Cuirfidh RTÉ gach nóiméad de Chorn Domhanda FIFA is mó riamh ar fáil do lucht leanúna na hÉireann
Tá sé deimhnithe ag RTÉ go mbeidh clúdach ilchainéil saorchraolta ar fáil den chomórtas leathnaithe le gnéithe digiteacha feabhsaithe agus fillfidh Total Football don lucht féachana óg chomh maith.
Sruthaigh na 104 gcluiche ar fad ar RTÉ Player
Éist le Inside Sport FIFA World Cup Special á chraoladh anocht ag 6pm ar RTÉ Radio 1
Thug RTÉ a chlúdach leathan saorchraolta de Chorn Domhanda FIFA le fios inniu, ionas go mbeidh lucht spéise na hÉireann in ann sásamh a bhaint as gach nóiméad den aicsean ó na náisiúin atá á óstáil, SAM, Ceanada agus Meicsiceo. Is é Corn Domhanda FIFA 2026 an turnaimint is mó i stair an chomórtais ina mbeidh 104 cluiche, an líon is mó riamh, 48 tír san iomaíocht, agus trí thír á óstáil den chéad uair riamh. Mar chraoltóir oifigiúil na hÉireann, beidh RTÉ ann do gach uile chic an chomórtais!
Seolfaidh Inside Sport ar RTÉ Radio 1 sceideal RTÉ do Chorn Domhanda FIFA inniu, chun an clúdach is leithne fós ar ardáin teilifíse, raidió agus dhigiteacha a chur in iúl don phobal. I measc na ndaoine a bheidh páirteach sa phlé, beidh Ray Houghton, Áine O’Gorman, Darragh Maloney, Alan Cawley agus Paul Corry, agus tabharfar blaisín ar an gcomórtas sa gclár trí dhearcthaí éagsúla, ó na teaicticí, foirne atá ag teacht chun cinn go dtí na feistis is fearr!
Cuirfidh RTÉ clúdach ilchainéil saorchraolta ar fáil le cluichí iomlána, buaicphointí agus tráchtaireacht den chéad scoth ar RTÉ2, RTÉ Player, RTÉ News, RTÉ Online, RTÉ Radio 1 agus cainéil meán sóisialta i gcaitheamh an tsamhraidh mór spóirt seo. Is féidir leis an lucht leanúna a bheith ag tnúth le léargas ar leith de chuid na hÉireann ar an ardán spóirt is mó ar domhan, agus feicfear daoine iomráiteacha, glórtha muiníneacha agus anailís saineolaithe ó thús go deireadh.
Is éard a dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spórt RTÉ: “Tá an Corn Domhanda seo difriúil ó aon rud atá feicthe againn cheana, ní hamháin mar gheall ar chomh mór is atá sé ach mar gheall ar an gcaoi a dtaitheoidh an lucht leanúna é. Agus cluichí ar bun sna tíortha óstaigh éagsúla agus an líon is mó foirne riamh i gceist, beidh an lucht leanúna ábalta gach a bheidh ag tarlú sna hamchriosanna éagsúla a leanúint ar luas dochreidte. Is é sin an chúis go bhfuil tábhacht chomh mór lenár gcur chuige ilchainéil. Cibé más ag féachaint beo ar RTÉ2, á shruthú ar RTÉ Player, ag fáil an nuachta is déanaí ar RTÉ News nó ag leanúint an chomhrá ar na hardáin digiteacha a bheifear, táimid ag déanamh cinnte gur féidir leis an lucht leanúna ceangal leis an gcomórtas cibé bealach a fheileann dóibh.”
Beidh clúdach teilifíse RTÉ faoi stiúir seisear láithreoirí agus beidh a sealanna féin ag Joanne Cantwell, Peter Collins, Marie Crowe, Jacqui Hurley, Clare MacNamara agus Tony O’Donoghue ag cur an chláir i láthair. Ina dteannta beidh lear mór anailísithe agus tráchtairí saineolais, lena n-áirítear Shay Given, Ronnie Whelan, Ray Houghton, James McClean, Dietmar Hamann, Áine O’Gorman, Kenny Cunningham, Stephen Kellu, Keith Treacy, Richie Sadlier, Alan Cawley, Kevin Doyle, Niamh Fahey, Des Curran, Darragh Maloney, Adrian Eames, John Kenny agus Cathal Mullaney.
Cuirfidh RTÉ Player gach nóiméad de Chorn Domhanda FIFA ar fáil don lucht leanúna, agus 104 cluiche á sruthú beo, ag tabhairt léargas níos fearr ar an aicsean do lucht leanúna na hÉireann ná riamh cheana. De bharr na gcluichí a bheith ar bun in amchriosanna éagsúla, tabharfaidh RTÉ Player deis don lucht leanúna féachaint ar an gcomórtas le solúbthacht iomlán a chuirfidh buaicphointí, míreanna ó na cluichí agus leathanach tiomnaithe do Bhailiúchán Chorn Domhanda FIFA ar fáil a choinneoidh an lucht leanúna suas chun dáta ar feadh an ama. Beidh tobchainéal Chorn Domhanda FIFA ar fáil i gcaitheamh an chomórtais, ar a gcuirfear sruth leanúnach d’ábhar ar fáil a choinneoidh an lucht leanúna sáite san aicsean, cibé uair a shocraíonn siad féachaint air. Tabharfaidh RTÉ Cork a ndearcadh uathúil féin ar an gcomórtas don lucht leanúna, a bheidh ar fáil ar an gcainéal seo.
Ar RTÉ Radio 1, leanfaidh Marie Crowe agus Jacqui Hurley den imirt ó Mheiriceá Thuaidh a chur ar fáil ar Inside Sport le tuairiscí laethúla le linn an chláir. Cuirfear anailís agus scéalta ón gcomórtas ar fáil ar Saturday Sport agus Sunday Sport chomh maith.
Beidh blag beo ar RTÉ Sport Online chomh maith le tuairisc ar gach cluiche, agus roinnfear na cúil agus na heachtraí móra ar na cainéil meán sóisialta. Ní féidir leat fanacht i do shuí ag féachaint ar an aicsean i rith na hoíche! Fadhb ar bith! Beidh buaicphointí gach cluiche ar shuíomh gréasáin RTÉ agus ar leathanach YouTube Spórt RTÉ, mar sin ní chaillfidh tú faic. Déanfaidh Raf Diallo cláracha breise den RTÉ Soccer Podcast a óstáil, áit a mbeidh tráchtairí RTÉ agus comhthráchtairí as Meiriceá Thuaidh ina theannta, chomh maith le hanailísithe saineolais teilifíse.
Tá RTÉ KIDS i mbun comhpháirtíochta arís leis an FAI don dara sraith de Total Football, a chraolfar mar chuid de chlúdach RTÉ ar Chorn Domhanda FIFA. Ag tosú Dé Máirt an 9 Meitheamh ag 5.30pm ar RTÉ2, leis an tsraith iomlán á cur ar RTÉ Player an lá céanna, tabharfaidh Total Football léargas tarraingteach do dhaoine óga ar gach gné den spórt, le léargais ó mhórimreoirí san áireamh ar nós imreoir na hÉireann i gCorn Domhanda Cape Verde, Roberto “Pico” Lopes, Troy Parrott agus Denise O’Sullivan, chomh maith le cóitseálaithe agus cruthaitheoirí ábhair mór le rá. Fillfidh Aisling O’Reilly, craoltóir a bhfuil gradam buaite aici, ina hóstach agus beidh an réalta YouTube Éireannach, DavidMC, ina teannta, a bheidh i mbun láithreoireacht teilifíse den chéad uair. In éineacht le foireann tuairisceoirí óga, socróidh siad dúshláin d’aíonna speisialta agus do thionchóirí, agus tabharfaidh siad léargas níos fearr ar an aicsean, na himreoirí agus na scéalta ar fad a thugann luach spéise sa sacar don lucht leanúna.
Is é Heineken 0.0 urraitheoir nua craolacháin Chorn Domhanda FIFA 2026 ar RTÉ.
CRÍOCH
Caoilinn Putti, Ceannasaí Cumarsáide, RTÉ
