Is breá le Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ a fhógairt go bhfuil Barry Lenihan, atá ina thuairisceoir le RTÉ Radio 1, ceaptha ina Chomhfhreagraí Polaitíochta.
Tá tuairisceoireacht déanta ag Barry ar fud sceideal RTÉ ó thosaigh sé leis an gcraoltóir sa bhliain 2013, ina intéirneach ar dtús agus ina iriseoir ilmheáin i seomra nuachta RTÉ ina dhiaidh sin.
Ceapadh ina thuairisceoir le RTÉ Radio 1 é an bhliain dár gcionn agus tá tuairisceoireacht déanta aige don stáisiún faoi na scéalta móra polaitíochta ar fad le deich mbliana anuas. Tá tuairisceoireacht déanta aige freisin as Westminster ar scéalta móra maidir le polaitíocht na Breataine chomh maith le craoladh beo as an Róimh maidir le toghadh an Phápa Leo sa bhliain 2025.
Bhí Barry le háireamh ar na príomhthuairisceoirí sa tráchtaireacht a rinneadh ar thoghcháin agus ar reifrinn éagsúla ar fud ardáin raidió, teilifíse agus meáin ar líne RTÉ. Is é a chruthaigh (chomh maith le bheith ina chomhláithreoir air) an podchraoladh iomráiteach de chuid RTÉ, Know Your Constituency – treoir maidir le gach ceann de na 43 Dáilcheantar in Olltoghchán 2024.
Bronnadh gradaim éagsúla ar Barry, Gradam Headline 2022 ina measc, maidir le hábhar Sláinte Meabhrach ar na meáin chumarsáide mar gheall ar a chuid tuairiscí faoi scannal na Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh i gCiarraí. Bronnadh Gradam ‘Tuairisceoir Nuachta na Bliana’ air ag Gradaim Raidió IMRO sa bhliain 2024. Tugadh aitheantas ag Gradaim Raidió IMRO freisin dá chuid iriseoireachta faoi chaitheamh Aidan McAnespie sa bhliain 1988 chomh maith lena chuid tuairiscí faoi lucht leanúna na hÉireann ag Euro 2016.
Chuir Barry cláir raidió i láthair ar RTÉ Radio 1 roimhe seo, ina measc This Week, Drivetime, ‘Saturday with…’ agus The Late Debate, an clár faoi chúrsaí polaitíochta i sceideal na hóiche. Bhí sé ina chomhláithreoir freisin ar phodchraoladh speisialta cothrom 50 bliain tar éis bhuamaí Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin.
Tá céim BA san Iriseoireacht aige ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Deir Barry, ag trácht ar an gceapachán: “Táim ag tnúth go mór le ceangal le hAonad Polaitíochta RTÉ agus le tosú ag obair leis an meitheal iontach oibre ansin ag freastal ar an lucht éisteachta agus féachana ar fud na meán craoltóireachta agus na meán digiteach. Is maith a thuigim go bhfuilim ag teacht i gcomharbacht ar dhaoine iontacha a bhí sa phost seo le blianta anuas agus is mór an onóir domsa a bheith ag tabhairt faoi.”
Rachaidh Barry i mbun an chúraim nua i rith na míosa seo.