Buaiteoir Super Garden 2026 Fógartha
Gan é ach 20 bliain d’aois, tá Sean Melia as Cnoc an Línsigh, Co. na Mí fógartha ina bhuaiteoir ar Super Garden 2026. Is é Sean an t-iomaitheoir agus an buaiteoir is óige riamh sa chomórtas. Craoladh clár deireanach na sraithe Super Garden anocht, Déardaoin an 28 Bealtaine 2026, ar RTÉ One agus RTÉ Player. Is í seo an 17ú sraith de Super Garden, atá urraithe ag Woodie’s agus Dulux Exteriors, a thugann deis do dhearthóirí gairdín dul san iomaíocht lena ngairdín a thaispeáint ag Bloom Bhord Bia, príomhfhéile gharraíodóireachta agus bhia na hÉireann, atá ar bun i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh dheireadh seachtaine saoire bainc an Mheithimh.
Tá Sean ag déanamh mar a rinne deich nglúin de gharraíodóirí ina theaghlach roimhe agus é i mbun printíseachta gairneoireachta i nGarraithe Náisiúnta na Lus. Go deimhin, ghlac a athair Dermot páirt in Super Garden in 2020 agus chruthaigh sé gairdín iontach, ach níor éirigh leis dul chomh fada le Bloom.
Bhain Sean an phríomhdhuais amach dá mhuintir i mbliana. Chruthaigh sé gairdín comhaimseartha dar teideal “Urban Jungle”, inar bhain sé leas as dathanna láidre agus spásanna ardaithe chun cruth a chur ar bhalla ard coincréite dúshlánach, agus chuaigh an méid a d’éirigh leis a bhaint amach laistigh de thrí seachtaine i bhfeidhm go mór ar na moltóirí. Agus é ina bhuaiteoir, cuirfidh Sean a ghairdín ar taispeáint ag Bloom Bhord Bia.
Ag labhairt dó ar an mbua, dúirt Sean: “Ní chreidim gur tharla sé, ní airím fós go bhfuil sé fíor.”
Ba é Millrace, forbairt tithíochta sóisialta nua de chuid Chomhairle Contae na Mí, atá lonnaithe i gCill Dhéagláin, Co. na Mí suíomh Super Garden na bliana seo.
Rinneadh gairdíní chúig theaghlach, a bhí díreach tar éis bogadh isteach ina dtithe nua, a athrú ó bhonn don chomórtas. Chuir gach dearthóir gairdín a ngairdín in oiriúint chun freastal ar riachtanais na dteaghlach.
Mhol Kerrie Gardiner, an Bainisteoir Gairdíní Taispeántais do Bloom Bhord Bia agus Príomh-mholtóir Super Garden, gairdín Sean agus a chur chuige: “Tá sé thar cionn amach is amach gur éirigh le Sean, gan é ach 20 bliain d’aois, gairdín dá leithéid a chruthú leis an méid sin pointí teagmhála iontacha.”
Ba iad na gairdíní eile a bhí le feiceáil i Sraith 17 de Super Garden ná “All Seasons” le Eoighan Mountaine Barry, “Irish Landscape” le Janani Rajkumar, “Bear’s Wild Corner” le Emily Moorcroft, agus “Green Man Sanctuary” le Adrian Bolton. Tá gach clár i Sraith 17 de Super Garden ag sruthú anois ar RTÉ Player.
-CRÍOCH-