Do dhaoine ar breá leo ainmhithe, beidh The Shelter: Animal SOS ar ais don séú sraith
Dé hAoine an 8 Bealtaine ar RTÉ One agus RTÉ Player
Seo chugaibh foireann an NSPCA a thugann aire agus cosaint d’ainmhithe atá i ngátar sa tsraith sé chlár seo
Beidh an tsraith faireacháin sé chlár The Shelter: Animal SOS ar ais ar an scáileán Dé hAoine an 8 Bealtaine ag 8pm ar RTÉ One agus RTÉ Player don séú séasúr. Tugtar léargas ar an obair iontach a dhéanann an carthanas ainmhithe is mó in Éirinn, an NSPCA, sa seó.
Is é an NSPCA an t-aon charthanas ainmhithe in Éirinn a bhfuil foireann tréidlianna ag obair go lánaimseartha aige. Tagann ainmhithe de gach cineál, méid agus riocht sláinte chuig a gceannáras i mbunchnoic Bhaile Átha Cliath, ar ainmhithe iad a dteastaíonn cúram, scíth agus téarnamh uathu.
Caitheadh bliain i mbun scannánaíochta ar an tsraith seo ina dtugtar léargas don lucht féachana ar an méid a dtéann roinnt de na hainmhithe in Éirinn a dteastaíonn cúnamh uathu tríd, ón uair a dtugtar slán iad, fad a bhíonn siad ag teacht chucu féin nó go bhfaigheann siad a mbaile nua féin. Is léir ón tsraith seo na hiarrachtaí dochreidte a dhéanann an fhoireann agus na hoibrithe deonacha díograiseacha feadh an bhealaigh.
Is éard a dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an NSPCA, Patt Watt: “Is ábhar mórtais don Chumann Náisiúnta um Fhóirithint ar Ainmhithe a chuid doirse a oscailt athuair i gcomhair clár RTÉ The Shelter: Animal SOS. Beidh daoine ábalta an obair ríthábhachtach a dhéantar gach lá chun ainmhithe a chosaint agus chun baile nua a fháil dóibh ar fud na hÉireann a fheiceáil sa tsraith seo. Trí léiriú taobh thiar den cheamara a thabhairt don lucht féachana, is bealach iontach é chun aithne a chur ar an bhfoireann agus ar na hoibrithe deonacha díograiseacha, agus, b’fhéidir an rud is tábhachtaí, – teacht aniar na n-ainmhithe iad féin a thaispeáint. Tá súil againn go spreagfar an lucht féachana ní hamháin leis na scéalta a gcuirtear béim orthu sa tsraith a leanúint, ach foghlaim faoi na bealaí ar féidir leo tacú le leas ainmhithe, ar nós uchtú agus a bheith ina n-úinéirí peataí freagracha.”
Is éard a dúirt Príomhchigire Leasa Ainmhithe an NSPCA, Fiona Conlon: “Tá lúcháir orm go bhfuil an clár ar ais ar na scáileáin. Tugann sé léargas ar leith don phobal ar thuras gach ainmhí: iad á dtabhairt slán, iad ag teacht chucu féin, agus ar deireadh, iad ag fáil a mbaile bhuain féin. Feiceann tú go soiléir an díograis, an saineolas agus an grá a bhaineann le gach cás ina dtugtar ainmhí slán. Molaimid go mór an tacaíocht a thugann RTÉ dár gcarthanas leasa ainmhithe. Trí bhéim a chur ar na dúshláin a bhíonn roimh ainmhithe, táthar ag cabhrú le comhrá náisiúnta a spreagadh. Is iarracht comhroinnte é caighdeáin leasa a fheabhsú, agus táimid buíoch go bhfuil sibh linn.”
Clár a haon:
Sa chéad chlár den tsraith, tabharfaidh an Príomhchigire Leasa Ainmhithe, Fiona Conlon, Lurcher, Chenzi agus a cuid coileáin a bhfuil drochbhail orthu ar fad, isteach chun cúram sláinte a fháil ón bhfoireann tréidlianna. Tabharfaidh an cúntóir cúraim Ingrid isteach sa rannóg ina dtugtar ainmhithe chucu féin iad, áit a bhfaighidh siad an cúram atá ag teastáil uathu. Níos déanaí sa chlár, casfaimid le Pip, sí-abhabha fuinniúil, a dtiteann an t-oibrí deonach Deirdre i ngrá leis. Casfaimid freisin le cat darb ainm Afrikaans, ainm atá roghnaithe ag an oibrí NSPCA Elaine as an Afraic Theas. Tarraingíonn an t-ainm neamhghnách aird Tendai, as an Afraic Theas freisin. Meas tú an bhfuil a baile nua faighte ag Afrikaans?
-CRÍOCH-
Jade Carpenter, RTÉ Ceannaire Cumarsáide