéirí oifigiúla maidir le Duais Rogha Ceoil RTÉ iad RAAP, Cultúr Éireann, First Music Contact, Minding Creative Minds, Cultural & Creative Industries Skillnet agus Coimisiún na Meán.
CRÍOCH