Tá RTÉ Radio 1 ag tabhairt Arena agus Céilí House go Londain do chomóradh 100 bliain RTÉ
Tá RTÉ Radio 1 ag tabhairt Arena agus Céilí House go Londain do chomóradh 100 bliain RTÉ Díreoidh na cláracha speisialta seo ar cheangal RTÉ le diaspóra na hÉireann
Tá sraith bliana de chraoltaí, tionscadail agus léirithe speisialta beartaithe ag RTÉ i mbliana le comóradh a dhéanamh ar 100 bliain den chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn. Déanfar ceiliúradh ar an stair agus, san am céanna, caithfear súil chun cinn ar an méid atá i ndán do na meáin seirbhíse poiblí. Mar chuid de RTÉ100, beidh Arena agus Céilí House i Londain an tseachtain seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar na ceangail chultúir atá ag pobail na hÉireann lena chéile. Bíonn nasc láidir fós ag muintir na hÉireann a chónaíonn thar lear le cultúr na hÉireann, go háirithe leis na healaíona agus leis an gceol. Beidh Arena á chraoladh beo as Ambasáid na hÉireann i Londain Déardaoin an 11 Meitheamh. Á óstáil ag Rick O’Shea, beidh neart comhráite le haíonna den scoth mar chuid den chlár speisialta Arena seo, Graham Norton; an scríbhneoir Martina Evans; an file Ian Duhig; agus an ceoltóir, scríbhneoir amhrán agus léiritheoir Bernard Butler ina measc. Beidh ceol beo den scoth mar chuid de chomh maith, mar cheiliúradh ar na ceangail chultúir atá idir muintir na hÉireann i Londain agus ar fud na Ríochta Aontaithe.
Beidh Céilí House á thaifeadadh Dé Céadaoin an 10 Meitheamh ag 4pm agus á chraoladh ar RTÉ Radio 1 Dé Sathairn an 11 Iúil. Beidh ceoltóirí traidisiúnta Éireannacha den scoth ar an gclár seo, lena n-áirítear Mick O’Connor ar an mbainseó, an t-amhránaí ar an sean-nós, Jackie Quirke, Karen Ryan ar an bhfidil, Colman Connolly ar an bpíb uilleann, agus go leor eile. Taifeadfar an dara clár de Céilí House os comhair lucht spéise beo in Ionad na nÉireannach i Londain in Camden tráthnóna Dé Céadaoin ag 7.30pm, lena dtabharfar léargas ar stair cheol traidisiúnta na hÉireann i Londain, agus lena gcaithfear súil ar an mborradh atá tagtha ar shaol bríomhar cheol traidisiúnta na linne seo agus ar an gcaoi a bhfuil sé fós ag teacht chun cinn ann. Beidh cuid de na ceoltóirí traidisiúnta Éireannacha is fearr i Londain páirteach sna cláracha, lena n-áirítear The London Lasses agus Pete Quinn, chomh maith leis an amhránaí ar an sean-nós Fionn Ó hAlmhain agus go leor eile, agus is taifead pearsanta de Céilí House a bheidh á chraoladh ar RTÉ Radio 1 Dé Sathairn seo, an 13 Meitheamh.
Ag labhairt di faoi RTÉ100 i Londain, dúirt Stiúrthóir Fuaime RTÉ, Patricia Monaghan: “Tá ríméad orainn Arena agus Céilí House a thabhairt chomh fada le Londain mar chuid dár gclár RTÉ100. Déanfaidh na craoltaí seo ceiliúradh ar chultúr na hÉireann i Londain agus ar shaol cheoil thraidisiúnta na hÉireann atá faoi bhláth ann. Léireofar ceangal RTÉ le diaspóra na hÉireann i Londain agus níos faide i gcéin iontu chomh maith agus muid ag ceiliúradh 100 bliain.” Idir scéalta ón am atá caite agus taifid fuaime den am i láthair, cuirfidh na cláracha seo taifead cultúrtha ar fáil de shaol cheol traidisiúnta na hÉireann le céad bliain anuas. Leanfar de chlár saincheaptha ábhair a chur i láthair ar sheirbhísí ar fad RTÉ i mbliana chun an céad bliain seo caite a cheiliúradh, as seo go deireadh na bliana, chomh maith le ceolchoirmeacha speisialta ó Cheolfhoireann Coirme RTÉ. -CRÍOCH- Dáta: An 9 Meitheamh 2026 Breis eolais le fáil ó: Kate Smyth, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ: kate.smyth@rte.ie | 0873451578 Is féidir íomhánna a fháil anseo.
Nótaí don Eagarthóir: Craolfar Arena ó Luan go hAoine ar RTÉ Radio 1 ag 7pm, ina dtabharfaidh an láithreoir Rick O’Shea na scéalta is déanaí dúinn maidir leis na healaíona, leis an gcultúr, agus le siamsaíocht. Craolfar Céilí House ar RTÉ Radio 1 gach oíche Sathairn, le Tristan Rosenstock ag taisteal fud fad na hÉireann agus níos faide i gcéin sa tóir ar an gceol traidisiúnta