Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 – An Dáta Fógartha
Beidh Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar siúl Dé Máirt, an 10 Samhain 2026 in Vicar Street, Baile Átha Cliath.
Tá Moya Brennan, Dónal Lunny, Mary Black agus Christy Moore i measc na ndaoine ar bronnadh Gradam Saoil orthu roimhe seo
Beidh an 8ú eagrán de Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar siúl Dé Máirt, an 10 Samhain 2026 in Vicar Street, Baile Átha Cliath agus beidh John Creedon ina fhear an tí arís. Craolfar oíche na nGradam beo ar RTÉ Radio 1 agus ar Aip Raidió RTÉ agus craolfar clár buaicphointí ar theilifís RTÉ.
Is ceiliúradh iad Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar scoth an cheoil tíre in Éirinn le bliain anuas.
Is éard a dúirt Tara Campbell, Ceannasaí RTÉ Radio 1: “Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar ais in Vicar Street i mí na Samhna. Is gné thábhachtach iad na gradaim seo den obair a dhéanaimid chun fónamh do scoth an cheoil tíre agus an cheoil thraidisiúnta in Éirinn agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar a shárshaothrú ar fud RTÉ Radio 1. Os rud é gur i mí Feabhra 2025 a tharla na gradaim roimhe seo, bhí tréimhse níos faide againn chun an oiread sin ceoltóirí iontacha agus an oiread sin ceoil den scoth i seánra an cheoil tíre a mheas, a bhfuil bís orainn faoi. Ar ndóigh, leanfaimid d’aitheantas a thabhairt don dea-thionchar a bhí ag dhá cheoltóir a chur go mór leis an gcultúr le Dámhachtain na Laoch agus leis an nGradam Saoil. Táthar ag tnúth le bheith ar ais in Vicar Street i mí na Samhna le ceiliúradh a dhéanamh ar scoth an cheoil tíre anseo in Éirinn le dhá bliain anuas.”
BUAITEOIRÍ 2025: Tá mioneolas faoi bhuaiteoirí na bliana seo caite ar fáil ar: BUAITEOIRÍ GHRADAIM CEOIL TÍRE RTÉ RADIO 1 – Maidir le RTÉ
SONRAÍ TÁBHACHTACHA MAIDIR LE GRADAIM NA BLIANA 2026
AN TRÉIMHSE CHÁILITHE
Leanann an tréimhse cháilithe don 8ú eagrán de Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ó Dé Luain, an 18 Samhain 2024 go Dé hAoine, an 11 Samhain 2026.
Tá fáilte roimh cheoltóirí, lipéid cheoil, tionscnóirí agus daoine den phobal iarratais lena meas a chur ar aghaidh ar an ríomhphost chuig folkawards@rte.ie. Tugtar chun aire gur moltóirí a roghnaíonn an gearrliosta agus na buaiteoirí agus nach vótáil phoiblí atá i gceist.
CATAGÓIRÍ VÓTÁLA NA MOLTÓIRÍ
Bronntar seacht ngradam gach bliain mar thoradh ar vótaí a chaitheann Moltóirí na nGradam Ceoil Tíre. Is iad sin:
An Traic Ceoil Tíre Nuacheaptha is Fearr
Amhrán nua nó traic ceoil uirlise nua a eisíodh le linn na tréimhse cáilithe.
An Traic Ceoil Tíre Traidisiúnta is Fearr
Taifeadadh de thraic traidisiúnta (amhrán nó ceol uirlise) de cheol tíre traidisiúnta na hÉireann a eisíodh le linn na tréimhse cáilithe.
An tAmhránaí Ceoil Tíre is Fearr
Gradam d’amhránaí ceoil tíre as Éirinn mar aitheantas ar thaifeadadh nó taibhiú den scoth a rinneadh le linn na tréimhse cáilithe.
An Ceoltóir Ceoil Tíre is Fearr atá ag Teacht chun Cinn
Gradam don oirfideach nua (ceoltóir aonair nó grúpa/amhránaíocht nó ceol uirlise) is mó a chuaigh i gcionn ar shaol an cheoil tíre in Éirinn le linn na tréimhse cáilithe.
An Ceoltóir Uirlise Ceoil Tíre is Fearr
Gradam do cheoltóir aonair uirlise nó ball de bhanna a thugann aitheantas do chumas ceoil iontach i dtaifeadadh nó i dtaibhiú le linn na tréimhse cáilithe.
An Grúpa Ceoil Tíre is Fearr
An grúpa ceoil tíre as Éirinn a raibh an tionchar is mó acu le linn na tréimhse cáilithe.
An tAlbam Ceoil Tíre is Fearr
An t-albam ceoil tíre is fearr a eisíodh le linn na tréimhse cáilithe. Níl atheisiúintí ná cnuasaigh san áireamh.
Catagóirí de réir Vótaí an Choiste
Bronntar dhá ghradam gach bliain mar thoradh ar mhachnamh a dhéanann Coiste Stiúrtha na nGradam Ceoil Tíre. Is iad sin:
Gradam Dhámhachtain na Laoch
Gradam a bhronntar ar dhuine nach maireann agus a rinne go leor ar mhaithe le ceol tíre na hÉireann lena linn.
Gradam Saoil
Gradam a bhronntar ar cheoltóir atá fós beo agus a bhfuil go leor déanta acu ar mhaithe le ceol tíre na hÉireann thar thréimhse roinnt blianta.
Cuirfear ticéid ar díol roimh dheireadh na bliana. Fógrófar eolas breise in am trátha.
CRÍOCH
Neil O’Gorman, Bainisteoir Cumarsáide Corparáide, RTÉ