Clár faisnéise nua Freedom Founder: Thomas McKean and the American Revolution le craoladh ar RTÉ
Léargas úrnua ar an tionchar a bhí ag muintir na hÉireann ar bhunús na Stát Aontaithe.
Dé Luain an 29 Meitheamh ag 9.35pm ar RTÉ One agus RTÉ Player
Le linn sheachtain comórtha 250 bliain ó síníodh Forógra Saoirse Mheiriceá, craolfar clár faisnéise nua, Freedom Founder: Thomas McKean and the American Revolution, ar RTÉ. Is é an t-iarthaidhleoir sna Stáit Aontaithe, David McKean, arb as Dún na nGall agus Aontroim a theaghlach ó dhúchas, a chuirfidh an clár i láthair, agus fiosrófar eisimirce na nAlbanach Ultach go cóilíneachtaí Mheiriceá sna 1700idí agus a dtionchar ar luathbhunú na Stát Aontaithe.
Northern Star Pictures do RTÉ, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Ultaise Scáileán Thuaisceart Éireann a léirigh an clár faisnéise seo, agus fiosraítear saol Thomas McKean sa gclár, príomhphearsa ó Réabhlóid Mheiriceá agus duine de shínitheoirí Fhorógra Saoirse Mheiriceá in Philadelphia in 1776. Feicfear David, ar duine é de shliocht McKean, ar bhóithrín na smaointe in Éirinn, Delaware agus Philadelphia. Rachaidh David ar thuras fionnachtana chun tuiscint níos fearr a fháil ar stair a mhuintire.
Tá suim ar leith ag David san ábhar seo toisc gur oibrigh sé i Roinn Stáit na Stát Aontaithe, go raibh sé ina Cheann Foirne don iar-Rúnaí Stáit, John Kerry, agus go raibh sé ina Ambasadóir na Stát Aontaithe chuig an Lucsamburg. Rachaidh sé go Leitir Ceanainn i gCo. Dhún na nGall, áit ar rugadh meantóir Thomas McKean, Francis Alison. Labhróidh David le saineolaithe éagsúla in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe araon, lena n-áirítear Dan Mulhall, Ambasadóir na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe ó 2017 go 2022; Andrew Holmes, Ollamh Staire Nua-Aimseartha in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; Beth Hessel, Stiúrthóir an Athenaeum in Pennsylvania; an craoltóir Mark Thompson agus tuilleadh nach iad.
Déantar machnamh sa gclár ar Mheiriceá mar a bhí agus mar atá anois, agus tugtar léargas úrnua ar an gcaoi ar chabhraigh muintir na hÉireann leis na Stáit Aontaithe agus iad ag scaradh ó riail na Breataine.
Ag labhairt dó faoin gclár, dúirt David McKean: “Scríobh mé leabhar in 2016 faoi mo shinsear, Thomas McKean, duine de shínitheoirí Fhorógra na Saoirse. Cé go raibh eolas agam ar an ról a bhí aige nuair a bunaíodh Meiriceá, nuair a ghlac mé páirt sa gclár faisnéise Freedom Founder: Thomas McKean and the American Revolution, fuair mé tuiscint níos fearr ar chomhthéacs níos leithne a shaoil.”
“Mac inimircigh ab ea McKean, cuid de rabharta Albanach Ultach a thrasnaigh an tAtlantach sa tóir ar dheiseanna agus ar shaoirse. Nuair a sheasaim ar bhruacha Phort Rois, áit ar thosaigh teaghlaigh cosúil le mo theaghlachsa an turas neamhchinnte, smaoiním ar an gcrógacht a bhí ag teastáil le haghaidh athrú mór den chineál sin. Cé go raibh aistear dian orthu, bhí an-tionchar acu ar shaol cultúir agus polaitíochta na Stát Aontaithe. Táim buíoch as bheith páirteach sa scannán seo.”
Craolfar Freedom Founder: Thomas McKean and the American Revolution Dé Luain an 29 Meitheamh ag 9.35pm ar RTÉ One agus RTÉ Player.
-CRÍOCH-
Kate Smyth, Ceannasaí Cumarsáide, RTÉ