BRONNADH DHEONTAIS AN RTÉ TOY SHOW APPEAL 2026 FÓGARTHA AG RTÉ AGUS AG FONDÚIREACHT PHOBAIL NA hÉIREANN
BRONNADH DHEONTAIS AN RTÉ TOY SHOW APPEAL 2026
FÓGARTHA AG RTÉ AGUS AG FONDÚIREACHT PHOBAIL NA hÉIREANN
Tá breis is €31 milliún bailithe ag Toy Show Appeal RTÉ ó bunaíodh é in 2020
173 deontas chun dul chun leasa breis is milliún leanbh agus a ndaoine muinteartha ar fud oileán na hÉireann
Is féidir liosta iomlán de na deontais a fháil anseo:
RTE-Toy-Show-Appeal-2026-Full-List-of-Grantees.pdf
Beidh leas á bhaint ag breis is milliún leanbh agus a ndaoine muinteartha as an €4.7 milliún deontas is deireanaí ón RTÉ Toy Show Appeal a fógraíodh inniu.
Tá 173 deontas ón achainí á ndeimhniú ag RTÉ agus ag Fondúireacht Phobail na hÉireann, a chuirfidh athrú ó bhonn ar shaol leanaí fud fad na tíre, ar bhealaí difriúla agus nuálacha. Beifear ábalta é sin a dhéanamh mar gheall ar fhlaithiúlacht mhór lucht féachana RTÉ ar an Late Late Toy Show i mí na Nollag seo caite.
Go dtí seo, tá os cionn €31 milliún bailithe ag an Toy Show Appeal do charthanais Éireannacha ó cuireadh tús leis sé bliana ó shin.
Sheol an marcach Rachael Blackmore Toy Show Appeal 2025 RTÉ mí na Samhna seo caite. Thug Rachael an Jack de Bromhead Equine Centre in ChildVision ar aird, tionscadal atá gar dá croí agus a fhaigheann tacaíocht ón Achainí.
Is éard a dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst: “Táimid go léir in RTÉ thar a bheith tógtha le Toy Show Appeal RTÉ, agus táimid an-bhuíoch as flaithiúlacht leanúnach lucht féachana an Late Late Toy Show. Déanann a gcuid tacaíochta difríocht i ndáiríre do leanaí agus do theaghlaigh ar fud oileán na hÉireann agus cuireann athrú ó bhonn ar shaol na mílte leanbh bliain i ndiaidh bliana, ar nós iad siúd ar chas mé leo san Ionad Siondróm Down an tseachtain seo caite.”

Tá sé fógartha inniu freisin ag an RTÉ Toy Show Appeal agus ag Fondúireacht Phobail na hÉireann go bhfuil na trí charthanacht seo a leanas chun deontais a chuirfidh athrú ollmhór orthu a fháil, deontais ar fiú €140,000 an ceann iad.
Is iad sin:
ARC Cancer Support
Cuireann ARC Cancer Support tacaíocht agus comhairleoireacht trámathreoraithe ar fáil do leanaí, do dhéagóirí agus dá gcuid teaghlaigh a bhfuil tionchar ollmhór ag an ailse orthu, rud a chuireann uirlisí ar fáil dóibh chun dul i ngleic le heagla, brón agus imní.
Community Law & Mediation
Is ionad dlí atá dírithe ar an bpobal atá sa Community Law & Mediation, a bunaíodh in 1975. Cuireann Community Law & Mediation comhairle dlí, seirbhísí idirghabhála agus oideachais ar fáil do phobail a n-imríonn eisiamh sóisialta, míbhuntáiste agus éagothroime tionchar orthu. Leis an deontas seo, tá sé i gceist acu seirbhís dlí tiomanta a bhunú do leanaí agus do dhaoine óga.
An Tionscnamh Luathfhoghlama
Cuireann an Tionscnamh Luathfhoghlama i gColáiste Náisiúnta na hÉireann (NCI) cláir oideachais, luath-idirghabhála, agus rannpháirtíochta teaghlaigh ar fáil. Tá an tionscnamh dírithe den chuid is mó ar Lárchathair Bhaile Átha Cliath, agus cumhachtaíonn sé tuismitheoirí i bpobail atá ar an imeall trí fhoghlaim samhaltaithe trí ghníomhaíochtaí spraoi. Déanfaidh an deontas bunathraitheach seo maoiniú ar thionscadal a bhfuil sé mar aidhm leis creat náisiúnta scálaithe Parenting365, bunaithe ar fhianaise a fhorbairt, samhail idirghabhála luath chuimsitheach do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu agus dá dteaghlaigh.
Déanfaidh ár gcomhpháirtí carthanais, Fondúireacht Phobail na hÉireann, a bhainistíonn an próiseas deontais thar ceann RTÉ agus a lucht féachana, an chuid eile de na tabhartais a roinnt ar 170 carthanacht eile ar fud oileán na hÉireann. Tá eagraíochtaí ar nós Oscar’s Kids Ireland, Hygiene Hub, Cumann Cúraim Altrama na hÉireann, Diostróife Mhatánach Éireann agus an Irish Aerial Creation Centre i measc na gcarthanais a fhaigheann cúnamh.
Dúirt Moninne Griffith, Stiúrthóir Tionchar Sóisialta i bhFondúireacht Phobail na hÉireann:
“Is onóir agus freagracht mhór araon atá i bhflaithiúlacht an lucht féachana a chur ag obair ionas go ndéanfaidh sé maith do shaol leanaí agus a dteaghlaigh. Bainimid úsáid sa bhFondúireacht Phobail as an eolas agus as an léargas atá bailithe le chéile againn le 25 bliain anuas lena chinntiú go ndéantar gníomhartha éifeachtúla as an bhflaithiúlacht sin ionas go rachaidh sí chun tairbhe do leanaí agus dá dteaghlaigh i ngach páirt den tír gach uile lá. Thar ceann ár gcomhpháirtithe agus thar ceann na leanaí a dtugann siad tacaíocht dóibh agus a n-oibríonn siad leo, táimid thar a bheith buíoch díobh.”
Beidh deontais á bhfáil ag tionscadail agus ag eagraíochtaí áitiúla ar fud na hÉireann chun cuidiú le raon éagsúil riachtanais lena n-áirítear freastal ar riachtanais bhunúsacha ar nós bia agus bunriachtanais, tacaíochtaí míchumais, cruthaitheacht agus spraoi agus tacaíocht mhéala.
Bronnadh £398,000 ar charthanais agus ar eagraíochtaí i dTuaisceart Éireann i mbliana.
CRÍOCH
Dáta: Dé Máirt an 23 Meitheamh 2026
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:
Maureen Catterson, Bainisteoir Cumarsáide RTÉ | maureen.catterson@rte.ie
Audrey Donohue, Ceann Cumarsáide RTÉ | audrey.donohue@rte.ie
Nóta d’Eagarthóirí:
Sna grianghraif tá leanaí ón Ionad Siondróm Down, Áth an Ghainimh, Co. Bhaile Átha Cliath le Stiúrthóir Ginearálta RTÉ Kevin Bakhurst agus Moninne Griffith Stiúrthóir Tionchar Sóisialta i bhFondúireacht Phobail na hÉireann.
Cuirtear deontais an Toy Show Appeal ar fáil faoi thrí phríomhréimse tacaíochta:
Aghaidh a thabhairt ar Riachtanais Riachtanacha chun cabhrú leis na leanaí sin i ngach contae a bhfuil na dúshláin is mó rompu. I measc na dtionscadal tá: tacaíocht teaghlaigh do leanaí ar fud na hÉireann atá i mbaol bochtaineachta bia, teiripe agus comhairleoireacht do leanaí agus do dhaoine óga atá thíos le heaspa dídine, agus saintacaíocht dlí do leanaí sa chóras cúraim.
Díríonn Folláine a Fheabhsú ar thacú le leanaí atá ag maireachtáil le míchumas agus le riocht a chiorraíonn saol duine, le deontais a dhíríonn ar thacaíochtaí sláinte agus míchumais a sholáthar, chomh le seirbhísí folláine mheabhrach agus teiripe.
Cinntítear le deontais Cruthaitheacht agus Spraoi go mbíonn an saol ag leanaí atá imeallaithe agus faoi mhíbhuntáiste lán le spleodar, cruthaitheacht agus spraoi.
Maidir leis an RTÉ Toy Show Appeal
Bunaíodh an RTÉ Toy Show Appeal in 2020 agus tá os cionn €31 milliún bailithe aige do charthanachtaí leanaí go dtí seo. Meastar go gcuidíonn an Achainí le breis is 1 mhilliún leanbh agus a ndaoine muinteartha gach bliain. Tá an RTÉ Toy Show Appeal ann mar Chiste Molta Deontóra leis an gcarthanacht chláraithe, Fondúireacht Phobail na hÉireann (Uimhir Carthanacht Chláraithe: 20044886). Rinneadh measúnú neamhspleách ar iarratais ar dheontais ón RTÉ Toy Show Appeal 2025 tar éis próiseas iarratais oscailte a osclaíodh go luath in 2026.
Maidir le Fondúireacht Phobail na hÉireann
Tá sé mar mhisean ag Fondúireacht Phobail na hÉireann, a deontóirí agus a lucht tacaíochta todhchaí inbhuanaithe níos cothroime a chur ar fáil do dhaoine, d’áit agus don phláinéad. Ón mbliain 2000 i leith, tá an Fhondúireacht ina mol daonchairdiúil, ag obair le 5,000 comhpháirtí deonach, pobail agus carthanachta. Tá sé ina chomhpháirtí carthanachta ag an Toy Show Appeal ó bunaíodh é in 2020.